CÚRSAÍ SPÓIRT
An Tráchtaire Spóirt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cá mbeimis dá n-éagmais? Na tráchtairí. Díríonn Colm Mac Séalaigh aghaidh an ailt seo ar an aicme shainiúil seo i saol an spóirt.

Íomhá
Bill McLaren ar Vicipéid
Íomhá
Mícheál ar sos ag obair dheonach do CLG le déanaí

Cailleadh an tráchtaire rugbaí Bill McLaren an mhí seo caite. B’fhéidir nach n-aithneodh a lán daoine an t-ainm sin ach tráchtaire cáiliúil a bhí ann, sa tréimhse dheonach i gcúrsaí spóirt go háirithe. Albanach mórtasach agus múinteoir corpoideachais ab ea McLaren agus ar feadh caoga bliain nach mór suas go dtí casadh an chéid, ba é a ghuthsan a bhí inaitheanta mar ‘ghuth an rugbaí’ ar an mBBC. Ar nós Peter Allis atá ina thráchtaire don BBC le blianta fada ar chúrsaí gailf, ba gheall le foras é Bill McLaren lena ghuth sainiúil, seanchaíoch a samhlófá léargas agus tuiscint ar leith a bheith ag baint leis agus nach raibh le fáil in aon tráchtaire eile.

Ag an am céanna is a bhí McLaren i mbun a ghnó don BBC, bhí tráchtairí ag soláthar na seirbhíse céanna do phobal na hÉireann. D’aithnítí iad cuid mhaith ar a nglór agus ar a stíl thuairiscithe thar aon ní eile. Bhí guthanna áirithe ceangailte le spóirt áirithe: guth Mhíchíl Uí Aichir leis na cluichí Gaelacha agus le na rásaí capall; guth Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh leis na cluichí Gaelacha, guth Fred Cogley le rugbaí, guth Philip Green leis an sacar, guth Noel Andrews leis an dornálaíocht agus guth Jimmy McGee le réimse leathan spóirt. Agus ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta, agus TG4 ina dhiaidh sin, tá tráchtairí breátha Gaeilge tagtha chun cinn a bhfuil Mícheál Ó Sé agus Seán Bán Breatnach ar na máistrí ó thaobh na gcluichí agus na teanga ar aon. Cailleadh ar bith ina dhiaidh sin atá ar chuid de na tráchtairí óga atá tagtha in inmhe le TG4 agus le RnG: Gearóid Mac Donncha, Antaine Ó Conghaile, Ciarán Ó Fátharta, Brian Tyers agus eile.

Bhí sórt draíochta ag baint leis na tráchtairí ab fhearr san am a caitheadh. Go deimhin go ceann i bhfad tar éis teacht chun cinn an raidió agus na teilifíse, ba é an tráchtaire a mhínigh agus a léirigh an cluiche don phobal leathan. Sna blianta úd, ba bheag eolas nó tuiscint a bhí ag formhór an phobail ar chúrsaí spóirt nár bhain go dlúth le saol na muintire logánta. Nuair a tháinig sé sa saol go raibh cluichí agus ócáidí eile spóirt á gcraoladh ar an teilifís, bhí an pobal ag brath ar an tráchtaire chun rialacha agus nósanna imeachta an spóirt a mhíniú dóibh. Rud deacair ab ea é sin go minic, go háirithe i gcomhthéacs an rugbaí, agus cé nár éirigh le McLaren rúndiamhaire na clibirte a léirmhíniú do mhórán daoine, ba thaitneamhach a bheith ag éisteacht lena ghlór breá agus é ag déanamh cur síos ar a raibh ag tarlú timpeall na páirce agus ar na himreoirí a bhí ar a míle dícheall an t-ubhchruth a aimsiú agus a shaoradh as duibheagáin na clibirte céanna.

