AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
An Pápa Eoin Pól II: laoch i measc na bPolannach
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Níor thuig Alan Desmond chomh tógtha is a bhí na Polannaigh leis an bPápa Eoin Pól II go dtí gur chuir sé faoi i dtír dhúchais an Phápa.

Bhain mé Lublin, an chathair is mó in oirthear na Polainne, amach ar 7 Deireadh Fómhair 2003. Ag siúl síos an tsráid dom cúpla lá ina dhiaidh sin bhí aer na hoíche á lonrú ag tinte ealaíne ar chúis nár thuig mé. Ba ghearr gur tugadh le fios dom, áfach, gurbh é ba chúis leis na radharcanna áille ná cúig bliana fichead bheith slánaithe ag Eoin Pól II mar Phápa.

Ní raibh sna tinte ealaíne, dála an scéil, ach blaiseadh ar na himeachtaí comórtha a bhí ar bun seachnóin na tíre.

Seachas na hAifrinn agus na ceolchoirmeacha reiligiúnacha a mbeifeá ag dréim leo, eagraíodh cluiche sacair idir an Pholainn agus an Iodáil i Vársá, príomhchathair na Polainne. Thug na Polannaigh an svae leo 3 – 1.

Ba léiriú iad na himeachtaí seo ar a thábhachtaí a bhí an Pápa riamh do mhuintir na Polainne. Cé gurbh iad húdaráis éagsúla a reáchtáil a leithéid de ghníomhaíochtaí, ní hiadsan amháin a d’fhéach ar an Athair Naofa mar dhuine speisialta: bhí meas nach beag ag an ngnáthdhuine, idir óg agus aosta, ar Eoin Pól II chomh maith.

Go gairid i ndiaidh oíche na dtinte ealaíne rinne mé comhrá le bean óg sna fichidí luatha i dteach tábhairne. Gnáthchailín ar thaitin gloine beorach agus an chraic léi a bhí inti ach d’iompaigh sí ar ábhar an Phápa is thosaigh ar liodán a chuid éachtaí agus breoiteachtaí a ríomh. Ar mhaithe leis an eachtrannach a bhí an taispeántas ar siúl, mheas mé féin, agus chrom mé ar roinnt grinn a tharraingt isteach sa chaint. Leagadh béim ar chúig bliana is fiche bheith tugtha aige ina Phápa agus mar fhreagra chuir mé in iúl gur thréimhse fhada í sin is nárbh fhearr dó post éigin eile a ghlacadh ar láimh ar son na héagsúlachta.

Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.

Is ar iliomad cúiseanna a bhí an tAthair Naofa chomh tábhachtach sin do Pholannaigh. Ba iad laethanta léin seachas eachtraí suairce a thréithrigh stair na Polainne ar feadh na gcéadta. Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.

Rinne an tarlú seo Polannaigh a líonadh le háthas agus le bród. Cé go rabhthas fós ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu. Anois bhí fear cumhachtach tábhachtach ag smaoineamh orthu agus ag guí ar a son.

Mar thoradh ar roghnú Karol Wojtyla mar Phápa méadaíodh ar dhásacht na hEaglaise Cailtlicí agus na ngnáthdhaoine an fód a sheasamh in aghaidh na n-údarás cumannach. Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989. Is mar sin gur minic a mhaítear go raibh lámh ag an bPápa i dtitim an chumannachais in oirthear na hEorpa.

Dar leis an Dr. Hubert Laskiewicz, léachtóir le stair in Ollscoil Chaitliceach Lublin: “tá an Pápa ar na Polannaigh is tábhachtaí san fhichiú haois. Is laoch náisiúnta agus reiligiúnach é. Is cuid lárnach é d’fhéinmheas agus d’fhéiniúlacht líon suntasach Polannach laistigh agus lasmuigh den tír. Is pointe tagartha é, mar a bhíodh Naomh Pádraig do mhórán Éireannach”.

Ina fhianaise sin go léirionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.37, am na Polainne, oíche Shathairn, 2 Aibreán an bhliain seo caite.

