AR NA SAOLTA SEO
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.

Íomhá
End a da Gaeltacht
Íomhá
Ó hErnia agus Mac Sceacháin sa Teach le Báiní
Paul Morse, Vicipéid
Íomhá
Urbhodhraí Galltachta Fhine Gall ag Tithe an Oirectus
Vicipéid

Fadó, fadó agus fadó riamh a tharla sé. Dá mbeinn beo an uair sin ní bheinn beo inniu. Bhí Balor na Súile Nimhe ina ghasúr óg ag an am sin, é aineolach ar chúrsaí an tsaoil agus ar chúrsaí de gach sórt eile chomh maith. Bhí Balor Óg ag fás agus ag forbairt mar ba chóir do dhuine dá shórt. Bhí sé i ndiaidh a shúil aonair nimhe a oscailt ag am a bhí leagtha síos fána choinne sin. Chuir sé a dhá spág faoi ag an am cuí fosta. D’fhoghlaim sé urlabhraíocht agus uimhríocht agus go leor ‘–íochtaí’ eile nuair ba chóir. Mar a mbeifí ag súil leis, tháinig an lá gur thosaigh fiosracht faoi chúrsaí móra an tsaoil á chrá agus á chiapadh. Aineolas a bhí ag cur isteach air: aineolas faoin chuid sin dá shaol a mhothaigh sé a bheith ní ba thábhachtaí ná gné ar bith eile. Lá dá raibh an t-aineolas seo ag teacht go tromchúiseach idir é féin agus a shuaimhneas, tharrainganáil mhór fhada, scaoil broim mór cumhachtach, theann dhá mhás a thóna le chéile agus chuir sé ceist ar a athair: “A dhaidí, cad é is brí le polaitiócht?”

Anois, mar a mhínigh mé thuas, tharla an eachtra seo sna seanlaethanta dorcha in Éirinn, san am nach raibh cúrsaí polaitíochta chomh casta is atá sa lá atá inniu ann. Tharla sé san am sular cheap Bertie Ó Hernia Síle DeValera, an Béarlóir Baothchainteach, mar Aire na Gaeltachta; bean nach bhfuil Gaeilge aici, ná fonn uirthi tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim. Tharla sé sular cheap Enda Aoibhinn Aoibhiúil Frank Feighan mar urlabhraí Gaeltachta – fear nach bhfuil aige ach an cúpla focal (agus is iad “ní thuigim” an dá cheann acu!). Tharla sé san am sin fadó sular thosaigh Aontachtóirí na Sé Chontae ag foghlaim na Gaeilge agus ag náiriú lucht a neamairt ó dheas agus lucht a beagaithe ó thuaidh. Tharla sé nuair a bhí níos mó ná cúpla focal Gaeilge ag múinteoirí na tíre, agus nuair nach raibh muintir na Roinne Éadóchais ar nós cuma liom faoi mhúinteoirí gan Ghaeilge in ainm a bheith ag múineadh Gaeilge do leanaí na hÉireann.

Cur na Ceiste

Ach, níor mhaith liom imeacht rófhada ón scéal, agus mar sin pillfidh mé ar Bhalor Óg bocht ina sheasamh go faiteach ag béal na pluaise, é ag bogadach thart le teann faitís, agus é ag fanacht le freagra a athar faoin bhrí atá le ‘polaitíocht’. D’fhéach a athair síos air le mórtas agus le mórchúis, chrom sé síos agus d’ardaigh Balor Óg ina bhaclainn. Nuair a d’fhéach Balor suas ar ghnúis a athar, chonacthas dó deora móra goirt ag sileadh anuas as súil aonair iata a dhaidí. “Cad tuige go bhfuil tú ag caoineadh, a dhaidí? An é nár chóir dom an cheist sin a chur ort?” a d’fhiafraigh Balor Óg.

“Ní hé, a stóirín. Ní hé ar chor ar bith, a leanbh,” a d’fhreagair an t-athair toirtéiseach. “Níl ann ach go bhfuil mé chomh sásta gur ormsa a chuir tú an cheist chasta thábhachtach sin, seachas ar dhuine éigin nach dtuigfeadh cúrsaí polaitíochta chomh maith is a thuigimse. Agus tá mé thar a bheith ríméadach go bhfuil tú tagtha in aois an cheist sin a chur. Anois, mar a deir muintir na polaitíochta, an bhfuil focheist ar bith agat, nó an bhfuil gné ar leith den pholaitíocht a bhfuil tú ag iarraidh soiléiriú a fháil uirthi?”

