CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
An Scolbadóir
Pádraic Breathnach Pádraic Breathnach Pádraic Breathnach

Is gearrscéal é seo ón gcnuasach *Ingne Dearga Dheaideo le Pádraic Breathnach, a bhuaigh Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Eigeartaigh i gcomórtais liteartha an Oireachtais anuraidh.*

Tháinig sé as a chúl i ndiaidh a thóna amach as an tom coill agus leag sé uaidh ar an talamh na scoilb a bhí ina chiotóg. Bhain sé an chloch speile as póca a chóta mhóir agus chuir sé rud beag faobhair ar lann na scine. Dhún sé an scian ansin agus chuir sé í féin agus an chloch ar ais sa phóca.

Dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúr thiar ag an scoil inniu, a dúirt sé leis féin, arae ní scaoilfí amach sa chlós chor ar bith iad i ngeall ar an mbáisteach. Ach chloisfeadh sé clog an tséipéil ag bualadh Theachtaireacht an Aingil agus bhí a ghoile ag inseacht dó nárbh fhada eile uaidh an t-am sin.

Phioc sé suas na scoilb a leag sé uaidh nó gur chuir sé le dornán eile scolb iad. Chroch sé an slám sin go dtí an chéad sláimín eile, go dtí an chéad sláimín eile, go dtí an chéad sláimín eile arís nó go raibh sé ar ais ag an gcrann mór darach san áit ar thosaigh sé ar maidin.

Bhí uimhir mhaith scolb san iomlán aige, beart - b’in dhá chéad scolb - mura mbeadh tuilleadh ann. Scoilb mhaithe freisin, gan oiread is ceann lag ina measc. Níor ghearr seisean ach an scoth, b’in í an cháil a bhí air agus b’in í an cháil a bhí uaidh.

Rinne sé garbhchomhaireamh orthu le bheith cinnte an dá chéad ann; agus cúpla ceann sa bhreis. Beart, b’in deich scilling. Beart breá. Rug sé ar phéire scolb agus d’fhigh sé mar ghad ar an mbeart iad.

Bhain sé anuas an lón aráin agus bainne ón ngabhlán crainn mar ar chuir sé iad le nach mbeadh an madra ag tabhairt fúthu agus chuir sé an ruaig ar an madra óna ionad seascair ag bun an chrainn nó gur shuigh sé féin ann, ar an gcaonach te tirim.

Lig sé siar a dhroim le stoc storrúil an chrainn, bhain sé de a chaipín, choisrigh sé é féin agus bhreathnaigh sé roimhe. Éadan síonchaite rocach. Cé go raibh a chaipín fliuch, bhí a cheann tirim. Cé go raibh a wellingtain fliuch bhí a chosa tirim. Agus bhí a bhríste tirim i ngeall ar fhad a chóta. Nuair a bhain sé de a chaipín ní raibh ar mhullach a chinn ach scáinteacht ghruaige agus bhí craiceann a chinn chomh bán le bun tornapa. Trí chrainnte na coille chonaic sé eala bhán ar an loch. “San áit a bhfuil ceann tá péire!” ar sé leis féin, agus choinnigh sé air ag faire.

Sheas an madra os a chomhair agus thuirling an spideog ar an talamh. An madra ag breathnú le dúil ar a mháistir, an spideog mar an gcéanna, í ag preabadh ina thimpeall.

Chaith sé ruainnín aráin chuig an spideog agus bhagair sé ar an madra gan an bheatha sin a ghoid uaithi. Ansin chaith sé sprúille chuig an madra.

Ba mhinic é ag samhlú an spideog ina síógín, an chaoi éadrom éasca a bhí aici. Dea-shíóg. Í anseo de dhoirte dhairte. Í ansiúd de dhoirte dhairte eile. Níor chaith sé lá sa choill nach raibh sí chuige. Agus níor sa choill amháin é ach sa bhaile chomh maith, chuile mhaidin, a dhá luaithe is a d’osclódh sé an doras.

