Spreag scannán as an Iaráin a chonaic sí le déanaí Liz Curtis le roinnt taighde a dhéanamh ar thionscal scannánaíochta na tíre sin.
Tá mé díreach i ndiaidh scannán iontach a fheiceáil i bPictiúrlann na Ríona (Queen’s Film Theatre) i mBéal Feirste, agus ba mhaith liom labhairt faoi. Ní raibh ach thart fá deichniúr eile i láthair, agus is mór an trua sin mar gur scannán é a chorraíonn an croí go mór.
Delbaran *an teideal atá air, agus is as an Iaráin é. Seo an dara scannán Iaránach atá feicthe agam. Ba é *The Colour of Paradise an chéad cheann, agus bhí mé an-tógtha leis fosta. Sa dá scannán, ba pháiste an phearsa lárnach.
Baineann Delbaran *le teifeach óg ón Afganastáin, agus baineann *The Colour of Paradise le buachaill beag dall nach bhfuil a athair á iarraidh.
Is é Abolfazl Jalili stiúrthóir Delbaran. Rugadh é i 1957 san Iaráin agus tógadh sa tír sin fosta é. Insíonn sé an scéal trí íomhánna - níl ach comhrá tearc treallach ann.
Tá *Delbaran *suite ar an teorainn shléibhtiúil neamhthorthúil idir an Iaráin agus an Afganastáin, agus bíonn fuaim gunnaí le chloisteáil anois is arís. Oibríonn an teifeach beag, Kaim, do sheanfhear darb ainm Khan, a bhfuil caife aige ar thaobh an bhóthair, áit a stopann leoraithe.
Déanann Khan airgead ar achan dóigh is féidir leis, go háirithe ar smugláil teifeach Afganastánach. Déanann cigire áitiúil na bpóilíní achan iarracht é a sháinniú, ach ní éiríonn leis. Tá sheanbhean chéile chiúin atá ar leathchois ag Khan agus croí mór maith aici.
Bíonn an buachaill Kaim i gcónaí ag rith trasna na talún tirime donnbhuí, ag dul ar theachtaireachtaí dá fhostóir. Bíonn Kaim de shíor ag obair, agus tá saol an-deacair ag achan duine de bharr nach n-oibríonn rud ar bith meicniúil mar is ceart. Ní oibríonn na leoraithe, an caidéal uisce ná an gluaisrothar, mar shampla.
Maraíodh mathair Kaim le linn buamála, agus tá a athair i mbun cogaíochta in éadan an Taliban. Níl ach deirfiúr aige sa bhaile. Ach is annamh a thagann deora ina shúile.
Ag an deireadh, tagann na focail seo ar an scáileán: “Tiomnaithe do na páistí uilig atá ina n-íospartaigh chogaidh”. Mothaíonn tú go bhfuil léaró léargais faighte agat ar shaol s’acu, agus go gcaithfidh tú rud inteacht a dhéanamh faoina gcás.
An scannánaíocht Iaránach
Agus mé sa bhaile i ndiaidh an scannáin, chuaigh mé ar an idirlíon agus chuardaigh mé eolas fríd inneall cuardaithe Google faoin scannánaíocht Iaránach. Tháinig a lán altanna suimiúla chun tosaigh, ina measc altanna le Godfrey Cheshire, criticeoir scannán sna Stáit Aontaithe, le Ziba Mir-Hosseini, taighdeoir ag Ollscoil Londan, agus le Dr Jamsheed Akrami, léachtóir sa Stáit Aontaithe.
Deirtear go bhfuil clú agus cáil bainte amach go hidirnáisiúnta ag scannáin ón Iaráin le thart fá deich mbliana anuas. (Tá mise ar gcúl, mar sin!) Taispeántar go minic ag féilte scannán iad, agus tá a lán duaiseanna bronnta orthu.
Deir Godfrey Cheshire: “Díríonn siad go minic ar ghnáthdhaoine atá sáinnithe ag deacrachtaí a chruthaigh fórsaí sóisialta, cultúrtha nó nadúrtha. An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá ag fulaingt.”
Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979?
Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar ghabháil ceannais míleata a d’eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine. Ní raibh rialtais na Stát Aontaithe ná na Breataine sásta leis an phríomhaire a bhí ann, Mohammed Mossadegh, mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú.
Ba é An Bhó le Dariush Mehrjui, a tháinig amach i 1969, an chéad scannán mór de chuid na gluaiseachta nua. Ach bhí córas dian cinsireachta i bhfeidhm, a chuir cosc ar dhaoine na réaltachtaí míthaitneamhacha i saol na hIaráine a nochtadh.
Mar sin, cuireadh cosc ar An Bhó ar dtús, mar bhí léargas an-dorcha ann ar shochaí na tuaithe. Ach rinneadh é a smugláil go Féile Scannánaíochta na Veinéise agus chothaigh sé an-charabuaic ansin.
Nuair a chuir an chléir Ioslamach ruaig ar an Seá i 1979, cuireadh córas nua cinsireachta i bhfeidhm a bhí de réir na ndlíthe Ioslamacha. Bhain na rialacha is tréine le hiompar na mban agus a gcaidreamh le fir. Bhí ar an lucht déanta scannán dóigheanna neamhdhíreacha a úsáid lena dteachtaireacht a chur in iúl.
Mar sin, rinneadh scannáin neamhchoitianta, ina raibh páistí sna príomhpháirteanna, cé nach scannáin iad a bhí dírithe ar pháistí. Sa dóigh sin, bhí sé indéanta mothúcháin a thaispeáint, rud nach dtiocfaí a dhéanamh dá mbeadh daoine fásta i gceist.
Mar gheall ar na rialacha cinsireachta, níl scannáin as Hollywood ceadaithe san Iaráin. Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla. Amharcann daoine ar scannáin eachtrannacha sa bhaile, áfach, ar fhístéipeanna bradacha.
An rud is mó a théann i bhfeidhm ar dhaoine ná cneastacht agus daonnacht na scannán. Mar shampla, molann Dr Jamsheed Akrami “an teachtaireacht láidir dhaonnachtúil” atá i scannán nua de chuid Majid Majidi, a rinne The Colour of Paradise.
Baran an teideal atá air agus scéal grá atá ann a bhaineann le déagóir atá ag obair ar shuíomh tógála i gcuideachta oibrithe as achan pháirt den Iaráin, teifigh ón Afganastáin ina measc.
Tá an-mholadh faighte ag *Baran *sna Stáit Aontaithe, agus deir Dr Akrami i rith agallaimh ar an stáisiún raidió PBS: “Nuair a fhágann tú an phictiúrlann, mothaíonn tú go bhfuil tú athraithe mar dhuine”.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis.