AR NA SAOLTA SEO
An ndéanfar Dónal de Róiste a shaoradh ó mhilleán?
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Briseadh Dónal de Róiste as an arm i 1969 ach níor míníodh i gceart dó riamh cén fáth ar chaill sé a phost. In ainneoin go bhfuiltear ag súil leis an Aire Cosanta de Róiste a shaoradh ó mhilleán gan mhoill, níl Dónall Ó Maolfabhail dóchasach go nochtfar an fhírinne ar fad.

Tá sé i gceist ag an Aire Cosanta Michael Smith ráiteas a eisiúint laistigh de chúpla seachtain faoi chás Dhónail de Róiste, a scoireadh ón arm i 1969. An mhí seo caite, bhronn an tArd-Bhreitheamh Abhcóideach, Una McCrann, a tuarascáil ar chás de Róiste ar an Aire.

Ba í an phoiblíocht a tugadh do theoiric an iriseora Don Mullan i rith an tsamhraidh gur scoireadh de Róiste as an arm chun oifigeach eile a chosaint, a thug ar an Aire Cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar chás de Róiste. Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.

Ó bhí sé an-óg, theastaigh ó de Róiste a bheith ina shaighdiúir. Agus é ceithre bliana déag d’aois chláraigh sé san FCA. Ceapadh ina leifteanant san arm é i 1968. In Aibreán na bliana dár gcionn, bhí ceant á reáchtáil ag an arm i mBeairic Clancy i mBaile Átha Cliath le seanghluaisteáin agus rothair de chuid an airm a dhíol. Iarradh ar de Róiste dul i bhfeighil cuid de na hearraí. D’éirigh go maith leis an gceant. Ach ar fhilleadh chuig a bheairic féin in Áth Luain dó, gabhadh é agus tugadh ar ais go Baile Átha Cliath é, áit, de réir de Róiste, ar deineadh diancheistiú air. Ach níor insíodh dó riamh cad a bhí á chur in a leith. “That’s for you to tell us,” a dúradh leis, a deir sé.

I mí an Mheithimh 1969 iarradh ar de Róiste dul os comhair an Oifigigh Harry Byrne, a bhí i gceannas ar an arm san iarthar. Ar an lá sin insíodh do de Róiste go raibh sé á scor as an arm “ar an gcúis gurb é leas na seirbhíse é a scor”. Bhíothas tar éis de Róiste a chaitheamh amach as an arm gan deis a thabhairt dó é féin a chosaintachainí a dhéanamh.

Bhí an oiread sin náire ar athair Dhónail é a bheith caite amach as an arm nár lig sé riamh ar ais isteach sa teach é. Fiú go lá a bháis, i mí Eanáir seo caite, ní raibh sé sásta an eachtra a mhaitheamh dá mhac. Rinne de Róiste iarracht post eile a fháil in Éirinn ach is beag fáilte a chuirtear roimh dhuine a chaitear amach as an arm. Ar deireadh d’imigh sé thar lear go dtí an Bhreatain agus ansin go Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Aird na nuachtán

Murach gur sheas a dheirfiúr d’uachtaránacht na hÉireann i 1997, is dócha go mbeadh de Róiste tar éis an eachtra ar fad a ligean i ndearmad. Ach le linn an fheachtais uachtaránachta, tharraing na nuachtáin aird ar an eachtra arís. Dar le go leor, iarracht a bhí anseo ag páirtithe eile feachtas Adi Roche a loit. An bhliain chéanna, nuair a iarradh ar chór a raibh de Róiste ina bhall de ceolchoirm Nollag a thabhairt i mbeairic Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh, cuireadh in iúl dó nach mbeadh fáilte roimhe féin. Is ansin a tuigeadh dó go raibh air a ainm a shaoradh ó mhilleán.

Nuair a theip ar de Róiste eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise faoin méid a tharla dó, thosaigh sé ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí. Ní go dtí gur fhoilsigh an Irish Times alt mór dhá leathanach leis an iriseoir Don Mullan ar chás de Róiste níos luaithe an samhradh seo gur tháinig athrú ar chúrsaí. De réir theoiric Don Mullan caitheadh de Róiste amach as an arm le nach dtabharfadh sé fianaise i gcoinne ceannfoirt san arm a bhí páirteach i dtaisme gluaisteáin. I mí na Samhna 1967, bhí de Róiste agus triúr eile ag tiomáint go Corcaigh nuair a bhain taisme dóibh. De réir an Róistigh, bhí tiománaí an ghluaisteáin sin, an Ceannfort Sean T. O’Kelly, ar meisce ag an am. Dá dtabharfadh an Róisteach an fhianaise seo sa chúirt is é is dócha go gcaillfeadh an ceannfort a phost.

