Murach an tOirmhinneach Nicholas Callan agus eolaithe eile Éireannacha seans nach mbeadh gléasanna seinnte ceoil mar an iPod chomh maith is atá siad, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
Nuair a bhíonn daoine ag éisteacht le píosa deas ceoil ar an iPod, ní gá go dtuigfeadh siad go hiomlán an mhíorúilt teicneolaíochta atá i gceist. Tá teicneolaíocht den scoth sa ghlúin is déanaí de sheinnteoirí ceoil MP3 – teicneolaíocht a bhfuil dlúthbhaint aici le heolaíocht, agus go háirithe le nanaitheicneolaíocht.
Chun gur féidir linn éisteacht le ceol ar iPod nó ar ghléas eile cosúil leis, caithfidh go leor rudaí teacht le chéile. Mar shampla, caithfidh an gléas a bheith in ann fuaim a dhéanamh trí chluasáin, agus caithfidh ríomhaire beag ar mhicrishlis an fhuaim sin a chruthú ó eolas digiteach. Anuas air sin caithfidh an gléas an ceol ar fad a stóráil, agus eolas a thaispeáint don úsáideoir ar scáileán. Agus, ar ndóigh, caithfidh an cadhnra go leor cumhachta a ghiniúint chun gur féidir leis an ghléas feidhmiú ar feadh roinnt uaireanta an chloig ar a laghad.
Tá eolaíocht shuimiúil mar bhonn den teicneolaíocht sna gnéithe sin ar fad, creid é nó ná creid. Mar shampla, cé gur crá croí iad cadhnraí agus an tslí ina n-ídítear iad go tapa de ghnáth, ní bheadh siad chomh maith is atá siad gan an taighde a rinne an tOirmhinneach Nicholas Callan i Má Nuad fadó (féach www.nuim.ie/museum/ncallan.html).
Tá ceangail Éireannacha ón lá atá inniu ann ag dhá ghné eile – an scáileán agus an córas stórála. Tá nanaitheicneolaíocht lárnach sna gnéithe sin – agus tá comhlacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag forbairt slí nua chun eolas a thaispeáint ar scáileáin a bhfuil cuma páipéir orthu. Tá NTERA, Inc. lonnaithe sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta sa choláiste (féach www.ntera.com/home.html) ag forbairt “an chéad ghlúin eile” de scáileáin a léireoidh íomhánna agus dathanna bríomhara, nádúrtha gan mórán cumhachta a úsáid.
Ceann de na slite ina stórálann gléasanna ar nós an iPod a lán amhrán agus albam ná trí leas a bhaint as dioscaí crua. Tá na dioscaí sin bunaithe ar chórais mhaighnéadacha agus tá an t-eolas orthu i bhfoirm dhigiteach i maighnéid bheaga bhídeacha. Chun níos mó eolais a stóráil sa spás céanna, caithfear na maighnéid sin a dhéanamh níos lú fós. San eagrán is déanaí den iris eolaíochta Nature (29 Márta 2007) tá alt ag Roland Wiesendanger agus a chomhghleacaithe mar gheall ar shlí nua chun an maighnéadachas atá ag adaimh faoi leith a dhéanamh amach le micreascóp nua. Nuair a bhí mé féin ag obair le hIgor Shvets i gColáiste na Tríonóide bhíomar ag déanamh taighde sa réimse céanna (agus, dála an scéil, is faoi sin atá mo thráchtas – féach http://nanomagnet.blogspot.com/20060601_archive.html).
Cé go dtógfaidh sé i bhfad ar an teicneolaíocht mhaighnéadach seo dul ón tsaotharlann go dtí an siopa, is cinnte go mbeidh tionchar mór ag an taighde eolaíochta atá ar siúl faoi láthair ar an teicneolaíocht amach anseo.
Tá go leor rún eolaíochta á gceilt ag bosca gleoite bán an iPod!
Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie) agus foilsíonn sé an blag sciencecommunication.blogspot.com. Tá bogearraí foilsithe aige i bpáirt le Kevin Scannell agus tá GaelSpell, mar aon leis an ngramadóir nua Gaeilge, Ceart, ar fáil anois ón suíomh www.cruinneog.com.