CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Trá agus an Tuile: Daonáireamh 2011
Íomhá
Ferdinand de Saussure le Jullien
Vicipéid
Íomhá
Foirm Daonáirimh 2011
Íomhá
Go laethúil, taobh amuigh ...

Theip ar na Gaeil a raibh fanta acu dá dtír a choimeád 1601, theip orthu an fénechas (.i. dlí na hÉireann) a choimeád i ndiaidh 1615 mar a theip orthu eolas ar an tSean-Ghaeilge a choimeád 1717-20 (bás Ruaidhrí Uí Fhlaithearta agus Sheáin Uí Ghadhra). Theip orthu an Ghaeilge a choimeád beo i lár agus in oirthear na hÉireann sa ghlúin 1790-1840 (le bunú na bunscolaíochta, coláistí deoise agus Maigh Nuad). Theip orthu an bia a choimeád 1847-51 agus theip dá dheasca orthu cainteoirí a choimeád in iarthar na hÉireann. Theip orthu an Ghaeilge a athréimniú 1893-1965/71 (dúnadh na gCol. Ullmhúcháin agus bunú Teilifís Éireann).

Bhunaigh tuismitheoirí gaelscoileanna 1972. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta, Teilifís na Gaeilge go léir as agóidíocht (Saor-Raidió Chonamara, Teilifís na Gaeltachta) agus bronnadh stádas oifigiúil oibre ar an teanga san Eoraip ar an gcaoi chéanna (1972-2007). Tá dlí ón bhliain 1737 i bhfeidhm sna Sé Chontae go fóill agus ní thiocfaidh deireadh leis as féin ach cuirfear deireadh leis.

‘Language is the social fact par excellence’ - Saussere

Anuas tríd an chuntas sin ar chúla téarmaí, beagnach, ritheann uimhreacha daonra. Rachaidh oibrithe thart ar na tithe sna 26 Chontae ar fad agus déanfaidh siad iarracht foirm Bhéarla a fhágáil ag gach teach. Beidh an fhoirm Ghaeilge fágtha sa charr nó san oifig acu, nó mar a dúradh liom ag mo theach cúig bliana ó shin “there’s no Irish form left in the office. I can get one but it’ll be hard.” D’ainneoin seo go léir, líonfaidh céatadán níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge an fhoirim an iarraidh seo ná a líon na daonáirimh roimhe. Tá na Gaeil ag téarnamh de réir a chéile, d’ainneoin na mbacainní ar fad atá curtha roimh an ‘social fact par excellence’.

gné aisteach fíorchumhaíúil le háireamh le linn atuile Gaeilge na Galltachta. Is gné den daonnacht nach féidir méar a leagan air. Cén fáth go gcaithfidh an cainteoir dúchais a theanga a theilgean uaidh le go mbeidh dúil aisteach i bhfoghlaim na teanga sin ag a gharchlainn? Gach dream a thug aghaidh ar SAM as an Eoraip, rinne siad amhlaidh lena gcuid Iodáilise, Yidise, Gearmáinise agus tá sé ag tarlú i gcónaí leis an Pholainnis agus fiú leis an Spáinnis go deimhin. Is fíorchumhaíúil é sin i gcroí an té a fheicfeas an méid sin ag tarlú ina theach féin, ina chomharsain agus i measc a ghaolta. Is beag an faoiseamh uimhreacha daonáirimh ag an duine atá thíos mar sin le géire na fírinne ina thimpeall. Mar mhaidhm a thrasnaíonn teangacha an tír. Is aisteach an tírín í Éire mar a bhfuil an dá mhaidhm le brath san aon am amháin. An mhaidhm thiar ag múchadh croí na cruithneachta agus an mhaidhm anoir ag spreagadh is ag corraí croí tuismitheoirí óga le ceapairí teanga a dhéanamh dá ngasúir ar an mbealach chuig naíonra nó chuig gaelscoil.

Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith. Táimid dírithe sa treo ceart le glúin anuas agus feicfimid linn lena bhfuil againn i mbliana 2011 agus a bhfuil romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.