Tá drúthlanna agus clubanna gnéis mídhleathach san Iodáil ach aimsíonn striapacha na tíre slite eile chun a gcuid seirbhísí a dhíol. Tuairisc ó Roberta Stefan.
Má dhéanann duine turas *puttan *a thairiscint duit agus tú ar saoire i gcathair san Iodáil, ná bí ag ceapadh go bhfuil sé ag obair do ghníomhaireacht taistil. Is éard atá i gceist nó turas cairr timpeall lár na cathrach chun féachaint ar na striapacha ar na sráideanna. (Is é *puttan *an focal Iodáilise ar striapach.) Na laethanta seo, tá striapacha le fáil i bpáirteanna éagsúla de na cathracha móra, ach bíonn a bhformór ag obair i gcúpla príomhcheantar de ghnáth agus bíonn siad scartha de réir tír dhúchais agus gnéis go minic.
Nuair a éiríonn fir óga sna fichidí agus sna tríochaidí bréan de na tithe tábhairne agus de na clubanna, agus nuair a bhíonn fonn orthu rud éigin difriúil a dhéanamh don oíche, tiománann siad timpeall agus labhraíonn siad leis na striapacha, ag cur i gcéill go bhfuil suim acu a gcuid seirbhísí a úsáid (rud a bhíonn, uaireanta). Fiafraíonn siad cén costas a bhainfeadh le seirbhísí difriúla, cad é go díreach a d’fhéadfadh siad a fháil ar shuim áirithe airgid, agus féachann siad le luach a gcuid airgid a fháil. Go hiondúil, éiríonn an striapach feargach mar go dtuigeann sí an cluiche atá ar bun ag na fir seo. Bíonn ar na fir óga imeacht ar luas lasrach sula n-éiríonn leis an striapach teacht róchóngarach dóibh.
Cúpla bliain ó shin is minic a bhíodh daoine le feiceáil ag caitheamh T-léinte leis na focail “puttan-tour”, léarscáil den chathair orthu, aird tarraingthe ar na ceantair is mó striapacha agus na táillí a bhí á ngearradh.
Tugann sé seo go léir léargas soiléir ar an tábhacht a bhaineann leis an striapachas san Iodáil, go háirithe i gcomparáid le tíortha eile. Tá sé seo amhlaidh de bharr go bhfuil an reachtaíocht sa tír seo difriúil: ní coir é an striapachas san Iodáil cé gur coir é teacht i dtír ar sheirbhísí striapaigh de réir Dlí Merlin L.75/1958. I dtíortha áirithe, mar an Ghearmáin, an Ghréig agus an Ollainn, féachtar ar an striapachas mar ghairm agus is gá duit ceadúnas a bheith agat le tabhairt faoin obair. Tugtar cosaint dlí do na mná agus is gá dóibh scrúdú leighis a fháil ar bhonn rialta. Is í Éirinn an t-aon thír de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an striapachas fós ina choir.
Meastar go bhfuil idir 50,000 - 70,000 striapach ag obair san Iodáil agus gur eachtrannaigh níos mó na leath acu. Tá daoine áirithe den tuairim, áfach, go bhféadfadh suas le 40,000 striapach eachtrannach a bheith i gceist ar fad. I Milano, is eachtrannaigh iad timpeall 80% de na striapacha sráide. As na tíortha seo a leanas is mó a thagann striapacha sráide na tíre: An Nigéir, an Albáin, an Rúis agus an Úcráin. Tá an striapachas sráide faoi smacht dhá dhream: daoine as na tíortha céanna as a dtagann na striapacha agus eagraíochtaí mafia. Meastar gur as an Albáin breis is 8,000 de striapacha na hIodáile, a bhfuil 30% acu faoi 18; tagann roinnt acu seo chun na tíre ar víosa saoire ach déantar go leor acu a smuigleáil trasna Mhuir Aidriad. Is cailíní idir 10 mbliana agus 15 bliana timpeall 10% de striapacha thuaisceart na hIodáile, agus tá suas le 30% de na striapacha sa réigiún idir 16 bliana déag agus 18 mbliana déag. I 1999, dúnmharaíodh 189 striapach ó thíortha iasachta san Iodáil, ardú de 23% ó bhí 1992 ann. Maraíodh 116 striapach sráide Nigéarach san Iodáil idir 1994-1998. Is coir é cabhrú le striapach (mar shampla, coiscíní a dhíol léi nó cupán caife a thabhairt di agus í i mbun oibre) nó teacht i dtír ar an striapachas. Níl sé i gcoinne an dlí a bheith ag obair mar striapach ar an tsráid san Iodáil. Tá drúthlanna agus clubanna gnéis mídhleathach, ach ní coir é a bheith ag obair i gceann acu mar striapach.
Is eachtrannaigh iad formhór na striapach atá ag obair ar an tsráid na laethanta seo - idir 25,000 - 40,000 den líon iomlán, de réir meastachán airithe; is fearr le go leor de na striapacha Iodálacha a gcuid custaiméirí a aimsiú i slí eile. Cuireann siad fógraí i nuachtáin nó in irisí áitiúla agus i bhfoilseacháin speisialta ina mbíonn grianghraif agus uimhreacha teileafóin na mban, glaonn custaiméir agus déanann sé coinne.
