CÚINNE NA nEALAÍON
An tost á scagadh
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Spreag leabhar nua mar gheall ar an bpíobaire Séamus Ennis go leor ceisteanna in intinn Choilm Uí Shnodaigh.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Suíonn an píobaire aonair síos gan gíog as, gan míog. Tosaíonn ag cur caoi air na píobaí – á gcur in oiriúint don oíche. Á gcur i dtiúin. Á gceangal timpeall ar a chom.

Cromann sé. Seinneann sé nóta nó dhó. Tosaíonn ag cur na ndordán i dtiúin. Próiseas casta. É cúramach, staidéartha i mbun a ghnó.

Anois agus é suite go compordach ar a shuíochán tosaíonn sé ag seinnt – gan focal uaidh go fóill. An slua faoi gheasa ag an draoi. Fonn mall. Fonn diamhair. Fonn sí. Fonn na ndraoi. Fonn na tíre, ó cheoltóir mór na tíre, ó uirlis mhór na tíre.

Paddy Kennan. B’in a rinne sé ar an oíche in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill i Sráid Vicar mí ó shin. Níor labhair sé puinn. Sheinn sé. Níor ghá dó labhairt. Bhí i bhfad níos mó ina chuid seinnte ná mar a bheadh sé ábalta a rá cibé ar bith.

Agus b’fhéidir gur sin an ní is gá do phíobairí (nó na píobairí is oilte) a dhéanamh: an tost a scagadh agus a líonadh le ceol agus na nithe nach féidir a rá i bhfocail a rá i gceol. Dúirt Paddy gach a bhí le rá agus thuig gach éinne sa slua é.


Halla scoile – na páistí uilig suite ar an urlár. Breis is céad caoga acu bailithe sa halla maidin ghaofar, dhoineanta agus an bháisteach ag clagarnach i gcoinne na bhfuinneog. Shuíodar go ciúin foighneach – bhíodar ag fanacht ar phíobaire.

Ba smaoineamh na leas-ardmháistreása é ceolchoirm bheag nó taispeántas píobaireachta a thabhairt do na páistí. Bhí sí cinnte de gur beag duine acu a chuala nó a chonaic fiú píobaire nó píobaí uilleann riamh. Agus, mar sin, nuair a thóg an píobaire (fear ard tanaí, beagáinín craptha leis an aois agus ag an saol) na píobaí amach bhíodar uilig faoi dhraíocht.

Cad a bhí aige ina lámha? Cén saghas croise a bhí á cur aige timpeall air féin? Agus cén fáth go raibh a lámha ag bogadh an t-am ar fad? Agus cad é an fhuaim dhiamhair sin a bhí ag teacht astu? Lacha? Coilleach? Gé? Ceol?

Labhair an píobaire go mall sollúnta ach bhí gáire ina shúile agus bhí sé soiléir go raibh gean aige ar na páistí. Thosaigh sé ag inseacht scéil dóibh faoi mhadra rua agus go tobann thosaigh sé ag seinnt foinn agus ansin, ina steillbheatha sa cheol, bhí an madra rua ag rith agus ag éalú ós na daoine a bhí ar a thóir.

Idir gach fonn – sheinn sé ar feadh leathuair an chloig – d’ól sé braoinín as a chupán. “Bainne”, a dúirt sé, agus é ag caochadh súl leis an leas-ardmháistreas, “mar go bhfuil bolg tinn orm.”

Séamus Ennis. Fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill.


Le bunú an Stáit thuig dream áirithe go raibh an seansaol Gaelach ag imeacht. Ar an ábhar sin chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann daoine timpeall na hÉireann ag bailiú ceoil, fonn, seanchais agus a leithéid. Ba é Séamas Ennis duine díobh. Agus é trí bliana is fiche – aimsir an dara Cogadh Domhanda – siar leis go Conamara ar thóir fonn agus amhrán lena rothar, a pheann, beart mór smaointe, a théagar fireann agus a nádúr caoin.

Mar chuid den phost choinnigh sé dialann bóthair agus le déanaí d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta an dialann sin sa leabhar Mise fear ceoil – Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942-1946. Is í an Dr Ríonach Uí Ógáin a chuir an leabhar in eagar – grianghrafanna gleoite, leagan amach ealaíonta agus nótaí an-chuimsitheacha. Ábhar álainn don cheoltóir óg ar mian leis nó léi an ceol dúchasach a thuiscint. Tá sé uilig anseo. Ainmneacha na ndaoine. Cur síos ar na háiteanna, ceantair Ghaeltachta den chuid is mó. An iargúltacht. An bochtanas. Na daoine. An greann. An ceiliúradh. An comhluadar. An chraic.

Tá filiocht sa scríbhneoireacht – is mór an trua nár lean Ennis air ag scríobh. Seo sampla: “Ní mar a shíltear a bhítear go minic – ní hé go raibh drochscéala romham, ach Neainín a bheith thiar agus muid thoir, agus í gaibhte soir sula dtáinig muidne anoir.”

Domsa is é an chuid is áille den leabhar ná an giota beag dialainne tar éis dó seachtain a chaitheamh i dToraigh ag seinnt agus ag cuartú i measc na ndaoine. “Chuir sé bród orm chomh buíoch is a bhí siad uilig díom.”

Is dócha gur thuig sé níos mó ná riamh a luach mar cheoltóir, nó an taisce cheoil a bhí aige.


Leabhar iontach tábhachtach atá anseo. Leabhar álainn.

Ach d’fhág sé mé le go leor ceisteanna.

Conas a fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath? Cad a tharla san idirlinn? Cén fáth gur theip ar a phósadh? Cén fáth nár tugadh post dó in Éirinn nuair a d’fhill sé ó Shasana sna seascaidí? Cén fáth? Cén fáth? Cén fáth?

Ceisteanna, ceisteanna. Níl na freagraí agam – is dócha gur scéal eile nó b’fhéidir gur an-chuid scéalta eile atá ann. Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.

B’fhéidir go ndearna sé an iomarca den tost a scagadh. B’fhéidir nach raibh sé i ndán don tost.

Samplaí de Shéamus Ennis ag seinnt:

http://www.youtube.com/watch?v=aF3fW4Nox9U

http://www.youtube.com/watch?v=lLe9etQ0iwQ&mode=related&search=

Samplaí de Paddy Keenan ag seinnt:

http://www.youtube.com/watch?v=lZVcuIiKgIo

http://www.youtube.com/watch?v=EOrReDJEpNQ

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.