THALL IS ABHUS
An tAchrann san Atlantach Theas
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Comhairle ag Alex Hijmans ort má tá cónaí ort sna Sé Chontae nó sa Bhreatain: b’fhiú duit iarratas a chur isteach ar chlóichead na hÉireann má tá fút taisteal go Meiriceá Theas.

Íomhá
An Belgrano ag tógáil uisce
Íomhá
Saighdiúirí na hAirgintíne sa chogadh
Íomhá
Cuimhneachán Guerra de las Malvinas

Más faoi bhun an tríocha bliana d’aois thú, caolsheans go gcuimhneoidh tú ar Chogadh na nOileán Falkland. Ach má tá an léithe luath ort agus tú ag dul in ‘aibíocht’ nó in aois, is féidir gur cuimhin leat go ndearna arm na hAirgintíne ionradh ar oileáin creagacha san Atlantach Theas in Aibreán na bliana 1982. B’shin an chéad uair gur chuala duine ar bith, díomaite den trí mhíle duine atá ina gcónaí ann, faoin gcúpla oileán seo. Baineann na hoileáin leis an mBreatain cé nach bhfuil siad ach cúpla céad ciliméadar amach ó chósta na hAirgintíne, tír ina dtugtar ‘Islas Malvinas’ orthu fós. (Féach na naisc thíos)

Ceacht staire gairid do na hógánaigh agus dóibh siúd nach raibh ag tabhairt aon aird ar an scéal thiar sa bhliain ’82: ghabh fórsaí na hAirgintíne, tír a raibh deachtóireacht mhíleata i réim ag an am, na hoileán Falkland gan mórán deacrachtaí. Ghlac gach duine – muintir na hAirgintíne ach go háirithe – leis nach mbacfadh an Bhreatain leis na creaga beaga seo gar don Mhol Theas a chosaint. Ach bhí dul amú orthu. Sheol Margaret Thatcher, príomhaire na Breataine ag an am, loingeas na tíre sin isteach san Atlantach Theas agus cuireadh an chuid ba mhó de chabhlach na hAirgintíne go tóin poill. Saoraíodh na hoileáin – deirim saoraíodh toisc go labhraíonn na hoileánaigh Béarla agus toisc go mbreathnaíonn siad orthu féin mar phobal de shliocht na Breataine – ach ba é an toradh ba thábhachtaí ar an gcogadh ná gur tháinig deireadh, bliain níos déanaí, leis an deachtóireacht mhíleata san Airgintín, deachtóireacht a bhí ar cheann de na réimis ba bhrúidiúla dá raibh i bhfeidhm i Meiriceá Theas riamh.

Bíodh sin mar atá, fiú anois, 27 mbliana níos déanaí, níl deireadh leis an aighneas faoi na hOileán Falkland: breathnaigh ar léarscáil ar bith den domhan a rinneadh san Airgintín agus feicfidh tú gur cuid den Airgintín iad na ‘Islas Malvinas’ (agus slisín suntasach den Antartach.)

Athghéarú

Go deimhin, tá an t-achrann san Atlantach Theas ag géarú le mí anuas. Beag baol go ndóirtfear fuil an iarraidh seo – tá daonlathas i réim san Airgintín agus níl Gordon Brown na Breataine leath chomh bruíonach is a bhí Margaret Thatcher – ach d’fhéadfadh sé go mbeidh impleachtaí ag athghéarú an achrainn a mhothófar i bhfad ó na hoileáin féin – i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe.

Thiar sa bhliain 1982, socraíodh sa chonradh síochána idir an Airgintín agus an Bhreatain nach bhféadfadh ceachtar den dá thír feidhm a bhaint as na hacmhainní nádúrtha sna farraigí timpeall ar na hoileáin go haontaobhach: chaithfeadh an dá thír a bheith páirteach in aon togra dá leithéid. Ach an mhí seo caite, d’fhógair an Bhreatain go mbeidh tús á chur ag an tír sin le taiscéaladh ola timpeall ar na hoileáin – aisti féin. Ní nach ionadh, bhí muintir na hAirgintíne le ceangal. Rinne Uachtarán na tíre, Cristina Kirchner, gearán oifigiúil leis na Náisiúin Aontaithe – a thug neamhaird uirthi.