Ní saormhargadh é an striapachas, áfach. Ní féidir le bean cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid. Tá eagraíochtaí móra ag riar an mhargaidh a shocraíonn cé a sheasann cén áit, an táille ba cheart dóibh a ghearradh agus an méid airgid ba cheart dóibh a thabhairt don té atá i gceannas orthu ag deireadh na hoíche. Cuireann na *magnacci *seo cosaint ar fáil i gcoinne daoine a bhíonn ag crá na striapach, ach, os a choinne sin, buailtear iad mura dtugann siad go leor airgid dá máistrí gach oíche.
An t-idirlíon
Mar a bheifeá ag súil, baineann an ghairm is sine ar domhan úsáid as an idirlíon agus as an nuatheicneolaíocht. An rud a tharlaíonn go coitianta anois ná go ndéantar teagmháil tríd an idirlíon le daoine a d’fhéadfadh a bheith ina gcustaiméirí go luath. Faigheann úsáideoirí idirlín tairiscintí ina mbosca teachtaireachtaí ríomhphoist a chuireann ar an eolas iad faoi shuímh ghréasáin ar féidir leo cuairt a thabhairt orthu agus “na hearraí” atá ar taispeáint a cheannach gan bráca nó dainséar. An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú, teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo. Bíonn cuma measúil go leor agus saor ó bhréantas ar seo ar fad, ní hionann agus bean a bhailiú ón tsráid agus gnéas a bheith agat léi. Cuireann an cur chuige seo cosaint ar fáil do na mná agus do na custaiméirí; cuireann sé ar chumas na mban an gnó a dhéanamh gan “cosaint” ó dhuine ar bith agus gan an t-airgead a roinnt le haon duine. Tá an fheiceálacht a chuireann an t-idirlíon ar fáil an-tábhachtach chomh maith.
I suirbhé idirlín a rinne an comhlacht Netvalue, tháinig an Iodáil sa cheathrú háit san Eoraip maidir le húsáid an idirlín chun gnéas a fháil; measadh go raibh suas le dhá mhilliún agus trí chéad míle fear ag úsáid an chur chuige seo. Meastar chomh maith go bhfuil naoi milliún de chuid fear na hIodáile ag luí le striapacha go rialta.
Tá an t-idirlíon tar éis gach rud a athrú. Ní éireodh leis an striapach roimhe seo teacht ar mhargadh chomh mór, fiú dá gcuirfeadh sí fógra sna nuachtáin náisiúnta gach lá den tseachtain.
Mura bhfuil bua na fiontraíochta ag mná agus mura féidir leo a ngnó féin a reáchtáil go héifeachtach, tá féideartheacht eile ann: obair a fháil in “ionad áilleachta”. Chuir Viva Lain i Torino obair ar fáil mar “shuathairí” do mhná as oirthear na hEorpa agus as an Iodáil féin, ach ní raibh aon rud traidisiúnta ná oirthearach ag baint leis an tsuathaireacht a bhí siad ag tairiscint. Ba dhaoine tábhachtacha sa tsochaí iad cuid cliant an ionaid: imreoirí sacair ó chlubanna Torino, Juventus, Verona, Chievo agus Venezia, polaiteoirí, iriseoirí agus daoine mór le rá eile. Théadh siad ansin agus chaitheadh siad suas le €500 ar shuathaireacht speisialta; ní raibh aon deacrachtaí acu ó thaobh airgid de. Thugadh siad cuid de na mná chuig cóisirí príobháideacha agus roinneadh siad drugaí go fial leo.
Ach, ó bhí mí Iúil ann, tá na póilíní tar éis fiosrúchán a thosú i gcás dáréag de na daoine seo a bhí ag úsáid cuid seirbhísí Viva Lain, soláthrú striapach agus teacht i dtír ar an striapachas curtha ina leith. Gabhadh úinéir an ionaid, Tiziana Maritano (32), chomh maith, mar aon lena fear Luca Costa (34), Diana Epifani (31) agus Lorena Berno (31).
Le cúpla bliain anuas, tá roinnt polaiteoirí de chuid na heite deise ag moladh go ndéanfaí na drúthlanna a athoscailt; tá siad mídhleathach faoi láthair ach tá siad ann mar sin féin, cé go mbíonn siad ag cur i gcéill gur gnó eile ar fad iad. Cuireadh ina choinne seo go tréan agus bhí daoine ag rá go go ndéanfadh a leithéid an striapachas níos forleithne. Tá daoine eile ag rá gur céim chun tosaigh a bheadh ann - go gcinnteodh sé nach mbeadh mná agus trasghnéasaigh leathnochta (nó níos mó ná leathnochta) ina seasamh taobh amuigh de thithe daoine, go bhfaigheadh na striapacha cúram leighis agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann lena ngairm. Chinnteodh sé chomh maith, gan amhras, nach mbeadh oiread timpistí ann mar nach mbeadh tiománaithe ag stopadh go tobann i lár na sráide chun labhairt le striapacha!
Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.