Nuair a fógraíodh bás an Phápa thosaigh cloig na séipéal ag bualadh ó cheann ceann na tíre agus chruinnigh na Polannaigh isteach sna heaglaisí. Ó shin i leith ní raibh teacht ar shéipéal folamh agus comhthírigh an Phápa ag freastal ar Aifrinn speisialta agus ag bualadh isteach chuig teach Dé le guí ar son an duine atá ar an bPolannach ab iontaí riamh, dar le mórán Polannach.

Nasc leis an bPápa

Déanann daoine is áiteanna i ngach cearn den Pholainn nasc éigin le hEoin Pól II a mhaíomh, ní lú ná mar a dhéanann Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL) in oirthear na Polainne.

Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.

Ní ionadh a bhródúla atá muintir na hollscoile as seo. Is é Eoin Pól II atá mar ainm ar cheann den dá phríomhfhoirgneamh agus i 1982 bunaíodh Institiúid Eoin Phóil II le taighde a dhéanamh ar a shaothar agus a idéanna agus iad a chur faoi bhráid a mhéad daoine is a d’fhéadfaí. Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.

Thug an Pápa cuairt ar KUL i Meitheamh 1987. Labhair sé faoin ngá le hollscoil bheith i seirbhís na fírinne agus dúirt gurb é a idirdhealaíonn KUL ó institiúidí acadúla eile na Polainne ná a tréithe Caitliceacha.

Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí. Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.

Mar a tharla, níor glacadh le tairiscint Wojtyla agus ag druidim i dtreo 1978 bhíodh sé chomh gnóthach sin nárbh annamh mic léinn an Ardeaspaig bheith ag triall ar Kraków le freastal ar a léachtaí ansin.

Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha. Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “...ach tá a anam linn”.

Fógraíodh ar an Luan i ndiaidh a bháis go mbeadh ainm KUL á athrú le hainm an Phápa bheith mar chuid den teideal. Bhí cruacha bláthanna agus na múrtha coinnle á gcur ag bun dhealbh an Phápa i rith na seachtaine agus dream daoine ina seasamh os comhair na deilbhe an t-am ar fad, paidreacha á rá acu faoi chiúnas.

Is beag baile sa Pholainn nach bhfuil bóthar ann a bhfuil Eoin Pól II mar ainm air. An oíche roimh an tsochraid, chruinnigh na mílte ar na bóithre seo i gcathracha seachnóin na Polainne le slán a fhágáil ag a bPápa. I gcathair Lublin tá an bóthar seo tuairim is dhá chiliméadar go leith ar fhad. Tháinig na sluaite le chéile anseo oíche Déardaoin le paidreacha agus amhráin a rá agus líne coinnle gan bhriseadh ag síneadh ó bhun barr an bhóthair. Ba mhórthaibhseach an radharc é.

Ar an Aoine, lá na sochraide féin, taispeánadh an tAifreann ar scáileáin mhóra in áiteanna poiblí sna cathracha móra. Bhris an gol ar roinnt daoine agus an chónra á hardú ag deireadh an Aifrinn, a mhair beagnach trí huaire. Ag deireadh craolta i Lublin d’fhan na sluaite le “Barka”, an t-amhrán ab ansa leis an bPápa, a rá.

Fiú i ndiaidh adhlacadh an Phápa leanadh ar aghaidh le himeachtaí comórtha. Ar oíche Shathairn bhí nóiméad ciúnais ar stáisiúin raidió ag 21.37, an t-am a d’éag sé agus rinne an-chuid daoine a soilse a mhúchadh.

Díreach mar a bheifí ag súil leis, tá an-chuid imeachtaí comórtha eagraithe don 2 Aibreán i mbliana le cuimhneamh ar bhás an Phápa. Beidh na mílte Polannach ag triall ar an Róimh ar bord traenacha agus busanna speisialta, ag déanamh oilithreachta ar thuama an Phápa Pholannaigh. Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh gach áit sna tithe ósta agus sna brúnna óige curtha in áirithe.

Sa Pholainn féin léifear Aifrinn speisialta ar fud na tíre ar an 2 Aibreán agus ag 21.37 déarfar an Choróin Mhuire. Beidh cruinnithe paidreacha agus iomann ar siúl agus i Vársá eagrófar ceolchoirm ina mbeidh Placido Domingo páirteach.

Is cinnte nach inniu ná amárach a dhéanfar dearmad ar an laoch Polannach seo ina thír dhúchais.

Is Corcaíoch é Alan Desmond. Tá sé ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.