CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Treallchuradóireacht
Íomhá
Crann cuilinn a chuir mar shíol
Íomhá
An Fear a Chuireadh Crainn
Íomhá
Crann fearna a chuir faoin choill creimthe ag giorria
Íomhá
Géag de chrann troim, ina crann féin slán faoin choill anois
Íomhá
Doirche faoin choill ghiúise

Léigh an leabhar beag, finscéalach, ‘An Fear a Chuireadh Crainn (An Gúm 1997), deireadh an chéid seo chuaigh thart. Eoin Ó Néill a d’aistrigh ón Fhraincis go Gaeilg é. Thug taitneamh don choinceap. a leithéid san Ind agus finscéal é. (Féach an nasc faoi Mulai ar dheis.)

Thosaigh beagnach fiche bliain ó shin ar an ealaín chéanna, ag cur crainn ilchineálacha dúchais, go hard sna sléibhte i mo chás féin. Míle troighe mar sin os cionn cothroime na farraige atá roinnt acu. D’aimsigh loganna a raibh foscadh agus aghaidh na gréine in éineacht iontu. Leis na crainn a chosaint ó na caoirigh is ó na carrianna, théinn isteach i measc na gcrann síorghlaise a leagtar ina sraitheanna go minic le síobadh gaoithe. bheadh deis ag na tréada caorach, na carrfhianna, an diabhal is measa le crainn a chreimeadh, an giorria, dul a fhad leo go ceann deich mbliana ar a laghad.

Sílim go bhfuil míle síol fuinseoige, fearna, fiú amháin síolta eidhneáin, curtha agam faoin am seo. a fhios agam nár fhás a leath, mar bhí ag coinneáil súil amach dóibh. D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is acu, creidim. Más ea, roinnt céadta crann sealghlas a bhfuil ag éirí leo sna sléibhte agus sna gleannta.

in ann breis is scór go leith crann a chuir a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir iad. cleas amháin foghlaimthe agam leis an cheann is fearr a fháil ar na hainmhithe, idir bheag agus mhór. Baineann le hairde nagcrann’ a gcuirfidh .

An Cleas

Uair dhó sa bhliain, íocfaidh Bord Soláthair na hAibhléise comhlacht príobháideach le teacht thart leis na toirisc. Glanfaidh siad na géaga fada a bheas fásta amach, ag gobadh i dtreo na línte cumhachta faoin choill. Chonaic sail dúchais amháin atá tuairim is scór go leith troighe ar airde a bearradh ar an dóigh seo. Bhí na gearrthóga tiubha fada a baineadh di caite thart ar an talamh. Bhí roinnt mhaith de na craobhacha seo cúig troighe dhéag ar airde agus breis. Chroch liom iad de réir a chéile thar thréimhse roinnt seachtainí agus leag iad sa dóigh go raibh an taobh a bhí gearrtha sáite go domhain faoi uisce srutháin.

D’fhág sin le (A) gearrthóga a chuir taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is seachtaine breis sular chuir iad. Nuair a fuair an deis, chuir iad i gclábar bog cois srutháin i gcoill giúise. siad fada go leor ó na crainn ghiúise agus is cuidiú mór é gur bhain Coillte roinnt de na crainn ghiúise le deireanas. Tugann sin an-deis do na gearrthóga solas an lae a fháil.

An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta. córas fréamhacha curtha síos acu agus siad ag na maitheasa aníos as an phuiteach cois srutháin. Na géaga a bhí cam mar nár fhás siad san ionad sin ar feadh na mblianta roimhe sin, siad tar éis iad féin a dhíriú suas i dtreo na gréine. Is léir an chéad bhliain gurb iad aicme B thuas, a leagadh ar maos san uisce ar feadh roinnt seachtainí sular cuireadh iad, is iad is fearr a chuir na fréamhacha agus a d’fhás an duilliúr. Is crainn astu féin iad feasta agus siad i bhfad os cionn airde na contúirte ó ainmhithe cheana féin. cuid acu seo ina gcrainn cúig troighe dhéag ar airde os cionn talún. Is é an dara samhradh acu ag fás astu féin agus an snafach fútha cheana féin.

Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair. Shiúil thart na laethanta ina dhiaidh sin ag bailiú chugam na géaga sailigh, den sceach gheal agus géaga den chrann troim. Iad seo a tharrthaigh , siad ag cur amach duilliúir i mbliana cheana féin. in ann 35 crann éagsúla a chomhaireamh nuair a shiúlaim an bóthar anois, crainn nach mbeadh ann ach ab é gur ghlac orm féin iad a tharrtháil ón bhás. Gura fada buan iad ag beannú don éan is don dúlra thart orthu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.