Deir de Róiste gur cuireadh brú air ag an am gan fianaise a thabhairt. Tarraingíonn Don Mullan aird ar an gcaoi ar scoireadh de Róiste go gairid roimh an gcás cúirte agus ar an tslí nár bhac na Gardaí le haon cheann de na paisinéirí, de Róiste féin ina measc, a cheistiú. Níl aon dabht ach go bhfuil nithe aisteacha ag baint leis an eachtra seo uilig freisin. Mar sin féin, de réir beirt oifigeach a bhí san arm ag an am, ar labhair mé féin leo, níl aon bhunús leis an teoiric gur caitheadh an Róisteach as an arm le hoifigeach eile a chosaint. Mar a dúirt duine amháin acu liom, “Commandant Sean T O’Kelly was no favourite son”. Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach. Tagaim féin leis an tuairim seo.

I Meitheamh 1969, nuair a caitheadh an Róisteach amach as an arm, bhí eagraíocht darbh ainm Saor Éire ag déanamh ruathar rialta ar bhancanna. Idir Feabhra 1967 agus Eanáir 1970 rinne Saor Éire breis agus dosaen banc agus oifig poist a robáil. Ach sa tréimhse uilig, is ar éigean a gabhadh duine ar bith. Ar an 3 Deireadh Fómhair 1968, áfach, ghabh na Gardaí beirt fhear, Sean Doyle agus Tom O’Neil. Nuair a tháinig an bheirt os comhair na cúirte ar an 21 Eanáir 1970, d’eisigh an Stát nolle prosequi. Chiallódh sé go scaoilfí saor an bheirt fhear ach go mbeadh an Stát in ann iad a athghabháil agus a athchiontú. Ach ar chúis éigin níor deineadh an bheirt fhear a athghabháil.

Ansin, ar an 3 Aibreán 1970, rinne Saor Éire an Royal Bank ar Arran Quay i mBaile Átha Cliath a robáil. San eachtra seo, maraíodh an Garda Richard Fallon. Bhí na Gardaí ar buile agus an ceart acu. Bhí an bheirt a bhí os comhair cúirte i mí Eanáir páirteach i marú an gharda. Bheadh duine eile de na robálaithe, Joe Dillon, sa phríosún muradh botún a deineadh in ordú aire agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise.

Gá le fiosrúchán

Thart faoin am céanna d’fhoilsigh an iris Hibernia alt ina ndúirt siad go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith. Laistigh de chúpla seachtain bhí an tAire Dlí agus Cirt, Mícheál Ó Móráin, tar éis éirí as oifig, de bharr cúrsaí sláinte, a dúradh.

Níl aon dabht ach gur beag a rinne rialtas Fhianna Fáil idir 1967 agus 1970 le stop a chur le Saor Éire. Cén fáth go díreach é seo? Ní fios. Tá an tuairim ann gur tugadh cead a gcinn do Shaor Éire toisc go raibh an tAire Neil Blaney ag an am ag baint leasa as an eagraíocht le gunnaí a fháil i Meiriceá don phobal ó thuaidh. Tá an tuairim ann leis go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin nó le spíodóireacht a dhéanamh ar an bpáirtí sin.

Ag an am céanna a ceistíodh de Róiste, ceistíodh cara leis, an Ceannfort Paddy Walshe. Is é an t-aon rud a fhanann ina chuimhne siúd faoin gceistiú ná a mhinice is a luadh an t-ainm Pádraic Dwyer. Deir de Róiste gur cuimhin leis an t-ainm á lua leis féin go minic freisin. Ball den eagraíocht Saor Éire ab ea Pádraig Dwyer. Deir an tUasal Walshe gur tharla de Róiste agus é féin a bheith i gcomhluadar an Uasail Dwyer anois agus arís ag seisiúin cheoil. Tá a fhios againn anois gur nia leis an Aire Dlí agus Cirt, Mícheál Ó Móráin, é Pádraic Dwyer. I ndiaidh Thriail na nArm, scaoileadh saor Padraic Dwyer go tobann ón phríosún agus cuireadh garda speisialta ag faire ar a árasán. Más amhlaidh go raibh Dwyer ag obair don rialtas ag an am, an bhfuil seans ann gur ruaigeadh de Róiste as a phost toisc go raibh eagla ar údaráis áirithe ag an am go bhfaighfeadh de Róiste, de bharr gur leifteanant é, an méid seo amach agus b’fhéidir tuilleadh.

Is léir go bhfuil feachtas de Róiste féin ag bailiú nirt go tapa. Ag deireadh na míosa seo caite sheol an t-aisteoir Gabriel Byrne craobh Mheiriceá d’fheachtas an Róistigh i Nua-Eabhrac. Creideann dlíodóir an Róistigh, Eamonn Carroll, toisc téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire a bheith sách leathan, go mbeidh ar an Aire míniú sách cuimsitheach a thabhairt den chéad uair ar pé cinneadh a ghlacfaidh sé. Ar an ábhar sin, tá sé dóchasach nach fada anois go ndéanfar a chliant a shaoradh ó mhilleán.

Cé go gcreidim go bhfuil seans maith go nglanfar ar deireadh thiar thall ainm Dhónail de Róiste, caithfidh mé a rá gur beag dóchas atá agam go bhfaighidh muid choíche amach cad go díreach ba chúis lena scor ón arm. Go háirithe más amhlaidh go raibh baint ar bith ag ar tharla dó leis an eagraíocht mhistéireach sin, Saor Éire.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do Magill, i measc foilseachán eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.