Chuir dearcadh laissez-faire na Náisiún Aontaithe olc, ní hamháin ar mhuintir na hAirgintíne, ach ar pholaiteoirí Mheiriceá Theas ar fad. Ag cruinniú mullaigh de chuid thíortha Mheiriceá Theas agus na Mara Cairib i Meicsiceó, ag deireadh Mhí Feabhra, ghlac 32 thír d’aon ghuth le rún tacaíochta don Airgintín i gcás na n-oileán.

Impleachtaí i bhFad ó na hOileáin

Díol suntais ab ea a fhíochmhaire a labhair Uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva, nó Lula, mar is fearr aithne air, faoin ábhar. Thug sé faoin mBreatain go láidir, ag rá nach bhféadfadh sé go mbainfeadh oileán nach bhfuil ach cúpla céad ciliméadar i bhfarraige ó chósta na hAirgintíne le tír atá 14,000 ciliméadar ar shiúl uathu. Ach anuas air sin, rinne Lula ionsaí ar na Náisiúin Aontaithe féin: “Is léir gur club iad na Náisiún Aontaithe a dhéanann ionadaíocht ar leasa thíortha a bhí láidir fadó, beag beann ar chaidrimh chumhachta an domhain sa lá atá inniu ann.”

Tá pointe ag Lula. Is baill sheasta ar Chomhairle Sábháilteachta na Náisiún Aontaithe iad na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSín, an Bhreatain agus an Fhrainc. Measann Cristina Kirchner, Lula, agus ceannairí polaitiúla eile Mheiriceá Theas agus na Mara Cairib go ndearna na Náisiúin Aontaithe beag is fiú de ghearán na hAirgintíne toisc gur ball seasta í an Bhreatain den Chomhairle agus go gcrosfadh an tír sin aon rún a thacódh le gearán na hAirgintíne.

Ach cén fáth go bhfuil an oiread sin faobhar ar Uachtarán na Brasaíle faoin gcás má tá na hOileáin Falkland na mílte míle ón mBrasaíl? Breathnaíonn an Bhrasaíl uirthi féin mar urlabhraí do Mheiriceá Theas ar fad, ní nach ionadh, toisc gurb í an tír is mó agus is cumhachtaí ar an mór-roinn í. Ach anuas air sin, tá an Bhrasaíl ag lorg suíochán ar Chomhairle Shábháilteachta na Náisiún Aontaithe di féin le fada an lá. Leithscéal foirfe é athghéarú choimhlint na nOileán Falkland chun cás na mball seasta ar Chomhairle Sábháilteachta na Náisiún Aontaithe a chur ar an gclár plé in athuair.

Am le Cur Isteach ar Phas Éireannach

Idir an dá linn, seans mór go mbeidh fáilte níos fuaire fós roimh thurasóirí as an mBreatain san Airgintín. Is cuimhin liom an teorainn idir an Brasaíl agus an Airgintín a thrasnú, deich mbliana ó shin, i gcuideachta fhear as Albain. Bhreathnaigh lucht custaim na hAirgintíne ar mo phas Ísiltíreach ar feadh leathmheandair agus thug cead coise dom. Bhreathnaigh siad ar chlóichead Breataineach mo charad as Albain ar feadh deich nóiméad sular scaoil siad tríd go grod é. Comhairle don té a thaistealós as Tuaisceart Éireann is a bhfuil sé ar intinn aige cuairt a thabhairt ar an Airgintín: cuir isteach láithreach ar chlóichead Éireannach muna bhfuil ceann agat cheana féin!

Naisc: Ainm na n-oileán Îles Malouines http://en.wikipedia.org/wiki/Saint-MaloNaomh Maclou, deisceabal Bhréanainn: http://en.wikipedia.org/wiki/SaintMalo(saint)http://www.dailymotion.com/video/xccxrbargentina-takes-falklands-dispute-tnewshttp://gd.wikipedia.org/wiki/Nah-EileananF%C3%A0clainnAn Belgrano http://en.wikipedia.org/wiki/ARAGeneralBelgranohttp://www.youtube.com/watch?v=1aZdAyHVjzQhttp://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=873

http://english.aljazeera.net/programmes/rizkhan/2010/03/201031710318263183.html

An Airgintín http://ga.wikipedia.org/wiki/AnAirgint%C3%ADnhttp://www.dailymotion.com/video/xlwo6malvinas-war-the-truthhttp://www.dailymotion.com/video/x4laurguerra-de-las-malvinas-war-sinkingtechhttp://www.dailymotion.com/video/x67cvcla-guerre-des-malouines-1-4news

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.