Friotal agus Seifteanna

Trí chur síos beoga agus insint shoiléir an tráchtaire raidió, bhí an t-éisteoir in ann an cluiche a ‘fheiceáil’ ina intinn. Nuair a tháinig an craoladh teilifíse chun cinn bhí ar thráchtairí scileanna nua a fhoghlaim. B’éigean do leithéidí Mhicheáil Uí Aichir a nósmhaireacht a athrú mar bhí an lucht féachana anois in ann an t-aicsean a fheiceáil os a gcomhair amach. Éiríonn leis an gcuid is fearr de na craoltóirí an cluiche a dhéanamh níos suimiúla nó níos bríomhaire ná mar a bhíonn go minic trí thagairtí breise a dhéanamh do chúlra imreoirí nó míreanna breise eolais a sholáthar nach mbeadh ar eolas ag an ngnáthdhuine. Baineann siad leas freisin as cleasa agus seifteanna chun ciorrú ar líon na bhfocal. Ceann simplí ná formhór na habairte a fhágáil ar lár: “ Breatnach go Ó Sibhleáin, Ó Sibhleáin go Ó Braonáin, cúl!”

Cleas eile ná ardú agus ísliú an ghutha féin de réir mar a fheileann don drámatúlacht ar ala na huaire. Is beag nach ag cogarnach a bhíonn Peter Allis an BBC nuair a bhíonn galfaire ag díriú ar an liathróid a chur sa pholl. Ar an taobh eile, is minic tráchtaire gar do bheith ag screadach agus cluiche idir dhá cheann na meá gar don deireadh. Brostaíonn agus moillíonn sé an chaint de réir mar a theastaíonn, fágfaidh sé briathra, ainmfhocail ar lár, ardóidh a ghuth chun an teannas agus an drámatúlacht a mhéadú: “An liathróid go hard ... i dtreo an chúil. An bhfuil sí ann? Níl sí ... ach tá na maoir ... tá sí ann!!” Cuireann an tráchtaire na ceisteanna atá ag déanamh scime don bhreathnóir: “Cad a dhéanfaidh an réiteoir? Cén dath ar an gcárta? An bhfuil an t-am caite?”

Mar a Bhíodh is mar Atá

Na craoltóirí is fearr ar nós Uí Aichir, Uí Mhuircheartaigh, McLaren, McGee tugann siad cuireadh don éisteoir/breathnóir páirt a ghlacadh sa dráma atá ar bun ar an bpáirc, sa chró dornálaíochta, ar an ngalfchúrsa; tarraingíonn siad pictiúr, ligeann siad don bhreathnóir a intinn féin a bheith aige ach tugann léargas breise ar a bhfuil ag tarlú. Tagann paisean don spórt trí fhocail, trí ghuth, trí chur síos an tráchtaire mhaith. Bhí de bhua ag McLaren an cluiche a chur i gcomhthéacs an phobail trí áit dúchais an imreora a luadh, tagairt a dhéanamh dá chlub, dá mhuintir, dá scoil. Chuir sé eolas ar chúlra gach imreora agus faoi dheireadh an chluiche bhraith an t-éisteoir go raibh aithne aige ar gach imreoir ar an bpáirc. Bíonn an nós céanna ag an Muircheartach agus cuireann sé le taitneamh an éisteora tríd an ngreann agus trí dhaonnacht.

Tá stíl na tráchtaireachta athraithe ón uair a bhí McLaren agus Ó hAichir i mbarr a réime. Chaithfeadh sin tarlú agus a bhfuil de cheamaraí ar fud na háite, gan trácht ar athfhéachaint ar an toirt ar scóranna, chalaoisí agus ar imeachtaí eile na hócáide. Bíonn i bhfad níos mó cluichí agus imeachtaí eile spóirt á gcraoladh anois agus tá i bhfad níos mó tráchtairí i gceist chomh maith. Athrú eile atá tagtha ar an ngairm, agus ní mé an maith é i gcónaí, ná go mbíonn an dara duine, iarimreoir go minic, sa bhosca craolacháin mar chineál cúntóra ag an bpríomhthráchtaire. Cuireann an dara guth tuairim eile chun cinn agus léargas breise ach bíonn an iomarca scagtha á dhéanamh go minic. Ba cheart dóibh staidéar a dhéanamh ar mhodhanna an tseandreama agus foghlaim uathu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.