Tá Brian Ó Broin den tuairim nach gcaillfidh Barack Obama an chumhacht i dtoghchán na hUachtaránachta i mí an Mheithimh.
Beidh toghchán uachtaránachta ar siúl i SAM i mí na Samhna i mbliana. Mar is iondúil i gcásanna mar seo, déanfaidh sealbhóir na huachtaránachta iarracht seasamh thar ceann a pháirtí don dara téarma, agus toghfaidh an páirtí iarrthóir eile le seasamh ina aghaidh. De ghnáth, bíonn an bua ag an sealbhóir, mar bíonn aithne fhairsing air agus deir na staidrimh gur fearr le vótóirí an té a bhíos i seilbh na cumhachta. Ó am go chéile, ámh, bíonn an méid sin fuatha ag daoine don sealbhóir go dteipeann air sa toghchán, agus éiríonn leis an bpáirtí eile a n-iarrthóir a chur isteach sa Teach Bán, mar a tharla nuair a chaill Jimmy Carter in aghaidh Ronald Reagan i 1979 agus nuair a chaill George H.W. Bush in aghaidh Bill Clinton i 1993.
Ar ndóigh, tá na Poblachtánaithe ag iarraidh Carter eile a dhéanamh de Barack Obama. An éireoidh leo? Ní móide é, agus seo leanas an fáth: Tá fadhb sa chóras dhá pháirtí faoi láthair. Nuair a ghabh Bill Clinton an Teach Bán sna 1990aí, bhí dream Poblachtánach chomh fraochta sin tar éis cailliúnt Bush gur eagraigh siad feachtas láidir chun an scoilt idir an dá pháirtí a leathnú. Chuir ceannaire na droinge seo, Newt Gingrich, cáipéis amach ag tathant ar bhaill den Pháirtí Poblachtánach cur síos ar na Daonlathaigh mar “fealltóirí”, “fímínigh”, “coirpigh”, agus a leithéid.
D’éirigh go seoigh leis. Scoilteadh Meiriceá ina dhá leath, agus i ndíle an fhuatha, d’éirigh leis na Poblachtánaigh dhá theach na comhdhála a thógáil ar ais agus, sa bhliain 2000, an Teach Bán freisin.
Níos Measa ná a Chéile
Ba rud maith don pháirtí é seo ar dtús--bhí ollchumhacht acu agus formhór mór vótaí Mheiriceá -- ach níorbh fhada gur tháinig cor sa scéal. B’éigean don Pháirtí Poblachtánach dul i bhfad amach ar an eite dheis chun iad féin a idirdhealú ó na Daonlathaigh, agus b’é a tháinig as ná gur thosaigh ceannairí an pháirtí ag sárú a chéile maidir le dúnghaois na heite deise. Níorbh fhada go raibh trúpaí Mheiriceá san Íaráic agus san Afganastáin, agus go raibh carcracha rúnda á riaradh ag na Stáit Aontaithe timpeall an domhain ina raibh daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire. Thit ualach cánach an dream ba shaibhre, ach mhéadaigh ualach cánach na mbocht. Gearradh siar go mór ar scéimeanna leasa sóisialta, agus leagadh béim mhór ar Chríostaíocht ar shlí nach ndearnadh ó na caogaidí.
Diaidh ar ndiaidh, go háirithe le dúnghaois den chineál seo, chaill an páirtí vótóirí an láir, agus is beag nár ghlac dreamanna sainleasa na heite deise seilbh iomlán ar an bpáirtí. Tá ceithre dhream i mbun cogaíochta d’ainmniúchán an pháirtí faoi láthair, agus ní fios go fóill cé a bhainfeas é.
Is iad “seanfhondúirí” an pháirtí an chéad dream sainleasa, agus is é Mitt Romney, rogha na coitiantachta go dtí le fiórdhéanaí, a roghana. Cé go bhfuil ceangal láidir aige le gnó agus le rialtas, tá seantaithí aige ar chomhréitigh a shocrú le polaiteoirí eile freisin. Ba é, go deimhin, a d’eagraigh scéim árachais poiblí i Massachusetts nuair a bhí sé ina rialtóir ansin. Go deimhin, is é Romney rogha an láir agus na bPoblachtánach traidisiúnta. An t-aon fhadhb leis: is Mormannach é, agus breathnaíonn go leor Meiriceánach ar Mhormannachas mar chultas.
Is iad na “Nua-Fhondúirí”, nó na “Nua-Choimeádaigh” an dara dream, agus is é Newt Gingrich, ceannaire réabhlóide na nóchaidí, a n-iarrthóirne. Go deimhin, seisean atá chun cinn sna réamhthoghcháin i láthair na huaire. Tá aithne fhairsing air fud fad Mheiriceá, agus is maith le “Seabhaic” an pháirtí é, ó is é a chuir an páirtí ar bhealach na buachana sna nóchaidí. An fhadhb is mó leis: tá sé pósta don tríú uair faoi seo, agus tá cáil na mímhóráltachta air. Níos measa, fós, cuirtear íorpais agus luaineachas ina leith, rud nach dtaitneoidh le vótóirí.
Imirt Mirlíní
Críostaithe iad an tríú aicme, agus is é Rick Santorum, as Pennsylvania, a rogha siadsan. Níl ach teachtaireacht amháin ag Santorum, agus sin teachtaireacht Dé. Tá meas mór air i measc na mbocht agus na gCríostaithe, ach ní leír go bhfuil an chumhacht chéanna aige sa pháirtí féin is atá ag Romney agus Gingrich, agus is mó is baolaí, dá réir, nach n-éireoidh leis ach vótaí na gCríostaithe a mhealladh ón dá iarrthóir eile.
Tá an ceathrú dream ann freisin, ach is deacair a rá an “Poblachtánaigh” iad i gceart, nó dream iad atá ag iarraidh an páirtí a inshíothlú. Sin iad na Liobraígh, no “Libertarians”. Creideann Liobraigh gur ceart deireadh a chur le cáin, seirbhísí sóisialta, agus dlí ar bith a chuirfeadh srian ar dhuine a rogha rud a dhéanamh. Is é Ron Paul, feisire as Texas, a roghana. Páirtí neamhspleách ab ea na Liobraígh, agus níl uathu sa chás seo ach cumhacht a thógáil trí pháirtí mór eile a ghabháil. Más ea, níl ag éirí leo. Creideann Liobraígh i saoirse creidimh, ginmhealladh, agus cead drugaí a thógáil, rudaí a chuireann olc ar formhór na bPoblachtánach.
I ndeireadh báire, ámh, níl sna réamhthoghcháin seo ach argóint faoi na mirlíní ar thaobh an chlóis súgartha. Níl ag éirí thar barr leis na Daonlathaigh, ach is iarrthóir é Barack Obama a fhaigheann tacaíocht ó gach cuid dá pháirtí, agus ó lear maith de votóirí lár Mheiriceá. Cibí cén duine a bhfaighidh ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh, coimhtheoidh sé na trí dream sainleasa eile, agus is mó is baolaí, go háirithe i gcás Gingrich, Santorum, agus Paul, go gcaillfidh sé vótóirí lár Mheiriceá freisin.
Agus sin an fáth, fiú agus sorcas na réamhthoghchán ar siúl idir seo agus Mí an Mheithimh, gur mó is dóichí go mbeidh Barack Obama ar ais sa Teach Bán arís ag deireadh na bliana seo.