AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh”.

Íomhá
Duine de na Western People
le Peter, Picasaweb
Íomhá
Gaiscíoch Fine Fuilteach
Íomhá
'do chuid gníomhartha glórmhara ar TV3'

Agus tharla i dtrátha an ama sin gur éirigh fear fionn fiata ón áit a raibh sé ina shuí go leithscéalach le fada ar a thóin thanaí thinneallach i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh sé go fuadrach agus go trodach gur sheas sé go caithréimeach i lár mhachaire Mhaigh Eo. Theacht dheirge an dá néal an mhaidin chiúin shamhraidh sin, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, agus i ndiaidh dó The Western People agus The Mayo News a léamh ó chlúdach go clúdach, ghléas sé é féin fá choinne an chatha: clogad crua rothaíochta fána chasdlaoithe buí, sciath óir de Bhunreacht Fhine Gael crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheas agus léine gheal ghorm an pháirtí ceangailte thart ar a cholainn chaol chaomh.

Bhí cionn cruipinneach gruaige air de dhath an óir. Ba ghile a chraiceann ná sneachta na haon oíche. Ba dheirge a ghrua ná na caora caorthainn. Ní thiocfadh leat samhail a thabhairt dá shúile ach réaltaí geala oíche shiocáin, bhí siad chomh lonrach sin. Ina chruthaíocht, ina phearsa agus ina ghné, dar leis féin nach bhfaca sé laoch ar bith riamh ní ba dheise agus ní ba scanrúla ná é féin. Agus ghair sé in ard a chinn chruipinnigh ar a dheisceabail le go mbaileoidís thart air ina sluaite agus ina mathshluaite agus ina mórshluaite.

Agus nuair a rinneadh amhlaidh, tháinig táin le chéile nach bhfacthas riamh a leithéid cruinnithe ar mhachairí méithe Mhaigh Eo, iad in arm agus in éide, idir chlaíomh agus each, a gcuid léinte gorma féin ag bogadh go bog sa leoithne mar bhúnna muc na coille craobhaí, a gcuid baithisí agus a gcuid súl tais ag glioscarnaigh faoi sholas niamhrach ghrian an tsamhraidh. Agus nuair a chonaic siad a gceannaire molfach mórchumhachtach mórghníomhach, dúirt siad d’aon ghuth nach raibh polaiteoir ar bith eile ar chlár na cruinne a bhí in inmhe a dhul chun spairne leis, gan trácht ar bhodach beag creatach meathánta as Contae na Mí.

An tUngthach Tagtha!

Agus ghair an mórshlua ar a gceannaire gradamach: “Is tusa an Messiah, a Enda! Is tusa an tUngthach! Leanfaidh muid thú go híochtar Ifrinn.” Agus d’ardaigh siad Enda Aoibhinn Aoibhiúil ar a gcuid formnaí feolmhara agus shiúil siad amach as Contae Mhaigh Eo agus thug siad aghaidh ar an Domhan Thoir. Ba chorrach aimhréiteach an bealach a bhí acu le dul, ach mar sin féin chuaigh siad ar aghaidh. Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog. Ní dhearna siad stad mara ná mórchónaí gur shroich siad caladh agus cuan i Sráid Chill Dara.

Agus labhair Enda Aoibhinn Aoibhiúil go céillí agus go calma agus go ciúin lena mhórshluaite. “A phobal dhílis,” a dúirt sé, “a sheas an fód liom riamh anall ó tháinig mé i méadaíocht mar cheannaire, an gníomh atá le déanamh agam, is agam féin atá sé le déanamh. Ach beidh bhur n-ainm scríofa i mo chroí agus beidh bhur gcuid vótaí uimhir a haon greanta in aice le mo ghnúis sciamhach scanrúil ar na páipéir bhallóide atá i mo chroí fosta; agus ní dhéanfar dearmad de sin. Ní miste dom dul i mbun comhraic aonair le Iúdás Iscariot Bruton agus lena dheisceabail agus le Naonúr an Green Isle. Anois, tuigim nach dtuigeann sibh an dóigh a bhfuil sé sin ina chomhrac aonair, má tá drong fealltóirí fealltacha im’ éadan, ach cuimhnígí, a chlann dhílis na léine goirme, gur mór an méid rudaí a thuigimse agus nach dtuigeann sibhse.” Agus thosaigh a chuid deisceabal ag olagón agus ag éagaoineadh agus ag fliuchadh súl.

