AR NA SAOLTA SEO
An sladmhargadh Éireannach
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

As chuile euro a fhaigheann muid ón Aontas Eorpach, cailleann muid a chomhionann is dhá euro i luach an éisc a thógann iascairí eile i bhfarraigí na hÉireann, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Íomhá
An trosc - ar an dé deiridh
Íomhá
An tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Dermot Ahern TD

Nócha faoin gcéad de chríocha náisiúnta na hÉireann, ní ar thalamh tirim atá siad ach ar muir. Dá mbainfeadh muid leas ceart as an saibhreas iontach atá ar fáil dúinn sna farraigí mórthimpeall orainn - flúirse éisc, ola, gás agus mianraí eile as cuimse - bheadh Éire níos saibhre ná an Iorua. Níor ghá dúinn déirc a iarraidh sa mBruiséal: bheadh neart airgid againn chun ár gcuid mótarbhealach féin a thógáil. Agus ní bheadh muid sa riocht ina bhfuil muid anois, an tionscal iascaireachta ag dul go tóin poill agus diabhal tada gur féidir linn a dhéanamh faoi an fhad is atá muid san Aontas Eorpach.

Cé a chreidfeadh é, gan ach roinnt seachtainí imithe thart ó glacadh le Conradh Nice agus an lug tite ar an lag cheana féin. Dúradh linn, aimsir an reifrinn, gan a bheith buartha faoi na hathruithe sa gcóras vótála. Dúradh linn gur cuma an veto a bheith caillte againn. Bheadh ár gcomharsana Eorpacha deas linn i gcónaí, ní bhrúfaí rudaí orainn. Agus céard a tharla? Tagann na hairí mara le chéile sa mBruiséal agus cuireann siad socrú nua iascaireachta ar bun a dhéanfas dochar mór don tionscal abhus. Cuireadh iachall ar Aire páirtaimseartha na Mara, Dermot Ahern, an socrú a shlogadh i ndiaidh roinnt de na seisiúin idirbheartaíochta ba theasaí riamh. Ag deireadh an lae, áfach, bhí ar Éirinn glacadh leis an socrú, agus ghlac sí leis.

Is é an “Bosca Éireannach” agus a bhfuil i ndán dó is mó atá i mbéal an phobail faoi láthair, agus tá cúis mhaith leis sin. Ach tá gnéithe eile den socrú arbh fhiú aird a tharraint orthu, agus ina dhiaidh sin is gá an bhunloighic atá taobh thiar den Chomhpholasaí Iascaireachta a cheistiú ina iomláine. (Tar éis an tsaoil, as chuile euro a fuair muid ón Eoraip, chaill muid a chomhionann is dhá euro i luach an éisc a thóg iascairí eile i bhfarraigí na hÉireann ó chuaigh muid isteach sa gComhphobal 30 bliain ó shin.) In áit aon mhórleasú a dhéanamh ar an gcomhpholasaí lochtach seo, áfach, ní dhearna na hairí mara ach pleananna bainistíochta ilbhliana a thabhairt isteach (más mall is mithid) agus cúpla mionleasú eile.

Beartas cosanta

Bosca 50 míle cearnógach amach ó chósta thiar na hÉireann is ea an Bosca Éireannach. Cuireadh ar bun in 1986 é, nuair a tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach sa gComhargadh Eorpach. Beartas cosanta don tionscal abhus a bhí ann: taobh istigh den limistéar seo ní raibh cead ach ag 40 bád Spáinneach dul ag iascach in aon am amháin. Tá an cabhlach iascaireachta is mó san Eoraip ag na Spáinnigh, agus ba é an tuiscint a bhí ann an t-am sin ná gur chóir srianta áirithe a chur orthu, ar feadh roinnt blianta, chun deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann an cabhlach s’acu féin a mhéadú sa chaoi is go mbeadh siad in ann dul in iomaíocht leis na Spáinnigh in am trátha.

Ar bhealach, tá go leor cur i gcéill ar bun ag na iascairí faoin mBosca Éireannach, agus ní chabhraíonn sé lena gcás. Bhí a fhios acu go maith go raibh deireadh ag teacht leis: socrú sealadach teoranta a bhí ann riamh, agus an t-aon argóint atá ann ná ar chóir deireadh a chur leis i mbliana nó an bhliain seo chugainn. Chomh maith leis sin, is orainn féin amháin atá an locht muna bhfuil cabhlach iascaireachta na hÉireann inchurtha le cabhlach na Spáinne faoin am seo.

Agus an méid sin ráite, tá an ceart ar fad ag na hiascairí nuair a deir siad gur amaidíocht atá ar bun ag an gCoimisiún Eorpach, é ag iarraidh iasc a chaomhnú agus ag an am céanna ag ligint do na Spáinnigh na céadta bád iascaireachta eile a chur isteach sa limistéar. Tá a fhios ag an saol Fódlach cén toradh a bheas ar an socrú nua: an bhliain seo chugainn beidh na heolaithe ag rá linn go bhfuil titim mhór eile sna stocanna amach ó chósta na hÉireann. Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b’fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.

Ní raibh a fhios ag éinne, áfach, nuair a bhí an Spáinn ag iarraidh teacht isteach sa gComhphobal Eorpach agus nuair a bhí an Bosca Éireannach á leagan síos, go mbeadh an stoc éisc i bhfarraigí an Aontais sa riocht ina bhfuil sé sa mbliain 2003. Tá an trosc ar an dé deiridh: dá nglacfaí le comhairle na n-eolaithe ní bheadh cead oiread is ceann amháin a thabhairt i dtír i mbliana. Tá stocanna eile, an cholmóir ach go háirithe, i dtrioblóid mhór. Sa gcomhthéacs sin, ní dhéanann sé aon chiall deireadh a chur leis an mBosca Éireannach. B’fhéidir go bhfuil argóint ann le hainm nua a thabhairt air - an Bosca Caomhnaithe, cuir i gcás - agus na srianta céanna a chur i bhfeidhm ar chuile dhuine, ach níor chóir ligint do na céadta bád Spáinneach teacht isteach ann. Má tharlaíonn sé sin, tubaiste a bheas ann don tionscal abhus. Bheadh sé chomh maith acu a ghabháil ag feadaíl seachas cur chun farraige.

Córas lochtach

Ag croí na faidhbe tá an córas lochtach faoina shocraítear na cuotaí éisc san Aontas Eorpach. Chuile bhliain cuireann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéaladh na Mara (ICES), moltaí faoi na stocanna éagsúla faoi bhráid an Aontais. Tá na moltaí sin bunaithe ar mheastachán eolaíoch ar an méid is mó éisc ba chóir a mharú gan dochar fadtéarmach a dhéanamh do na stocanna. Ach chuile bhliain socraíonn na hairí mara na cuotaí ag leibhéil atá i bhfad níos airde ná an méid a mholann na heolaithe. Déanann siad é sin de bharr brú ón tionscal agus toisc an imní atá orthu go gcaillfear postanna (agus vótaí) má bhíonn na cuotaí ró-íseal. Leanann na hiascairí ar aghaidh ansin ag marú na n-iasc ag leibhéal atá ró-ard, agus laghdaítear an stoc a thuilleadh.

Córas craiceáilte é sin, a dhéanann dochar don tionscal agus don stoc éisc araon, agus nach bhfreagraíonn do leas na sochaí ina iomláine. Ar chóir ceist atá chomh tábhachtach leis a fhágáil i lámha na n-airí mara amháin?

Acmhainn chomónta í an fhlúirse iasc atá sna farraigí thart timpeall orainn. Ní leis na hiascairí amháin í. Níl aon cheart ar leith ag na hiascairí an acmhainn seo a ídiú go mífhreagrach bliain i ndiaidh bliana, faoi mar atá déanta acu leis na cianta. (Admhaím, ar ndóigh, gur mó go mór an dochar a dhéanann iascairí na Spáinne, ach ní scata naomh iad iascairí na hÉireann.) Agus ní ceart go bhfágfaí dréachtú an chomhpholasaí nua i lámha ionadaithe an tionscail, státseirbhísigh sa mBruiséil agus polaiteoirí a ghéillfeas go héasca d’éilimh na n-iascairí má cheapann siad go bhfuil vótaí ann.

Déanadh an pointe seo go láidir i dTuairim oifigiúil a chuir coiste tomhaltóirí sa bParlaimint Eorpach ar aghaidh chuig coiste iascaireachta na Parlaiminte maidir le beartais chaomhnaithe áirithe atá á bplé i láthair na huaire:

“Gan éisc, ní bheidh aon iascairí ann, agus ní bheidh aon pholasaí iascaireachta ann. Tá sé chomh símplí leis sin. Faoi mar atá cúrsaí sna farraigí ní mór céimeanna fórsúla a ghlacadh láithreach.”

Ar an drochuair, níl aon radharc ar na “céimeanna fórsúla” sin, agus is baolach go bhfágfar polasaí iascaireachta an Aontais sa bpraiseach ina bhfuil sé i láthair na huaire. Go dtí go mbeidh sé rómhall.

*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.