Ba mhinic í in airde ar leac na fuinneoige sular oscail sé an doras chor ar bith, í ag breathnú isteach tríd an bhfuinneog air. Í féin is a broinn dearg. Níor tharraing sé aon chuirtín san oíche le go mbeadh sí le feiceáil aige an chéad rud ar maidin. Í giodamach ar leac na fuinneoige. Í mífhoighdeach. Í ag bíogaíl is ag caint léi féin. Leis-sean chomh maith. Leis-sean go háirid, ba dhóichí, ag rá leis éirí. Éirí agus ligean di féin a theacht isteach. Í chomh huaibhreach huasal aisti féin. Éirí agus ruainnín beatha a thabhairt di.

D’fhágadh sé an fhuinneog beagainín ar leathadh le go bhféadfadh sí a theacht isteach dá mba mhian léi, preabadh isteach sa seomra go dtí é. Ach dheamhan a ndearna sí sin. Riamh. D’fhágadh sé ruainnín aráin taobh istigh den fhuinneog leata lena bréagadh ach níor tháinig.

Ach tháinig sí isteach sa chisteanach. D’ith sí ruainní den urlár. Phreab sí in airde ar an mbord. Sheas sí babhtaí ar an gcuinneog, agus ar an drisiúr, ag oibriú a cloiginn agus a heireabaill agus ag cur beagán cainte aisti féin, ach dheamhan a dtáinig sí isteach riamh trí fhuinneog a sheomra leapan, rud a chuir caiis air.

Agus nuair a chuaigh sé amach sa ghairdín gur bhain sé dos cabáistemáimín fataí bhí sí ansin freisin, ag cuardach na nuachreafóige i gcoinne péiste nó cruimhe. Í arís an t-am sin ag ligean corrbhíogaíl bhagrach aisti féin. Agus ba í a bhí in ann an bhíogaíl a chur, agus ba é a ceol a bhí binn.

“Fear na Spideoige” a ghlaoití amanta air féin. Dúirt daoine nárbh í an spideoigín chéanna a bhí ann i gcónaí, ach spideoga difriúla, go mb’éan í an spideog a raibh a dúiche féin aici, ach níor aontaigh sé chor ar bith leis sin. Nach bhfaca sé í? Nach bhfaca sé í á leanúint chun na coille, í ar aon chonair leis, í ag moilliú nuair a mhoill seisean. Nuair a d’iniúch sé súil ribe, nuair a chuir sé ceann nua, d’fheith sise. Oiread spéise aicise, de réir dealraimh, ina ghnóthaí is a bhí aige féin. Í ag preabadh léi ina thimpeall ar feadh an lae ar nós gasúirín. Ba í a ghasúirín í. Ba dhána an mhaise go n-abrofaí go raibh dul amú air. Ba í, muis, a bhí tomhaiste go maith aige: a méid, a dath, a seasamh, gileacht a súl, ní raibh fríd a bhain léi nach raibh ceaptha go beacht aige.

Í chomh haerach céanna ar an mbealach abhaile. Dá bhfágfadh sí ar feadh achairín é ní raibh ann ach sin, le bheith sa bhaile roimhe, le bheith ansin arís faoina chomhair. A rá nárbh í an spideoigín chéanna í, ba mhór an tseafóid sin.

Agus dúirt daoine go mba dhea-chomhartha í a bheith leis mar a bhí. B’in a dúirt Seán Liam agus Máire Cháit, go gcaithfeadh an tsuáilceacht a bheith ann rá’ s gur fhan sí leis mar a d ‘fhan, rá’ s gur neadaigh sí chomh gar sin dá theach, nár le chuile dhuine a d’fhan spideoigín.

Ar ndó, bhí sí freisin ag bun na Croise fadó nuair a bhí Mac Dé ar crochadh uirthi. Ba fhuil Ár dTiarna a dhoirt anuas uirthi a thug an bhroinn dearg di. Ba í freisin a d’fhadaigh an tine don bhocht, le cleití a brollaigh, nuair ba bheag den dé a bhí fanta ina gríosacha, gur barrdhódh í agus go mb’in údar eile lena broinn a bheith dearg. Tabhartas di ó Dhia ba dh’ea a broinn dearg. Agus anois bhí éinín seo Dé ag coinneáil comhluadair leis féin.

“Sid í anois an dara heala!”

Éan beannaithe eile ba dh’ ea an eala. Í seo chomh státúil grástúil sa snámh leis an gcéad eala ar ball. Ag seoltóireacht a bhí sí. An sruth á tógáil ar aghaidh, seachas í a bheith á hiomramh féin lena cosa.

