Tá galar na mbanc tolgtha ag na comhlachtaí cairr, deir Brian Ó Broin linn. Tá Brian ina chónaí i gceantar na gcomhlachtaí cairr. Cad tá i ndán dóibh agus cad tá i ndán don duine bocht, ar nós mé féin is tú féin, má théann go leor de na comhlachtaí cairr is aitheanta bealach an gharraí?
Tá dhá charr againn. Hyundai Elantra ceann acu, agus Mazda 5 an ceann eile. Thug an póilín atá ina chónaí béal dorais léasadh béil dom nuair a chonaic sé an Mazda, a cheannaíomar nuair a fuair ár sean-Ford marbh cupla mí ó shin.
"Tuige nár cheannaigh sibh carr Meiriceánach?" a d’fhiafraigh sé le stainc. Ní hé nach ndearnamar iarracht, a d’fhreagraíos, chomh soineanta agus ab fhéidir liom. Ach níor thaitin na cinn Meiriceánacha linn. Bhreathnaíomar ar na Fordanna, na Dodgeanna, na Chevyanna, na Cadillacanna, na Buickanna, agus na Chrysleranna, agus níor fheil oiread is ceann amháin dúinn. Rómhór, róchostasach, róthartmhar, rólag. Ní raibh uainn ach cairrín beag a thógfadh ar obair agus ar ais muid ar bheagán airgid. Ach níorbh ann don charr úd ó dhéantúsóir Meiriceánach. Tar éís an iliomad carranna a thriallthiomáint suas síos bóithre Nua-Gheirsí, roghnaíomar táirge na Seapáine i ndeireadh báire. Agus, dar fia, táimid lánsásta lenár Mazda. Carr gasta a fuaireamar, le ráthaíocht iontach agus le plean íocaíochta a oireann dúinn. Níl giúirléidí breise sa charr, mar théitheoirí suíocháin nó GPS, ach níl a leithéid uainn ach oiread. Seo rud nár thuig táirgeoirí cairr Mheiriceá le fada. Agus praghas na hartola íseal sna nóchaidí, thugadar neamhaird ar an ráta ‘mílte sa ghalún’ agus rinneadar ollcharranna mar an Cadillac Escalade agus an Hummer. Chuireadar brú ar a gcairde i Washington, agus ritheadh dlíonna a thug lascainí cánach dóibh as na carranna gránna seo a tháirgiú faoin chatagóir bréagach ‘Sport Utility Vehicle’. Ansin thugadar faoi na harrachtaí seo a mhargú go tréan trí na meáin.
"Ná bac le híocaíochtaí ar feadh bliana," a fógraíodh. "Pleananna creidmheasa dochreidte!" Níorbh fhada go raibh na carranna seo á gceannach ag pobal Mheiriceá, agus, ar ndóigh, daoine á márú faoina rothaí. Ach nár chuma? Istigh ina dtancanna dobhriste, bhraith na tiománaithe féin slán sábhailte. Níor smaoinigh lucht Detroit go dtiocfadh lá an bhreithiúnais chomh tapaidh sin, ach tháinig sé i mbliana, nuair a d’imigh praghas na hartola thar $4 an galún. Go tobann, bhí tiomáinaithe na SUVanna ag íoc breis agus $100 ar an aon líonadh breosla amháin, agus go tobann, thosaíodar ag fuarú ar a gcarranna ollmhóra. Iadsan a bhí tíosach cheana féín, ní raibh athrú ar bith le déanamh, ó bhí carranna eachtrannacha ceannaithe acu cheana féin mar mhalairt ar na súmairí breosla a bhí á ndéanamh sa bhaile, ach iadsan a bhí ag lorg carranna a bhí módhúil ar bhreosla, an timpeallacht, agus ar an sparán, baineadh siar astu nach raibh a leithéid ar fáil ó chomhlachtaí Mheiriceá. Agus iad ag tiontú ar na Mazdanna agus na Hyundaianna cosúil linne, thit an tóin as tionscal na gcarranna i Meiriceá. Sin