Meastar go n-éireoidh leis an bPáirtí Daonlathach smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe sna toghcháin mheántéarma ar an 7 Samhain ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, rachaidh sé níos déine orthu an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtánaigh sa Seanad.
Dé réir Oifig Staidrimh na Stát Aontaithe, rugadh an 300 milliúnú Meiriceánach ar an 17 Deireadh Fómhair. Dhá lá ina dhiaidh sin, dhún na stocmhalartáin i Meiriceá agus innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones thar 12,000 den chéad uair riamh.Cúiseanna ceiliúrtha, shílfeá, ach más ea, ba bheag ceiliúradh a bhí le tabhairt faoi deara sna Stáit Aontaithe an tseachtain sin. Chuaigh na clocha míle seo thart faoi chiúnas díomách nach gceanglófá lena leithéid de ghnáth.Níor fhaoiseamh ró-iontach í an nuacht faoin Dow Jones, agus earnáil ghnó Mheiriceá fós ag stámhailleach faoi shraith fhada buillí. Daoradh Jeffrey Skilling, iar-phríomhfheidhmeannach Enron, an t-ollchomhlacht cumhachta, chun príosúin ar feadh 24 bliana ar an 25 Deireadh Fómhair, mar gheall ar a pháirt i gcomhcheilg ghadaíochta, an lá céanna a thug an comhlacht gluaisteán Ford le fios go gcaillfeadh siad timpeall $10 mbilliún in 2006.
Má tá an Dow Jones féin ard, tá misneach infheisteoirí na tíre tite go mór. Agus luachanna tithe ag titim, go háirithe i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, tá sciar níos mó de thuarastal na ndaoine á chaitheamh ar mhorgáistí gan dóchas ag na húinéirí céanna go bhfaighidh siad costas a dtithe ar ais nuair a dhíolfaidh siad arís iad. Ar an 27 Deireadh Fómhair, tugadh le fios gur thit fás geilleagrach na Stát Aontaithe go dtí 1.8% sa tríú ceathrú de 2006, an ráta ab ísle le trí bliana, agus i bhfad níos ísle ná an 2.2% tubaisteach a rabhthas ag súil leis.Is é is dóichí, de réir na meán, gur rugadh an 300 milliúnú Meiriceánach in iardheisceart na Stát Aontaithe, agus gur Easpáinneach é nó í. Agus b’ábhar machnaimh é seo do go leor, agus an tUachtarán Bush ag síniú achta, slán an scéalaí, dar teideal an “Secure Fence Act 2006”, ag ceadú fál 1,300 ciliméadar ar fhad idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. Ritheadh an t-acht ar an 29 Meán Fómhair, ach cuireadh siar an searmanas sínithe go dtí an 26 Deireadh Fómhair chun lámh chúnta a thabhairt do na Poblachtánaigh sa toghchán meántéarma ar an 7 Samhain.
Idir seo agus uilig, tá an cogadh ag leanúint ar aghaidh san Iaráic, agus daoine cinnte anois go marófar níos mó ná céad saighdiúir Meiriceánach i mí Dheireadh Fómhair amháin, an ráta maraithe míosúil is airde, beagnach, ó thús an chogaidh. Céasadh mall na míle cneá is ea an cogadh do phobal Mheiriceá anois, gach marú san Iaráic ag baint deoirín fola nua ó chorp na tíre.Is é an toghchán is mó atá ag déanamh scime do Mheiriceánaigh faoi láthair, ámh, cé acu ar Poblachtánaigh nó Daonlathaigh iad. Creideann Poblachtánaigh go gcaillfidh siad a gcumhacht i gComhdháil na tíre, rud a chinnteoidh go bhfágfar an uachtaránacht bacach éagumasach go dtí an chéad toghchán uachtaránachta eile in 2008, agus creideann na Daonlathaigh nach mbuafaidh siad go leor suíochán chun an ruaig iomlán a chur ar na Poblachtánaigh. Is é an toradh is dóichí sa toghchán, ámh, ná go mbeidh cothromas suíochán idir an dá pháirtí, nach mór. Má tharlaíonn sé sin fágfar an Chomhdháil gan tromlach ar thaobh ar bith.Córas dhá pháirtí
Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá. Cruthaíonn córas dhá pháirtí seasmhacht láidir, go háirithe nuair a thoghtar teachtaí do théarmaí dhá bhliain, ceithre bliana, agus sé bliana. Níorbh fhéidir, fiú agus an toil pholaitiúil ann i bpobal na tíre, an Chomhdháil ina hiomláine a athrú in aon toghchán amháin. Má chruthaíonn an córas seasmhacht, ámh, cruthaíonn sé roinnt soiniciúlachta sa phobal freisin. Muna féidir leat an tír a athrú, a cheapann go leor, ní fiú do vóta a chaitheamh. Agus le tamall anuas, tá níos mó Meiriceánach ag fanacht amach ó na hionaid vótála. Táthar ag tuar nach gcaithfidh ach 36% den phobal a vóta sa toghchán an mhí seo, an ráta is ísle le 14 bliana.
