Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana 2001 agus déanann roinnt tairngreachtaí faoin bhliain atá amach romhainn.
“Lá Caille - na Calendae - buailte linn arís agus, mirabile dictu, tá Beo! beo fós, más ar éigean atá,” dar le Balor an Scoláire Clasaiceach. Fuair sé cúrsa Laidine mar bhronntanas Nollag óna sheanchara Gael-Éireannach, Barrus Ó Donnabhanus Rossus agus tá sé ar bís a copulare focal a roinnt leis an saol mór. Murab ionann agus Georgivus Bushus Secundus, ní ar mhaithe len é féin a chur in iúl do mhuintir Latin America atá Balor ag foghlaim na Laidine, ach díreach le cur lena cháil mar vulturus culturus. Is iontach an rud é an fhoghlaim. Tuigeann Balor anois nach ollmhéid a tóna a bhí ag déanamh tinnis do Bhanríon Eilís Shasana nuair a bhí sí ag gearán faoin annus horibilis a bhí aici.
D’fhoghlaim Balor faoi bhoc mór sin na sean-Róimhe, Janus an Dá Éadan, a bhfuil an mhí seo ainmnithe ina onóir. Ar nós Janus, amharcann Balor siar agus chun tosaigh; siar ar thrí ráithe de “Beo ar Éigean” agus ar aghaidh isteach sa bhliain 2002 lena chuid tairngreachtaí, mar a bheadh Oraculum Delphi ann. Tá súil ag Balor go bhfuil a chuid léitheoirí uilig impresseáilte go mór (mar a deirtear i gConamara) lena chuid Laidine agus faoi iontas ag an oiread sin focal atá san alt seo aige sa chló iodálach.
Siar linn ar dtús. Mí álainn na Bealtaine a bhí ann agus bhí na héin ag canadh, na bachlóga ag pléascadh ar na crainn, na barraí ag teacht aníos go tréan agus méileach na gcaorach agus a gcuid uan go binn ar na sléibhte. Bhí an Tíogar Ceilteach beo beathach agus múinteoirí sona na hÉireann ag ullmhú a gcuid daltaí fá choinne scrúduithe an Stáit. Bhí an saol ina cheart. Seo chugainn an iris úr idirlín, “Beo ar Éigean”, agus taobh istigh de sheachtain bhí na múinteoirí ar stailc, na caoirigh uilig marbh, an Tíogar Ceilteach ag ithe a rubaill féin, cnámha Naomh Treasa bailithe leo ar ais chun na Fraince, agus an saol ina chac. Comhtharlú??? Táthar ann a déarfadh nach ea.
Faoi theacht an tsamhraidh bhí Balor ag maíomh: “Is Eorpach mé ó bhonn mo chrúibe go barr mo bhraoi, ó log m’imleacán go gleann mo thóna!” Bhí cúis aige lena mhaíomh sin agus é ag caoineadh lán a shúile de dheora goirte i ndiaidh do phobal bradach na hÉireann diúltú do chomhairle Bhertie i dtaca le Conradh Nice. “Ní raibh sin Nice!” a dúirt Balor, a raibh suim ar leith aige sa Chonradh sin. Fuarthas amach ina dhiaidh go raibh dúil mhór ag Balor sa phost mar Uachtarán na hEorpa, ach ní ar mhaithe leis féin, dar ndóigh. Leas phobal na hÉireann agus na hEorpa a raibh sé ag smaoineamh air: “Dá dtoghfaí mise chuirfeadh sin deireadh le handúil an duine eile sa phost. Tá mé ag caint ar Íosa Mhic Ghiolla Mháire atá ag santú Uachtaránacht na hÉireann ó thús. Níorbh fhada go mbeadh an Eoraip ar fad curtha isteach in aon limistéar ama amháin aici, sa dóigh go mbeadh gach aon duine ó Vladivostok go Valentia ag stopadh ag an am céanna, trí huaire sa lá, leis an Angelus a rá le chéile.”
Anois ag tús na bliana úire tá na caoirigh ar ais ar na sléibhte agus na múinteoirí ar ais sna seomraí ranga, gan cead ag ceachtar dream acu a gcuid crúb a chur ina mbéal níos mó. Tá Hosanna Bin Ó Loideáin fós ar a sheachnadh in Iorras Aithneach, é féin agus Johnny Mháirtín Learaí agus Josie Sheáin Jeaic ag caitheamh siar piontaí achan oíche agus ag cur mearbhaill ar spiairí an CIA thiar le leagan úr d’amhrán cáiliúil na hAfganastáine: “Níl Mo Theaichín i mo Phluaisín”.
Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag:
Earrach 2002: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn. Is iomaí móidghealladh a dhéanfar ag polaiteoirí agus is beag trácht a dhéanfar ag iriseoirí ar an chéad leathmhagairle a bheith bainte de Raidió na Gaeltachta. Beidh Josephus Mac Donnchus róghnoitheach ag socrú isteach ina phost úr le gearán ar bith a dhéanamh.
Samhradh 2002: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh toghchán mór in Éirinn. Is iomaí móidghealladh a ndéanfar dearmad air agus is beag trácht a dhéanfar ag iriseoirí ar rud ar bith eile seachas an toghchán. Bainfear an leathmhagairle eile de Raidió na Gaeltachta ach beidh lucht RnaG féin róghnoitheach ag caint ar chúrsaí toghcháin leis an phian a mhothú.
Fómhar 2002: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór in Éirinn ar thorthaí an olltoghcháin. Cuirfidh na caillteoirí na móidghealltaí i gcuimhne do na buaiteoirí agus is beag trácht a dhéanfar ag iriseoirí ar rud ar bith eile seachas nach bhfuil athrú ar bith i ndiaidh teacht ar dhath ar bith. Déanfar Raidió na Gaeltachta a dhí-bhodú, ach ós fada ó bhain righneas nó teannas leis, ní thabharfar an t-easnamh fá deara.
Geimhreadh 2002: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór in Éirinn ar cháinaisnéis agus ar an leas eacnamaíochta. Agus tarlóidh sé nach mbeidh caint ar bith ann ar an leas cultúrtha. Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh. “Ná fág faoina leithéid is Leamh Ó Cuinneagáin é nó tá an cath caillte,” a deir Balor na Baoth-Fháistine. “Níl seisean mór a dhóthain le troid a chur ar Shílteach De Valera. An bhfuil duine ar bith mór a dhóthain??? ... Haló??? ... Haló???”