CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An Saol atá Romhainn, Ficsean ár nÓige
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Chuir Roseanne Smith spéis i bhficsean na heolaíochta atá agus a bhíodh le feiceáil againn ar na scáileáin thart timpeall orainn agus sinn ag fás aníos.

Íomhá
Ag teacht, Prometheus
(le Prometheus-Movie)
Íomhá
Ridley Scott ag Wondercon i mbliana
(le Gage Skidmore ar Vicipéid)
Íomhá
Margaret Atwood
Margaret Atwood
Íomhá
Peter Higgs (na míre fo-adamhaí) ag MFO 09
(le Gert-Martin Greuel ar Vicipéid)

Faoin am a léifeas tú an t-alt seo b’fhéidir go mbeidh an scannán ficsean eolaíochta is nuaí feicthe agat. Seolfar Prometheus an scannán is déanaí ón stiúrthóir ficsean eolaíochta mór le rá, Ridley Scott, ar 1 Meitheamh.

Cosúil le han-chuid dá scannán (Alien, Thelma and Louise) tá beirt bhan mar phríomcharachtair sa scannán seo. Agus beidh coimhthíoch fíorscanrúil ann chomh maith ar ndóigh. Mise mé féin, tá sceitimíní orm. Is mór agam scannáin Scott agus is dócha gurbh é Bladerunner leis ceann de na scannáin is ansa liom riamh. Ní mise amháin a cheapann gurbh é an chaint fhada aonair, “Tears in the Rain” an scannáin seo, ceann de na radhairc is áille agus is foirfe i stair na scannánaíochta.

Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom faoi fhís Scott ná go bhfuil an todhchaí garbh. In Alien, tá daoine fós ag caitheamh tobac. Sa Bladerunner, tá sé ag cur (is ag cur is ag cur). Ní hé go bhfuil sé ag samhlú diostóipe ach gur réalaí é. D’admhaigh sé in agallamh leis an Hollywood Reporter go mbíonn an lionn dubh air agus b’fhéidir nach bhfuil an dóchas céanna ina shaothar dá bhrí sin, is a bhí ag a leitheidí Gene Roddenberry, cruthaitheoir saincheadúnas Star Trek, cuirim i gcás.

Iain M. Banks agus Iain Banks

Tá mé i lár triaróg ficsean eolaíochta le Peter F. Hamilton a léamh faoi láthair. (Ar thug tú faoi deara riamh go mbíonn ceannlitir ag scríbhneoirí ficsean eolaíochta i gcónaí? Thug scríbhneoir na n-úrscéalta Cultúir seo faoi deara agus mar sin scríobhann Iain M. Banks a leabhar ficsean eolaíochta faoin gCultúr don chuid is mó a fhad is atá Iain Banks ag scríobh ficsean; is é an fear céanna i gcónaí é.) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo. Ceisteanna faoi rothaí mór an tsaoil, ceart agus cóir, grá agus gráin, olc agus maith. Sin an rud faoin eolaíocht ficsin is fearr: pléann sé an staid dhaonna, ar neamhchead don ré atá sa scéal.

Bíonn na leabhair is na scannáin seo go minic i bhfad níos faide ná gnáthábhar den saothar céanna (mar shampla féach cé chomh fada is a bhí Avatar!). Tá an méad sin le míniú iontu! Ní féidir glacadh leis go dtuigeann gach léitheoir céard is poll péiste ann agus cén fáth go n-úsáidfí sa spástaistil é.

Déantar dul chun cinn mór amháin de ghnáth sna leabhair is sna scannáin seo a ligeann don duine daonna éalú ón saol mar atá anois againn. I Fringe tá cumarsáid le cruinne eile taobh lenár gceann féin ina bhfuil na daoine céanna (déan google ar Fauxlivia agus Walternate agus tuigfidh tú); i Star Trek, i measc eile, bíonn ‘warp drives’ mar atá in an-chuid scannán is leabhar spás-sobalach mar a déarfá. Cé gur daoine atá i roinnt acu, ní fios dúinn an iad ár nduine daonna féin atá i gceist m.sh. Star Wars, Battlestar Galactica agus Cultúr M. Banks. I leabhair ficsean eolaíochta Margaret Atwood, is aistriú sochaí, creidimh nó polaitíochta a tharraingíonn an ghloine dhorcha idir sinn agus ár staid bheatha. Tá roinnt dá saothar lonnaithe in am iar-apocailipteach cosúil le saothar John Wyndham agus PD James. Ach don chuid is mó, athrú mhór a bhíonn i gceist.

An Té a Bhíos Siúlach, Bíonn sé Saothrach

Ach go réadúil ní trí fionnachtana móra a tharlóidh na hathruithe seo i staid daonna. Tarlóidh sé seo, dar liom féin, de réir a chéile. Ceann de na dul chun cinn is tapúla ó chruthú an printing pressteacht ré na haibhléise. An dóigh leat gur thuig nó fiú go dtuigeann na nuachtáin gurbh é an t-idirlíon a bhuail clog an bháis dóibh? Ar thuigeamar 10 bliana ó shin go mbeadh oiread tionchair ag an idirlíon ar fhoilsiú cultúir i bhfoirm dlúthdiosca, scannáin. teilifíse agus cló? Is tionchar faoi leith atá ann nuair a áiríonn tú mar a d’athraigh cóipcheart, íocaíocht srl.

Is minic go mbíonn ionadh orainn in earnáil na hearcaíochta, mar shampla, faoi conas ar éirigh le daoine an obair seo a dhéanamh roimh an idirlíon: ní féidir linn é a shamhlú. Agus fiú ó bhorradh na nguthán cliste, tá athrú as cuimse ar luas earcaíochta: ní gá dúinn fanacht go dtí tráthnóna chun freagra a fháil ó iarrthóir: is léir ón trácht suímh go bhfuil an chuid is mó díobh ag póirseáil is ag cuir iarratais isteach óna ngutháin soghluaiste. Tá fostaí na linne seo an-soghluaiste ar chuile bhealach, ní hionann is athrú an ghairm bheatha san am a chuaigh thart.

Ach tarlaíonn na athruithe saoil seo píosa i ndiaidh píosa gan amhras. Féach mar shampla an mhír nuachta gur éirigh le heolaí sa tSín fótoin a chianaistriú níos faide ná riamh. De réir alt i Technology Review is gnáth-imeacht é an cianaistriú ó 1997. Cinnte nuair atá na fotóin uaim, iarrfaidh mé ar na páistí iad a teileaportáil chugam....

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.