In ainneoin an fhigiúir ísil sin, tá fearg ar Mheiriceánaigh i láthair na huaire. Tá fearg (agus ocras doleigheasta) ar vótálaithe Daonlathacha tar éis dhá thoghchán uachtaránachta i ndiaidh a chéile inár vótáil an tír chomh cothrom sin nach raibh idir na hiarrthóirí ach cúpla scór míle vóta i ndeireadh báire. Tá fearg ar Phoblachtánaigh freisin, go háirithe iad siúd a chaith a vótaí sna toghcháin dheireanacha ar bhonn moráltachta. Bhris scannal ollmhór amach i lár mhí Dheireadh Fómhair, nuair a tugadh le fios go raibh an Teachta Mark Foley ó Florida ag seoladh téacsanna graosta chuig cúntóirí óga fireanna sa Chomhdháil. Mar thoradh air seo, táthar nach mór cinnte go gcaillfidh Foley a shuíochán. Síleann go leor nár sheas rialtas Bush láidir go leor in aghaidh póstaí aeracha, a cheadaigh Ard-Chúirt Nua-Gheirsí le déanaí. Tá cuid mhaith eile míshásta go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh le taighde ar ghaschealla sa tír.Agus ná déanaimis dearmad ar an airgead. Is cinnte anois go gcaillfidh an Seanadóir Conrad Burns a shuíochán i Montana mar gheall ar a cheangal le Jack Abramoff, an stocaire a bhfuil a cheangail le polaiteoirí áirithe i Washington (an chuid is mó acu ón bpáirtí Poblachtánach) á scrúdú anois ag binse fiosraithe.Ní in Florida amháin, mar sin, atá an taoide ag casadh. Agus corradh le caoga iarshaighdiúir a throid san Iaráic ag seasamh sa toghchán seo ar thicéid fhrithchogaidh, an mhórchuid acu thar ceann an Pháirtí Dhaonlathaigh, is cosúil go bhfuil an cogadh ag éirí ina mhórcheist toghchánaíochta, agus más ea, is é a chinnfidh leanúnachas nó titim na bPoblachtánach sa toghchán. I stát amháin, Pennsylvania, tá seans maith ann go n-éireoidh le triúr iarshaighdiúir suíocháin de chuid na bPoblachtánach a bhaint.Níl ó na Daonlathaigh ach 15 shuíochán breise chun Teach na nIonadaithe a thógáil ar ais. Le gach ceann de na 435 suíochán sa teach sin faoi iomaidh sa toghchán seo, is mó is dóichí go n-éireoidh leo. An t-aon cheist atá ann ná cé mhéad suíochán sa bhreis a gheobhaidh siad. Ach fiú má bhaineann siad an teach sin, tá an Seanad le tógáil ar ais acu freisin.Níl ach trian de shuíocháin an tSeanaid faoi iomaidh sa toghchán seo, agus tá sealbhóirí na suíochán sin ann le sé bliana anois. Is gnách le vótóirí claonadh i dtreo an tsealbhóra agus mar sin beidh sé i bhfad níos deacra do na Daonlathaigh an móramh a fháil. As na 33 suíocháin atá i gceist, ní mór do na Daonlathaigh sé shuíochán sa bhreis ar an 17 atá acu faoi láthair a thógáil. B’éacht é sin dá dtarlódh sé, ach is deacair casadh mar sin a shamhlú in aon toghchán amháin.
Chun cinn
Cheana féin, tá na Daonlathaigh chun cinn i gcúig chomórtas toghchánaíochta Seanaid i Missouri, Montana, Ohio, Pennsylvania agus Rhode Island, áiteanna a raibh Seanadóirí Poblachtánacha i réim, ach ní thugann sin san áireamh go bhféadfadh leis an bpáirtí suíocháin a chailliúint in áiteanna eile. Caithfidh siad suíocháin i Nua-Gheirsí agus Washington, atá go mór i mbaol, a choinneáil, agus suíochán in Tennessee nó Virginia a bhaint leis. Fiú ag déanamh talamh slán de na cúig shuíochán thuasluaite, b’iontas amach is amach é dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin. I Nua-Gheirsí, mar shampla, tá an t-iarrthóir Daonlathach, Bob Menendez, go mór faoi bhrú óna chéile comhraic Tom Kean, a bhfuil stair fhada pholaitiúil ina mhuintir. Deir na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil siad fós gob ar ghob.Comórtas suntasach is ea Tennessee, áit a bhfuil cúrsaí cine mar cheann de mhórcheisteanna an fheachtais. Tá Harold Ford, duine gorm a bhfuil dlúthcheangal ag a mhuintir le polaitíocht an stáit sin, ag seasamh in aghaidh Bob Corker, iar-mhéara Chattanooga agus comharba ar Bill Frist, iarcheannaire Pháirtí Parlaiminte na bPoblachtánach. Níl oiread na fríde eatarthu go fóill. Má thoghtar Ford, beidh seanadóir gorm i ndeisceart na Stát Aontaithe den chéad uair ó aimsir an chogaidh chathartha.Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile. An t-aon rud atá cinnte ná go dtógfaidh na Daonlathaigh Teach na nIonadaithe ar ais. Tá an Seanad fós idir dhá cheann na meá, agus is mar sin a bheidh sé go dtí lá an toghcháin féin.Mar sin, mar a deir an stiúrthóir teilifíse: “Bígí réidh!"Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.