AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.i. Im[th]eachta Dála).

Tá Balor na Súile Nimhe agus an Bhréantais Nimhiúil i ndiaidh agallamh a chur ar an iar-Thaoiseach, Bertie Ó Hernia. Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “ nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla. Tá Michael Lowry faoi iontas ag líon a thacaíochta i dTiobraid Árann agus ag líon na n€uro a chruinnigh sé le hallas a mhalaí féin go dúthrachtach. In ainneoin go maíonn eagarthóir aineolach na liaróige seo a mhalairt, is agallamh eisiach é seo.”

Balor: Míle buíochas leat, a Bhertie, as ucht…

Bertie: Ahem, á.. á… iar-Thaoiseach, le do thoil, a Bhaloir. B’fhearr liom go dtabharfá iar-Thaoiseach orm, le ceannlitir T séimhithe sa lár, mar a mholann Focal.ie. Is iad siúd an dream a thuigeann an tábhacht a bhaineann le teidil agus le ceannlitreacha. Dar ndóigh, mé féin a chuir tús leis an dream sin, agus a chuir an maoiniú ar fáil do Focal.ie agus do Abairt.ie agus do Alt.ie. Bhí mé ar tí Leathanach.ie a sheoladh nuair a tháinig deireadh le mo ré; deireadh le Ré Órga na hÉireann. Áááá, bhuel. Tuigeann muintir na hÉireann anois go raibh siad i bhfad níb fhearr as faoi mo thaoiseacht ná faoi cheannasaíocht … á… á… Ach, ní fá choinne mé féin a chur chun cinn atá mé anseo, a Bhaloir. Fágfaidh mé é sin faoi dhaoine eile. Fágfaidh mé é sin faoi lucht staire. Ní maith liom a bheith ag déanamh gaisce.

Ag Spochadh As

Balor: Gabh mo leithscéal, a iar-Thaoisigh na ceannlitreach T séimhithe; ach ní le bheith ag caint fút féin agus do chuid gaiscí a d’iarr mé ort dul faoi agallamh. Ba mhaith le léitheoirí Beo Ar Éigean do thuairimí a chluinstin faoi staid na tíre seo i ndiaidh an olltoghcháin. Caidé faoin Dáil úr? Is beag cara de do chuid atá fágtha ann, nó iarchara fiú, le c beag séimhithe ina lár.

Bertie: Tá súil agam, a Bhaloir, nach bhfuil tusa ag iarraidh a bheith glic. Níor mhaith liom go mbeifeá ag spochadh asam. Níor mhaith liom go mbeifeá foch… foch… fochaideach. Ach, mar gheall ar an Dáil, is boichte go mór an áit sin gan na Glasraí. Áááá, mothaím uaim iad, na créatúir bhochta. Bhí siad mar pheataí tí agamsa nuair a bhí mise i mbun cúrsaí. Rinne siad gach rud a dúirt mé leo a dhéanamh.

Agus caidé faoi na Marys? Arú, cronaím na Marys. Dar ndóigh, ní bheinnse i ndiaidh post mór ard a thabhairt do dhuine ar bith acu, dá mbeinn fós i mbun na tíre. Féach an rud a tharlaíonn nuair a thosaíonn Marys ar an éirí in airde. Creidim go bhfuil na Marys seo i ndiaidh fógraí a chur isteach in Ireland’s Own, sa chuid phearsanta ar chúl na hirise. Dar le Mary Dhún na nGall go bhfuil sí “widely read” sa Bhéarla agus go bhfuil Darwin agus Einstein léite aici arís agus arís eile; go bhfuil an Laidin ar a toil aici, agus go dtuigeann sí anois an difríocht idir alma mater agus imprimatur. Deir Mary lár tíre go bhfuil taithí mhaith aici ar chúrsaí tell-a-con (focal nua-Jaeilge?), go háirithe Telecom Éireann, agus go bhfuil dúil an diabhail aici san fholcadán, go háirithe nuair a bhíonn sé lán sobal cúráin. Dar le Mary Bhaile Átha Cliath Theas nach bhfuil fágtha aici anois ach trí chéad twin-set bréidín nár chaith sí fós, agus go bhfuil sí ag súil go mór le iad a chaitheamh agus í ar ais sa seomra ranga arís. Deir Mary Bhaile Átha Cliath Thiar go bhfuil a sáith aici de chúrsaí sláinte agus lucht otharlainne agus daoine míshásta agus míbhuíoch; agus go bhfuil sí ag dréim go mór le dul amach “to paint the town red!”

Aos Fásta Dóp agus Bainte Móin

Ach, an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir? Tá daoine sa Dáil anois nach ligfí a leithéid thar an gheata isteach le mo linn. Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó. Tá daoine ann a chaitheann dóp, agus daoine eile a fhásann dóp agus a bhaineann móin, agus cuid eile fós a bhíonn dópáilte fiú gan dul in aice le dóp. Ar an téad seo, nó ar an ‘chnáib’ seo más fearr leat, mar a deir cara de mo chuid Tigh Fagan, “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?”

Agus tá Mary Loo ann, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, mar a bhí sí á shantú le fada fada an lá; agus nach mise atá sásta nach raibh an bhean sin ann le mo linn. Guím gach rath ar an chuid eile de na Shinners agus iad ag iarraidh smacht a chur uirthi, gan trácht ar smacht a choinneáil uirthi.

Tá níos mó múinteoirí sa Dáil anois ná gairm ar bith eile. Cúig phríomhoide atá ann anois, agus Mary Mitchell O Connor ina measc. Ní bheinn buartha fúithi – níl a fhios aici cá bhfuil sí ag dul. Ach tá boc eile i measc na bpríomhoidí a bhfuil a fhios aige go maith cá bhfuil sé ag dul: Aodhán Ó Bloody Feckin’ Ríordáin. Cá raibh seisean ina phríomheeeeejit? Bloody feckin’ Baile Átha Cliath Thuaidh Láir!!

Gan Banc, gan Cuntas Bainc, gan Deacracht Bainc

Tá Shane Cross ann, dar ndóigh. Anois níl mé á rá seo cionn is gur thug sé fúmsa go poiblí go minic, ach is cóir don Seáinín Buí sin imeacht ar ais go dtí cibé cuid de Thír na nGall a bhfuair sé an tuin chainte andúchasach sin ann.

Ba mhinic a chuir sé rudaí gránna i mo leith. Eisean a dúirt go raibh a fhios agamsa go raibh deacrachtaí ag na bainc. Ní dúirt duine ar bith beo riamh liom go raibh deacrachtaí acu, ná fiú gurbh ann dóibh. Caidé mar a bheadh a fhios agamsa go raibh bainc ann nuair nach raibh cuntas agam? Agus chuir an húr sin i mo leith go raibh a fhios agamsa go raibh Roinn Airgeadais ann. Caidé mar a bheadh a fhios agamsa é sin? An síleann daoine gur chóir go mbeinnse ar an eolas faoi gach uile roinn bheag stáit sa tír? Ní dúirt duine ar bith liomsa riamh go raibh Roinn Airgeadais ann; ní raibh mé riamh sa Roinn Airgeadais; ní bhfuair mé dig-out riamh ón Roinn Airgeadais; agus níl a fhios agam cé hé Charlie McCreepy.

Anois, a Bhaloir, tá mo sháith ráite agam. Cé thusa, ar scor ar bith?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.