CÚRSAÍ SPÓIRT
An Treo Chun Tosaigh: Córas
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling. Is cuimhin le Colm Mac Séalaigh go maith é.

Íomhá
Tráth a mbuadh na Cait gan stró
Íomhá
Ó Chnoc 16
le John H. Nolan, Vicipéid
Íomhá
Aontroim agus Áth Cliath

Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin. Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann shinsearach Craobh Laighean. Cé gur bhuaigh foireann mionúr Átha Cliath craobh iomána na hÉireann i 1965 agus gur shroich foireann na mionúr cluiche ceannais na hÉireann i 1983, ní raibh rath ar an bhfoireann shinsearach ó 1961 i leith. Sa tréimhse chéanna áfach, bhuaigh foireann peile Átha Cliath Craobh shinsir na hÉireann sé huaire agus craobh Laighean seacht n-uaire déag gan trácht ar roinnt craobhacha mionúr agus ‘faoi bhliain is fiche’ a bheith bainte chomh maith. Bhí an iomáint in áit na leathphingine mar sin i gcomórtas leis an bpeil Ghaelach sa chontae is mó daonra sa tír.

Chun go bhféadfaí athrú agus rath a chur ar staid na hiomána sa phríomhchathair, d’áitigh an mheitheal go raibh na ráitis bhunúsacha seo a leanas lárnach don treoirphlean nó ‘blueprint’:

  • Theastaigh féiniúlacht shoiléir a chruthú don iomáint i mB.Á.C

  • Bheadh gá leasaithe radacacha a chur i bhfeidhm ar na struchtúir a bhain leis an gcluiche.

  • Bhí, ag an am céanna, neart cur chuige, tallainne agus acmhainní a bhféadfaí tarraingt astu ar fáil sa chontae.

Spriocanna

Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích:

  • Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla

  • Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta

  • Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair

  • Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.

Chuir an mheitheal cúig phríomh-mholadh os comhair Choiste an Chontae:

  1. Stiúrthóir Iomána a cheapadh

  2. Leagan amach nua maidir le himirt agus rannóga imeartha a thionscnamh.

  3. Clár oiliúna sármhaith a fhorbairt

  4. Áiseanna den scoth a chur ar fáil a mbeadh Lárionad Iomána mar aon le hAcadamh Sainiúlachta ina gcuid láir díobh.

  5. Béascna shainithe iomána a bhunú agus íomhá fhuinniúil den iomáint i mBaile Átha Cliath a thionscnamh.

Deich mbliana níos faide anonn, tá sé suimiúil anois, i bhfianaise bua iontach Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an tSraith Iomána ag tús na Bealtaine seo caite, a teacht chun tosaigh ar Thiobraid Árann le gairid arís, sracfhéachaint a thabhairt arís ar an treoirphlean úd agus ar a bhfuil bainte amach san idirlinn.

Maidir le moltaí na meithle, ceapadh Stiúrthóir Iomána go luath tar éis gur glacadh leis an treoirphlean. Ba é sin Diarmuid Healy as Cill Chainnigh, an fear a stiúir foireann iomána Uíbh Fhailí ag tús na n-ochtóidí chun Craobh na hÉireann a bhuachan. Cé nár fhan sé i bhfad sa phost, chruthaigh sé leagan amach nua, ceann de mholtaí eile na meithle, chun go bhféadfadh Coiste an Chontae bonn úr a chur faoin iomáint sa chontae.

Rud eile atá déanta ná cur go mór le líon na n-oiliúnóirí traenáilte, idir iadsan atá gairmiúil agus dhaoine a thugann faoi oiliúint a chur ar ghasúir ar bonn deonach. D’fhéadfaí a rá go bhfuil clár oiliúna sármhaith á fhorbairt i gcónaí.

Spriocanna Fanta

Maidir le moladh a ceathair, ní léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le háiseanna den scoth, Lárionad Iomána agus Acadamh Sainiúlachta. Leagadh béim san treoirphlean ar an ngá a bhí le páirceanna den scoth le haghaidh na hiomána (faoi mar atá sna contaetha láidre iomána) ach, cé gur fíor go bhfuil roinnt clubanna tar éis cur go mór lena gcuid áiseanna féin, idir pháirceanna maithe, pháirceanna uile-aimsire agus áiseanna taobh istigh, is tearc iad na páirceanna atá oiriúnach don iomáint agus níl lárionad ná acadamh tógtha fós.

Leag moladh a cúig béim ar an ngá a bhí le ‘béascna shainithe iomána’ agus ‘íomhá fhuinniúil den iomáint’. D’fhéadfaí a rá go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ón uair a ceapadh iarchaptaen agus iarbhainisteoir Chontae an Chláir, Antaine Ó Dálaigh, mar bhainisteoir ar fhoireann shinsearach chontae Átha Cliath. Mheall stádas Uí Dhálaigh aird an phobail agus na meáin chumarsáide agus meallann i gcónaí - d’fhostaigh RTÉ go minic é mar thráchtaire ar chúrsaí iomána mar shampla. Tá treoir agus féinmhuinín tugtha aige d’iománaithe na príomhchathrach agus luach a shaothair agus saothar a chomhghleacaithe agus daoine a tháinig roimhe le feiceáil anois. Tá obair ‘Cairde Iomána Átha Cliath’ ag cur i gcónaí le híomhá na hiomána agus iománaithe i measc phobal an CLG agus an phobail trí chéile i mBaile Átha Cliath.

Spriocanna Bainte

Craobh iomána uile Éireann a bheith buaite ag Áth Cliath faoin mbliain 2008, agus an iomáint a bheith sa chéad áit i measc na gcluichí Gaelacha i mBaile Átha Cliath faoin mbliain 2010 a bhí san fhís a leag an mheitheal athbhreithnithe síos in 2001. Maidir le céad leath na físe, bhuaigh comhfhoireann choláistí Átha Cliath Craobh Choláistí na hÉireann in 2006 (bhuaigh an chomhfhoireann Craobh Laighean in 2001), ach b’fhéidir nárbh í sin an chraobh a rabhthas ag súil léi. Mar sin féin, céim shuntasach a bhí sa bhua sin, agus ó shin tá craobhacha mionúr agus ‘faoi bhliain is fiche’ Laighean ar aon gnóthaithe faoi dhó agus anois Sraith Náisiúnta ag na sinsir in 2011. Mar sin tá dul chun cinn nach beag déanta ó 2001 i leith.

Ar deireadh, is féidir a áitiú ag an tráth seo agus an t-alt seo á scríobh, go bhfuil trí fhoireann mhóra anois ag muintir Bhaile Átha Cliath a dtugtar tacaíocht dóibh agus a mheallann aird agus slua: foireann peile shinsearach Átha Cliath, foireann rugbaí Laighean agus foireann iomána shinsearach Átha Cliath. Is é an dúshlán mór anois chomh fada is a bhaineann sé le lucht na hiomána, agus ní beag é mar dhúshlán, ná ionad agus stádas nua fhoireann iomána Átha Cliath i measc an phobail a dhaingniú agus a bhuanú. Níl mórchuid na hoibre ach ag tosú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.