Bhí iora in aice leis. Iora rua. A fhionnadh chomh tirim le clúmh. Ba é an madra faoi deara dó an t-iora a fheiceáil. I ngeall ar fhormán bídeach a chuala sé, dhearc an madra go fiosrach. Dhearc sé féin ansin san aird chéanna. Ag dul in airde ar chrann ó urlár na coille a bhí an t-iora.

Nuair a bhí sé píosa suas, shuigh an t-iora ar ghéag ag breathnú anuas orthu. A eireaball scuabach corntha ar chairín a dhroma. A fhabhraí níor chorraigh, nó sméideadh súl ní dhearna sé. Nó gur labhair Peadar leis, gur chuir sé sceit lena láimh air.

Chuaigh an t-iora píosa beag eile ansin gur stop sé arís, an gheáitsíocht nó an neamhgheáitsíocht chéanna ar bun aige. Ansin chuaigh sé ar chúl géige, agus sheas sé comhthreomhar leis an ngéag, ag breathnú i leith faoi rún, mar a mheas sé, má mheas, ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige.

Chuir Peadar uaidh an buidéal folamh le bun an chrainn ach d’fhan sé ina shuí scaithín ag déanamh a mharana. Cé go raibh braonta báistí ag sileadh i gcónaí ó dhuilliúr na gcrann, bhí a fhios ag Peadar go raibh an cur stoptha. Bhí séideán gaoithe le mothú i mbarr na coille, bhí barr na daraí thuas ag déanamh fuaime.

Ach bhí an t-iora rua san áit chéanna i gcónaí, ag faire anuas gan luail.

Chuala Peadar geabhróga agus faoileáin ag éamh san aer os cionn chladach an locha.

B’éard a dhéanfadh sé, a dúirt sé leis féin, go bhfágfadh sé an beart scolb ag ciumhais na coille agus go ngabhfadh sé síos chuig an loch, mar a raibh dorú is duán curtha aige. Níor dhona an ghaoth nó an bháisteach chor ar bith i gcoinne iascaigh, óir chuir sí coipeadh ar an uisce.

Le liús a bhí a shúil. An loch foirgthe le liúis. Ropairí. Iad i luíochán sna giolcacha ag faire creiche. Iad ar fud an locha. Róistí agus péirsí, agus éisc gharbha eile sa loch freisin, ach b’fhada ó facthas aon bhreac rua ann. Na bric rua ba dheise ach bhíodar beirthe ag na liúis bhradacha a luaithe is a thángadar anuas ó abhainn an tsléibhe. Na liúis sa chlaise i mbéal na habhann ag feitheamh lena n-alpadh.

Iasc gránna ba dh’ea an liús, nár de dhúchas na háite chor ar bith é ach gailliasc isteach. Dea-cháil an fhiagaí liúis air féin, ámh. A cháil seisean faoi liúis ionann’s ina cháil chomh mór le cáil an Chéidigh faoi shionnaigh. Fear maith sionnach a mharú ba dh’ea an Céideach, siúráilte, é amuigh le giolc an éin lena ghunna. Liúis mhóra ceaptha aige féin, muis, cúig phunta dhéag meáchain, is cinn níos mó, iad fíochmhar, an duáilce le sonrú ina gcuid súl. Bhí cath is cogadh fógraithe aigesean ar liúis Loch na Síobóige, agus, le cúnamh Dé, dhéanfadh sé scrios fós orthu.

Ach go mba é ba mheasa faoi na liúis nár theastaigh siad ó dhaoine, ó Mháire Cháit, ó Sheán Liam, uaidh féin nó ó dhuine ar bith. Bhí a gcuid cnámh contúirteach. Ach go dtugtaí do na cait iad. Na cait féin bhíodar tíobhasach fúthu. Cé go raibh sé ráite le tamall go raibh bialanna galánta i gcathracha i gcéin a raibh an liús mar bheatha bheadaí ar a gcláir acu.

D’athchuir Peadar an duán agus d’imigh sé leis ag siúl faoin gcladach. Cleití éin á dtabhairt faoi deara aige. Cacanna ainmhithe. Bhí cnocán clochach le hais an locha a raibh ál coiníní dubha ann. Cinn ghlasa freisin. Ach oiread leis na liúis níor shantaigh aon duine na coiníní dubha, ach amháin le breathnú orthu, cé go raibh patairí móra acu ann. I ngeall ar a ndath, síleadh nár choiníní cearta chor ar bith iad.