an fáth go bhfacthas rud ag deireadh mhí na Samhna nach bhfacthas riamh cheana – an triúr gníomhairí cairr ba shinsearaí i Meiriceá i mbun déirce os comhair polaiteoirí na tíre i Washington. Bhí a gcomhlachtaí ag titim as a chéile, dar leo. Bhí líne creidmheasa $25 Billiún uathu. An bhféadfadh an rialtas cabhair a thabhairt? Má bhí an triúr i Washington tapaidh ina n-achainí, ní bhfuair siad an freagra a raibh siad ag súil leis. Cupla lá tar éis a gcuairte, ba léir don rialtas go raibh an banc ollmhór Citigroup ar tí bancbhristeacht a fhógairt, agus tugadh $20 Billiún dóibhsean, mar bharr ar an $25 Bhilliún a fuair siad dhá mhí ó shin mar chuid de bhannú mór na mbancanna. B’fhéidir nár fhoghlaim an triúr príomhoifigeach feidhmiúcháin, ó General Motors, Ford, agus Chrysler, céad riail na déirce - cuir cosúlacht an bhochtanais ort féin. Ina áit sin, d’eitil an triúr go Washington ina scairdeitleáin corpartha féin. Má d’eitil, is baolach nach mbeidh fágtha ag an triúir sar i bhfad ach na scairdeitleáin. B’iad seo fathaigh thionscal na gcarr tráth, ach rinneadar cónaí le fiche bliana anuas a fhad is a bhí na comhlachtaí eile as an Eoraip agus as an Áis ag breith orthu. Níl ach dhá chomhlacht Meiriceánacha fágtha anois i measc an deich gcomhlacht carranna is mó ar domhan - General Motors agus Ford. Agus is é Toyota na Seapáine an táirgeoir is mó ar domhan anois, le General Motors ag sodar ina dhiaidh sa dara háit.
Bí ag caint ar an saormhargadh, ach b’iad na comhlachtaí seo, nó a bhfeidhmeannaigh, a chinntigh trína gcairde i Washington cúig bliana déag ó shin nach mbeadh na hinnill chéanna ina gcarranna i Meiriceá agus atá san Eoraip, rud a chiallaíonn go bhfuil an ráta ‘mílte an galún’ i bhfad níos ísle ag carranna Mheiriceá agus atá thar lear. Anois agus an ghéarchéim bhreosla (agus airgid) orainn, ní féidir leo dul in iomaíocht le táirgeoirí eachtrannacha. Ní fios anois cad a tharlós i Washington i dtaobh na gcomhlachtaí móra. Fiú na ráflaí atá ag dul thart i dtaobh a mbancbhristeachta, tá siad ag déanamh damáiste ollmhór dóibh. Ó cé a cheannóidh carr ó chomhlacht atá i mbaol a dhúnta? Is beag airgid atá fágtha ag na comhlachtaí anois agus cinnte dearfa, b’fhearr le réimeas George Bush gan náisiúnú eile a dhéanamh ar chomhlacht, ach ní fios cá fhad a mhairfidh na táirgeoirí seo gan chúnamh ón ardchathair. Táthar ann a deir gur cheart dóibh titim. Dá dtitfeadh, ámh, d’imeodh na milliúin postanna leo. Dúirt príomhfheidhmeannach General Motors, Charles Wilson i 1953 gur "ar scáth a chéile a mhaireann ár gcomhlacht agus Meiriceá. Tá ár gcomhlacht rómhór." Agus bhí an ceart aige. Cupla seachtainí ó shin dúirt Richard Wagoner, príomhfheidhmeannach General Motors an lae inniu "nár rogha ar bith dóibh bancbhristeacht." Tá a fhios ag an domhan, ar ndóigh, go
socrófar rud éigin i Washington, ach an cheist is mó atá ar bhéalaibh chosmhuintir Mheiriceá anois ná "an acmhainn do Mheiriceá iad a shábháil?" agus más ea, "an rachaidh an tír síos leo?"