AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Ceachtanna damhsa ar an sean-nós i mBruíon Buckingham i Londain? Tá, dar le Balor agus tá Fine Gael sásta cionn is nach mbeidh orthu aon fhocal Gaeilge a fhoghlaim ná a labhairt feasta.

Tá mí Dheireadh Fómhair buailte linn arís, a chairde. Anois, agus dhá chraobhchluiche na hÉireann imeartha, craobhacha na céachtaíola thart, na laethanta ag dul i ngiorracht agus na hoícheanta ag dul i bhfad, is fadálach agus is leadránach an mhí atá romhainn amach. Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitilte Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu ag deireadh na míosa seo. Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh ceithre seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Agus tá trí seachtaine eile rompu amach sula dtugann siad aghaidh ar Lanzarote nó Fuerteventura. Tá saol an mhúinteora bhoicht dian go leor gan Micí Ó Leery ag cur suas praghsanna eitiltí Ryanair amach as Baile Átha Cliath chuig na hionaid saoire is ansa le múinteoirí na hÉireann ag an bhriseadh lárthéarma.

Anuas ar gach tubaiste eile, tá an priompallán ag caint faoi dhá cheann de na trí leithreas ar gach eitleán dá chuid a bhaint amach, agus suíocháin bhreise a chur isteach ina n-áit. Tá Cumann Múinteoirí Éireann, an TUI agus an ASTI i ndiaidh gearán oifigiúil a dhéanamh leis an Chúirt um Chearta Daonna. Dar leis na ceardchumainn go mbeidh a leithéid de chinneadh ag teacht salach ar chearta daonna mhúinteoirí na hÉireann. San aighneacht atá feicthe ag Balor an Bhéil Bhinn, deir siad go bhfuil sé doiligh go leor ar mhúinteoirí ranganna leathuair an chloig ar fhad a mhúineadh gan a bheith ag rith amach chuig an leithreas; agus nach cóir go mbeadh orthu cur suas le heitiltí atá dhá uair an chloig ar fhad, gan a bheith i scuaine mhór fhada ar eitleán, agus gan ach leithreas amháin ann. Tá Micí Ó Leery sásta teacht chun comhghéillte ar an cheist. Molann sé buidéil fholmha, ach deir sé nach miste iad a cheannach ó na haeróstaigh ar chúig Euro an ceann, agus nach mbeidh cead ag paisinéirí iad a ghlanadh amach ar bord eitleáin.

Ár bhFéiniúlacht Bhriotanach

Níl mórán eile ar na bacáin, a léitheoirí dílse, seachas go mbeidh Poblacht na hÉireann ag dul isteach sa Ríocht Aontaithe arís. Tá sé le tarlú roimh Nollaig, de réir na dtuairiscí atá i ndiaidh teacht faoi aird Bhaloir. Tá oifigigh ón dá stát ag maíomh gur ar mhaithe le muintir bhocht bhrúite chráite dhealbh na hÉireann a dhéanfar an géilleadh agus an ghabháil. Ní hamháin go mbeidh bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain fud fad oileán na hÉireann arís, ach beidh cúpla punt sterling ag dul isteach i ngach glac sa tír, chun an buille a éascú. Rialtas na hÉireann a rinne an cinneadh, le toil agus le beannacht na bpáirtithe uile i nDáil Éireann.

Tá Fianna Fáil agus an Páirtí Glas sásta cionn is nach mbeidh aon fhreagracht orthu as an gheilleagar níos mó, agus go mbeidh aird an phobail ar rud inteacht eile seachas ar nósanna ólacháin an Taoisigh. Tá Fine Gael sásta cionn is nach mbeidh orthu aon fhocal Gaeilge a labhairt níos mó, agus nach gá dóibh ligean orthu go bhfuil spéis dá laghad acu sa teanga. Tá Sinn Féin sásta cionn is go mbeidh Éire aontaithe arís. Tá Páirtí an Lucht Oibre sásta cionn is go bhfuil an Comrádaí Gilmore an-mhór leis na Comrádaithe Bellyband, mo leithscéal, Miliband thall, agus gurb é Mister Ed a bheas i gcumhacht in Uimhir 10 go luath.