“Bhuel, a dhaidí,” a d’fhreagair Balor Óg, “is minic mé ag éisteacht le focail nach dtuigim, leithéidí: caipitleachas, lucht oibre, todhchaí, rialtas, pobal, agus focail mhóra chasta mar sin.”

Chuir athair Bhaloir a chéadghin síos ar urlár na pluaise go bog mánla agus thosaigh ag scríobadh a chloiginn. “Beidh orm mo chuid smaointe a chur i dtoll a chéile go cúramach chun do cheist a fhreagairt,” a dúirt sé. “Tar ar ais chugam sula dté tú a luí anocht agus míneoidh mé cúrsaí duit.” Agus d’imigh sé leis amach ar an doras agus cuma an mhachnaimh air.

Bean Óg an Scéil

Bhí bean óg Mheiriceánach ag stopadh le teaghlach Bhaloir mar au pair. Kathleen Mavourneen a bhí uirthi agus bhí sí ag foghlaim Gaeilge (mar ba urlabhraí Gaeltacht í ag an am, b’fhéidir?) agus ag cuidiú leis na tuismitheoirí aire a thabhairt do Bhalor agus dá deirfiúr óg, Balorina. An oíche sin, nuair a bhí an au pair ag insint scéil do na páistí sula ndeachaigh siad a chodladh, tháinig athair Bhaloir isteach. “Tá Balor ag éirí rómhór do na scéalta sí sin,” a dúirt sé le Kathleen Mavourneen. “Tabhair thusa Balorina isteach go dtí a seomra féin agus lean ar aghaidh leis an scéal. Tá rud i bhfad níos tábhachtaí ná scéal sí le hinsint agamsa do Bhalor anseo.”

Nuair nach raibh sa seomra ach an t-athair agus an mac, chrom athair Bhaloir ar chúrsaí polaitíochta a mhíniú:

“Mise a théann amach ag obair gach maidin agus a thugann an t-airgead ar fad isteach sa teach. Tá teacht isteach maith agam; tá mé in ann daoine a fhostú agus bím ábalta roinnt airgid a chur i dtaisce gach seachtain. Mar sin, is féidir Caipitleachas a thabhairt ormsa. Riarann mamaí cúrsaí anseo sa teach; mar sin is féidir linn An Rialtas a thabhairt uirthi. Os rud é go bhfuil muid anseo chun aire a thabhairt duitse, is féidir linn An Pobal a thabhairt ortsa. Tá Kathleen Mavourneen fostaithe anseo; mar sin is ise an Lucht Oibre. Tá Balorina fós an-óg; mar sin is féidir linn An Todhchaí a thabhairt uirthi. An bhfuil sé sin ar fad soiléir?”

Léaró an Scéil

I gcaitheamh na hoíche chuala Balor a dheirfiúr óg ag caoineadh. Nuair a chuaigh sé chuig seomra s’aici fuair sé amach go raibh clúidín an linbh salach. Nuair a chuaigh sé chuig seomra na dtuismitheoirí, ní raibh ann ach mamaí. Bhí sí ina sámhchodladh agus ní raibh Balor bocht in ann í a mhúscailt. Nuair a chuaigh sé chuig seomra an au pair cad é a chonaic sé ach a dhaidí agus Kathleen Mavourneen sa leaba le chéile. Ar ais leis ar a bharraicíní go seomra Bhalorina agus d’athraigh sé a clúidín.

Maidin lá arna mhárach d’fhiafraigh athair Bhaloir dá mhac ar thuig se gach a ndúirt sé leis an oíche roimhe ré mar gheall ar chúrsaí polaitíochta. “Tuigim go maith anois,” a dúirt Balor. “Maith thú,” arsa an daidí. “Mínigh dom anois i do chuid focal féin.”

“Bhuel,” arsa Balor, “Seo mar a thuigim: ’fhad is a bhíonn Caipitleachas ag scriúáil an Lucht Oibre bíonn an Rialtas ina chodladh ar nós cuma liom, ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.”

Sin é Briathar Bhaloir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.