Nuair a d’fhill Peadar ar an gcoill thogair sé go mbainfeadh sé sláimín cnónna, a raibh barr maith acu ar chúpla crann le ciumhais na coille, a thabharfadh sé do ghasúir Sheáin Liam. Cinn fholláine a bhí tite ar an talamh, shac sé roinnt acu ina phóca chomh maith. Ní raibh cnó dar phioc sé nár iniúch sé ar mhugairle Mhuire a bhí ann. Bhí an mugairle Mhuire sona, faoi mar a bhí an tseamair Mhuire, an tseamróg sin a raibh na ceithre bhileog uirthi. Nó b’in a bhí ráite.

Bhí mugairle Mhuire síoraí i bpóca a chóta aige. Faoi mar a bhí an máimín cnónna ina séasúr, le dáileadh ar a chomhairle féin ar ghasúir Sheáin Liam. Nó ar ghasúir eile. Ach ba leasc leis an mugairle Mhuire a thabhairt uaidh. Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine agus ní raibh sé sona a scaoileadh uait, agus níor i measc na gcnónna eile ina phóca a choinnigh sé an cailín sin ach i gcúinne beag slán léi féin.

Chuir sé an buidéal folamh isteach sa mhála lóin agus cheangail sé an mála d’uachtar an bhirt scolb agus d’ardaigh sé an beart scolb ar a ghualainn gur shiúil sé leis go cúramach. Nuair a d’fheictí lena bheart é ba mhinic strainséirí á chur i gcosúlacht le fear glanta simléirí nó le fear na gealaí lena bheartán brosna nó le harrachtach mór cruimhe.

Maolbhearnaí agus claíocha, chomh maith le cnocáin, le dreapadh aige. Ag gabháil thar mhaolbhearnaí dó níor ghnás leis a ualach a ligean dá dhroim, ach ag gabháil thar claí ard ligfeadh sé síos chun tosaigh air féin go hingearach ar an taobh thall é. Agus b’amhlaidh nuair a d’iniúchfadh sé trapa nó súil ribe, go leagfadh sé a bheart uaidh i gcoinne claí nó cloiche.

Agus ba ghnás leis bualadh isteach chuig Máire Cháit, ag cur a bhirt ina sheasamh taobh amuigh le hursain an dorais, le go ndéanfadh Cáit is é féin beagán comhrá, go n-ólfadh sé blogam tae uaithi agus go gcrochfadh sé buicéad uisce ón tobar di in ómós an tae agus in ómós an chead a thug sí dó scoilb a bhaint ina coill.

Ba mhinic a ghlaoigh sé isteach ar maidin freisin uirthi agus, b’fhéidir, babhtaí i gcaitheamh an lae, go ndéanfadh sé rud beag oibre di agus dá mbeadh coinín aige go dtabharfadh sé di é. Go ndéanfadh sé é a fheannadh di agus a phutóga a ghlanadh as. Arae ba ar a gabháltas sise a rugthas ar na coiníní freisin.

Mar an gcéanna le Seán Liam, bhéarfadh sé coinín dá chlannsan arae thug Seán Liam an cead céanna dó is a thug Máire Cháit. Murach iad, agus comharsana eile freisin, dheamhan a mbeadh deis ar bith aigesean. Arae cé is móite dá bhothán tí agus d’iothlainnín garraí, ní raibh aon cheo eile sealúchais ag Peadar Mháirtín.

“Peadar Mháirtín”, “Mac Mháirtín Phíotair”, “An Spailpín”, “Fear na Scolb”, “Fear na Spideoige”, “An Spideoigín” - b’iomaí sin ainm is gairm a tugadh air.

“Hoirt amach! Hoirt amach as sin!”

Chuala Peadar hoirteanna Mháire Cháit ag seoladh a bó brice abhaile di. Bhí a cloigeann le feiceáil aige os cionn an chlaí. Sheas sé. Choinnigh sé ag breathnú uirthi, ag meabhrú dó féin.

Amuigh ag baint raithní le speal i nGarraí na Céileoige Bige a bhí Seán Liam.