Más Éanda, is Aoibhinn

“A Enda Aoibhinn Aoibhiúil,” a dúirt siad d’aon ghuth, “Lig dúinne dul in éineacht leat. Dúirt muid go leanfaimis thú go híochtar Ifrinn.” “A chlann liom,” ar seisean, “Is doilbhe go mór an áit é seomra comhdhála Fhine Gael ná íochtar Ifrinn. Is doiligh liom bhur ndiúltú, ach thug mé m’fhocal do mo chroí ar mhullach Chruach Phádraig, sular fhág mé an baile, nach bpillfinn go rachainn a fhad leis an seomra sin liom féin; agus ní maith liom m’fhocal a bhriseadh. Ach fanaigí sibhse mar a bhfuil sibh go dté mise chun an tseomra chomhdhála agus go dteipfidh ar a bhfuil cruinnithe istigh ann mé a chur chuig na cúlbhinsí. Agus mura dtig liom sin a dhéanamh ba mhór an trua bhur gcreideamh agus bhur dtrust a chur amú liom.”

D’imigh sé leis, agus cé a casadh dó ag geata Theach Laighean ach an Dochtúir Séamus Sianach Mac Féasóige. Shníomh Séamus é féin ann, mhúch sé a cheannaire le barróga, d’fhliuch sé é le deora, thriomaigh sé é le hiliomad cóipeanna den Irish Times. “A Enda Aoibhinn Aoibhiúil,” a dúirt an Dochtúir Séamus Sianach, “Sheas mise leat in am an ghátair cheana, agus seasfaidh mé arís leat an uair seo. Ná déan dearmad orm nuair a thiocfaidh tú isteach i do ríocht.” Dheonaigh Enda a lámh a shíneadh amach le go bpógfadh Séamus Sianach í, rud a rinne an Dochtúir le hurraim agus le fonn.

Ro Chroith an Cac ina Lár ag Laochaibh Laighean for Maigh Lifi

Bhí go maith agus ní raibh go holc agus tháinig sé go doras sheomra comhdhála Fhine Gael. Bhí a chuid naimhde bailithe ina sluaite líonmhara, drong díobh taobh amuigh den doras siocair brú a bhí ag teacht ón leathdhrong taobh istigh. Chun tosaigh bhí Naonúr an Green Isle, le Denis Naughty agus Leo an Leon os a gcomhair amach, a gcuid claimhte ag lonrú sa solas gléineach a bhí ag eisileadh ó dhreach Enda. Chuaigh Cú Mhaigh Eo tríothu, fúthu agus tharstu ar fad, mar a rachadh seabhac trí éanlaith nó faolchú trí scata caorach. Rinne sé trí chnap díobh: cnap dá gcuid bunreachtanna Fhine Gael, cnap dá gcuid arm agus cnap dá gcuid léinte gorma, agus bhuaigh sé an lá.

“A Enda Aoibhinn Aoibhiúil,” a dúirt gach duine acu d’aon ghuth, “Ná scrios muid agus beidh muid dílis duit agus molfaidh muid do cháil agus do chuid gníomhartha ghlórmhara ar RTÉ, ar TV3 agus fiú ar TG4 – agus tá muid sásta cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim fána choinne sin!”

Agus leáigh croí Enda – an croí sin a bhí reoite le fada ina chliabhrach – agus shín sé amach a dhá lámh agus chruinnigh slua na bhfealltóirí thar air agus phóg siad a lámha, agus mhair Enda Aoibhinn Aoibhiúil go sona sásta ón lá sin amach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.