Ní raibh iontas ar bith ar Bhalor i ndiaidh dó a fháil amach gurb í Banríon na Breataine a bheas á fhógairt seo nuair a thabharfaidh sí cuairt ar Íosa Mhic Giolla Mháire in Áras an Uachtaráin ar an mhí seo chugainn. I measc na rudaí a bheas faoi chaibidil ag na cinn stáit i bPáirc an Fhionnuisce, beidh ceist na ríchathaoireach agus an áit a gcuirfear í. Ceann breá mór a bheidh de dhíth, dar ndóigh, agus breá láidir fosta, nó níl Banríon na Breataine chomh seang slim singil le hUachtarán na hÉireann.

2ithí Ó Norrissa

I measc na rudaí eile a bheas á bplé acu, beidh ról Íosa Mhic Giolla Mháire má chinneann sí fanacht in Éirinn. Tá ráite aici féin faoi rún le Balor nach mbeidh spéis dá laghad aici fanacht san Áras mar Ionadaí na Banríona in Éirinn, ach go bhfuil cara aici a mbeadh spéis mhór aige sa phost sin, mar atá an Seanadóir Dáithí Ó Norrissa. Dúirt Norrissa, agus eisean ag caint faoi rún chomh maith le Balor, gurbh é an post ab ansa leis ar domhan, ar thrí chúis: go mbeadh sé mar Ionadaí na Banríona ina chónaí san Áras; nach mbeadh air cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim le bheith insealbhaithe ann; agus nár ghá dó aitheantas ar bith a thabhairt do Laochra Éirí Amach na Cásca nuair a bheidh an comóradh ann i 2016.

Mar chéad chéim ar an eachtra aisteach stairiúil seo, tá Banríon na Breataine chun cuairt a thabhairt ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. “Ag réiteach an bhealaigh a bheas a Mórgacht” a dúirt oifigeach anaithnid de chuid Chúirt San Séamuis, agus é ag caint le Balor faoi rún ar na mallaibh. “Beidh sí ag cinntiú nach mbeidh cur ina héadan ag muintir na Gaeilge nuair a ghlacfaidh sí seilbh ar Áras an Uachtaráin ar ball.” Thig le Balor cúpla leid a thabhairt daoibh, a chairde, faoina mbeidh ar siúl ag Eilís II i gClub na Féile mall san oíche in Óstán an Gleneagle ag deireadh na míosa.

Cheana féin tá sí i ndiaidh ceachtanna rúnda sa damhsa ar an sean-nós a bheith aici i bPálás Buckingham faoin mhúinteoir cáiliúil cumasach sin Labhrás Sonaí Choilm Learaí. Thóg sé trí seachtaine orthu beirt focal ar bith as béal a chéile a thuigbheáil, ach deirtear go bhfuiltear i ndiaidh an fhadhb sin a shárú le cuidiú ón aistritheoir idirnáisiúnta clúiteach Patsaí Dan Mac Ruairí. Tá Coiste an Oireachtais iontach sásta go mbeidh an Bhanríon leo i gCill Airne. Seachas duaiseanna a bhronnadh do na comórtais éagsúla i mbliana, beidh sí féin ag bronnadh teideal, rud a shásóidh an Coiste Náisiúnta ó thaobh costais de, agus a shásóidh mórán de na hiomaitheoirí ón taobh ó dheas den tír a bheas chomh bródúil le rí as na teidil úra a bheas acu: teidil ar nós Diúc Dhún Chaoin agus Iarla Iar-Chorcaí. (nóta ón eagarthóir: Tá Iarla acu cheana féin in Iarthar Chorcaí, a Bhaloir, a leibide!)

Ní lucht na Gaeilge amháin a bheas Banríon Shasana ag iarraidh a mhealladh lena bréag-Éireannachas. Beidh sí ag díriú a cuid draíochta ar lucht an Bhéarla fosta. Cheana féin tá sí i ndiaidh The Lakes of Punchartrain a fhoghlaim ina iomláine, maille le seacht véarsa nua-scríofa ag Brains Cowen.

Bígí ag dréim leis an chéad eagrán eile de Beo Ar Éigean le fáil amach faoin chraic a bheas ag Oireachtas na Gaeilge le Banríon Shasana agus a cuid pleananna do mhuintir bhocht bhuartha bhrúite na hÉireann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.