D’insíodh Peadar do chlann Sheáin Liam cá raibh barr maith airní i gcoinne fíona le fáil agus barr maith úlla beaga fiáine i gcoinne jelly. Agus d’insíodh sé dóibh cá bhfaighidís cuileann dearg na Nollag agus thugadh sé a díol cuilinn Nollag do Mháire Cháit.

É ag coisíocht leis arís go mall, trí gharranta agus trí dhriseacha, suas ardáin agus amach thar strapaí. Nó go raibh sé sa bhaile.

A spideoigín ansin arís roimhe.

Leag sé uaidh an beart, á chur ina sheasamh le claí an bhóthair le hais na mbeart eile. B’fhearr mar a shilfidís uisce na báistí ar an gcaoi sin, seachas ina luí ar an talamh. Ach ní bheidís i bhfad ann ar chaoi ar bith. Bheadh daoine aniar is anoir go dtí é. Aneas is aduaidh. A leathdhóthain féin ní bheadh aige. “Cá’id go mbeidh tú ag baint arís?” “A ngearradh a dhéantar le scoilb!” Bhí sé práinneach as an téarma ceart gairme a bheith aige. Bheadh sé ag gearradh chuile lá fómhair, agus geimhridh, soineann is doineann, cé is móite den Domhnach, mar a rinne sé leis an liachtaí seo bliain, mura n-iarrfaí obair níos cruóige air.

Bhuail sé isteach sa teach, leag sé an mála gona bhuidéal ar bhord na cisteanaí, gur bhuail sé boslach uisce ar a éadan, gur thriomaigh sé é féin le seantuáille; gur ith sé a dhinnéar. Chuir sé roimhe ansin, de shiúl scafánta cos, a chaipín casta siar, go dtí an sráidbhaile go n-ólfadh sé dhá phionta leanna.

Caol díreach abhaile ansin arís go ngabhfadh sé a chodladh, go mbeadh sé réidh don lá arna mhárach.

Rugadh Pádraic Breathnach i Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe. Is léachtóir sinsearach le Gaeilge é i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite aige go dtí seo.

Gluais • Glossary

as an tom coillfrom the hazel bush

scoilbsplinters

ina chiotógin his left hand

cloch speilescythe-stone

faobharsharp edge

lann na scinethe blade of the knife

dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn’t hear the shouting of the children

araebecause

clósyard

i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain

a ghoilehis stomach

dornán eileanother small quantity

slámamount

ag an gcrann mór darachat the big oak tree

beartbundle

lagweak

an scoththe best

cáilreputation

a bhí uaidhthat he wanted

garbhchomhaireamha rough count

deich scillingten shillings

gadwithe, rope

chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog

seascaircosy, snug

caonachmoss

stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree

choisrigh sé é féinhe blessed himself

éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face

ar mhullach a chinnon the top of his head

scáinteacht ghruaigesparseness of hair

bun tornapathe bottom of a turnip

eala bhána white swan

ag fairewatching

thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground

le dúilwith desire

ag preabadhjumping

ruainnín aráina small piece of bread

beathafood

sprúillemorsel

ag samhlúimagining

síógínlittle fairy

dea-shíóga good fairy

de dhoirte dhairtedartingly, suddenly

a dhá luaithe isas soon as

in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill

a broinn deargher red breast

giodamachfrisky, jaunty

mífhoighdeachimpatient

ag bíogaílchirping

go háiridespecially

uaibhreachproud, spirited

ar leathadhopen

lena bréagadhtoo woo her

babhtaísometimes

cuinneogchurn

drisiúrdresser

dos cabáistetuft of cabbage

máimín fataía handful of potatoes

ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil

cruimhmaggot

bagrachthreatening

binnsweet

a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes

spideoga difriúladifferent robins

á leanúintfolllowing him

conairpathway

ag moilliúslowing

nuair a d’iniúch séwhen he examined

súil ribesnare (of thin cord or wire)

d’fheith siseshe waited

de réir dealraimhapparently

ina ghnóthaíin his affairs

ar nós gasúirínlike a young child

go n-abrofaíthat it be said

gileacht a súlthe brightness of her eyes

frídthe smallest thing

go beachtprecisely

chomh haerach céannaevery bit as lively

achairína very short time

seafóidnonsense

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.