Naisc:
Níor thugas mo vóta do Shinn Féin ná do Ming Flanagan agus ní thabharfaidh, ach is furasta a thuiscint, dar liom, cé as a bhfaigheann siad a lán dá gcuid vótóirí. Tá Ming ag diúltú glacadh lena thuarastal iomlán €92,672 (nó €87,258 inniu Bealtaine 2014). Sílimse gurb iontach an rud é sin. Tá an t-uasal Ming ar an leath-thuarastal (€46,336 nó €43, 629) le trí bliana go leith, nó mar sin, faoin am seo. Tá gné an-chliste ag baint le cleas Ming chomh maith. Ní fhágfaidh sé an leath eile dá thuarastal ag an stát, ar eagla go mbeadh an stát ‘dhá shíobadh isteach sna bancanna’ (nó dhá ‘chaidéalú’ isteach sna bancanna mar a mhaígh sé i mBéarla)! Ina áit sin, roinneann sé ar ‘thionscadail áitiúla’ é.
Bíonn Sinn Féin agus Claire Daly TD, níos neamh-fhéináirmheanaí fós ná Ming. Ní tharraingíonn siad ach c. €34,000, is é sin, an meántuarastal tionsclaíoch. Joe Higgins TD mar a chéile, ní ghlacann ach le ‘gnáth-thuarastal oibre’ fosta. An té a bhfuil cúram roinnt déagóirí faoi chaolachaí an tí nó níos measa fós, go bhfuil siad ag roinnt tí le mic léinn eile le linn freastal ar an ollscoil, rachaidh sé go maoil a mhainge soláthar mar ba cheart ar a theaghlach ar an meántuarastal tionsclaíoch. Go deimhin, bhí Teachta amháin le Sinn Féin, Sandra Mc Lellan, ag bogchaoineadh a scéal le ceann de na nuachtáin arú anuraidh.
Níl mise in ann mo chlann a sheoladh chun na hollscoile, ná baol air, agus tuigim di. Tá tuiscint agus easpa tuisceana i gceist go mór i scéal athrú dílseachta. Cé a thuigfeas i gceart mé? An té a bhfuil €92,672 (nó €87,258) aige in aghaidh na bliana, an té nach bhfuil ach a leath aige, nó an té nach bhfuil ach €34,000 aige in aghaidh na bliana? Is furasta sin a fhreagairt. Tá níos mó de mhuintir na ‘hÉireann’ ar níos lú in aghaidh na bliana ná an méid sin.
Gné Thábhachtach Eile
Tugann an tagairt d’Éirinn (in ainm an ailt) mé chuig gné thábhachtach eile a bhaineann leis na buaiteoirí. Tá an dá Éirinn ar a laghad ann, is léir. Is minic gur trí chúige go leith a bhíonn i gceist le hÉirinn ar na saolta seo. An dream nach n-áiríonn an leathchúige eile mar chuid den tír seo, Éire, is iad is mó nach bhfeiceann cé as a dtáinig an vóta ard do Shinn Féin, d’ainneoin a threise is atá roinnt daoine ina n-éadan sa dá stát. Chreidfinn go bhfuair na Glasaigh smeadar éicint measa i measc mo lucht aitheantais mar gur páirtí iad atá eagraithe ar bhonn náisiúnta. Is dream uile-Éireann iad féin agus Sinn Féin agus is iad páirtí Sinn Féin an páirtí is mó vótaí in Éirinn cheana féin. (Féach sna naisc ar dheis.)
Mar a dúirt an té a dúirt roinnt mhaith blianta ó shin, ní chloisfear in aon áit ar domhan daoine ag béiceach “na Sé Chontae Fichead abú!” nó “na Sé Chontae abú!”, bíodh gurb shin é a bhíonn i gceist acu cuid den am, sé chontae/ fichead. Dá mba mhian leat scairteadh amach ar bhonn dlinsíochta, ba chóir scairteanna den chineál sin a raideadh amach ó am go chéile.
Iamhchríoch na Cathrach Abú!
Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir. Ní thuigeann na daoine a chaith vóta (ná na himircigh thar lear nach bhfuair cead) chomh feargach is atá cuid de na comharsana in aice leo. Is í fírinne an scéil san eastát ina bhfuil mé féin i mo chónaí, nach bhfuil aon vóta ag dul chuig aon pháirtí, ar chor ar bith. Ní ceantar oibrithe é seo. Is ceantar dífhostaíochta é agus is vóta dífhostaíochta amháin a thiocfas as áit mar seo, dá mb’fhéidir freastal air. Ní féidir mar ní thig le haon dream insint chomhleanúnach a sholáthar d’áit mar seo, agus cuirim Sinn Féin san áireamh sin agus iad ar leath-thuarastal cheana féin. Ar aon nós, dá mbeadh tionchar ag toghchán ar an chóras mhaorlathais, d’eagrófaí atoghchán nó chuirfí rud éicint eile ar fad ina áit.
Chomh maith le muintir na feirge agus na staince, nach mbacfadh le siúl a fhad le bothán vótála lena gcuid vótaí a scriosadh fiú amháin, tá dreamanna Poblachtacha nach ndallfaidh doras an ionad vótála go brách, bíodh go ndearna cuid acu é sin go díreach i nDoire. (Buail ar Chathair Dhoire sna naisc ar dheis.) Tá cruthaithe ag forfhorbairt an chórais chaipitil nach bhfuil i dteoiric daonlathais na vótála ach aghaidh fidil. Is d’aon ghnó a chlis na rialaitheoirí airgeadais ar na daoine mar nárbh iad na daoine a lucht ceannais. Is iad na daoine na sclábhaithe agus níl sa chóras stáit ach córas báillíochta le pingneacha a bhailiú agus le smacht a choinneáil ar na daoine trí dhífhostaíocht, eagla agus trí bhríonglóidí nach bhfíorófaí go brách, gan ór na cruinne. Is fearr uimhreacha scáileán ríomhaire ná ór na cruinne feasta agus níl ceachtar díobh sin san eastát seo.
Dá soilseodh an lá go bhfeicfí lucht feirge na dífhostaíochta, easaontóirí Poblachtacha agus dreamanna míshásta eile (Dílseoirí dífhostaithe, fiú amháin) ag caitheamh vótaí - le barr oilc amháin a tharlódh sé is dóigh – thuigfí gur mionlach an-bheag iad ‘Aontachtóirí’ na Sé Chontae. Ní thuigim cén fáth a bhfuil mionlach in ann an tír seo a choinneáil roinnte ina dhá cuid. Ní freagra iad Sinn Féin, domhsa, mar tá siad ag bogadh i dtreo an láir. (Caith súil ar V. Browne sna naisc ar dheis.) Admhaím nach ionann iad agus Fianna Fáil ná an Lucht Oibre, go fóill, ach tabhair am dóibh. Níl siad, SF, leath chomh lofa le ceachtar díobh sin a fhad is a fhanfaidh siad ar €34,000 sa bhliain. (Is eisceacht é Éamonn Maloney TD an Lucht Oibre, nach nglacann le costais mar Theachta Dála.)