AR NA SAOLTA SEO
An Mhuintir Batwa
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Bhí Alan Desmond ag iniúchadh scéal mhuintir Batwa, an dream beag daoine san Afraic Láir a dtugtaí Pigmithe orthu. Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.

Íomhá
Mobutu Sese Seko, Uachtarán na Sáíre, nach maireann
Íomhá
An siamsa ar bun, lucht damhsa Baka sna Camarúin

aird an domhain tarraingthe ar Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice ag tubaistí éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Ba i Ruanda a rinneadh sléacht ar bhreis is 800,000 duine i 1994 le linn iarracht ar chinedhíothú a ndearna an domhan neamhiontas de go dtí go raibh sé ródhéanach. Tá coimhlintí uafásacha ar siúl i bPoblacht Daonlathach an Chongó (PDC) ó treascraíodh an deachtóir fadsaolach Mobutu Sese Seko i 1998. Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne. Tá breis is 300,000 duine dulta ar an mórshlua sa Bhurúin mar gheall ar choinbhleacht eitneach a thosaigh i 1993.

Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.Ar ndóigh, is téarma acadúil é Pigmí a thagraíonn do na fiagaithe-cnuasaitheoirí ísle arb as na foraoiseacha meánchreasa agus na limistéir máguaird san Afraic Láir dóibh. B’annamh a bhain pobail Phigmí úsáid as an téarma acadúil chun cur síos orthu féin, ní nach ionadh agus é á chloisteáil acu mar fhocal tarcaisne de ghnáth ó dhaoine nach Pigmithe iad. Ach, mar a mhíneofar, tá an téarma in úsáid ag gníomhaithe Batwa anois.

Is iad foraoiseacha cnoic agus ísealchríche timpeall ar Loch Kivu in oirthear na hAfraice Láir baile sinseartha mhuintir Batwa. In ainneoin an eitneachais a aontaíonn na Batwa, níl teanga amháin dá gcuid féin acu. Ní hann don teanga Batwa a thuilleadh agus is gnách leo príomhtheanga na tíre ina bhfuil siad a labhairt. Meastar go bhfuil tuairim is 90,000 Batwa fágtha faoi na Mór-Lochanna agus iad scaipthe thar achar tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach, achar ábhairín níos mó ná oileán na hÉireann. Is sa Bhurúin atá an líon is mó díobh, mar atá, suas le 40,000. Tá suas le 27,000 ó thuaidh i Ruanda, thoir i bPDC tá timpeall ar 16,000 agus níl ach tuairim is 4,000 Batwa in Uganda.

Fágann na staitisticí seo, ar ndóigh, gur mionlach beag bídeach iad na Batwa i ngach ceann de na ceithre thír sin.

Céad Mhuintir na hAfraice Láir

Glactar leis gurbh iad na Pigmithe a bhí sna háitritheoirí bunaidh i bhforaoiseacha meánchreasa na hAfraice Láir agus is é sin is cúis leis an bhfonn atá ar ghníomhaithe Batwa an téarma Pigmí a úsáid mar gheall orthu féin le blianta beaga anuas. Ní hamháin go léirítear sa tslí sin gurbh iadsan a d’áitrigh an Afraic Láir ar an gcéad dul síos, roimh na pobail atá i réim sa réigiún faoi láthair, ach ag an am céanna, déanann siad comhbhá le pobail Phigmí eile i lár na hAfraice.Cé gur fiagaithe-cnuasaitheoirí a bhí sna Batwa ó dhúchas, rud atá fíor i gcás na bPigmithe go léir, fágann gach cor atá curtha ina gcinniúint nach gcleachtann roinnt mhaith Batwa an saghas sin saoil a thuilleadh.

Ní inniu ná inné atá curtha isteach ar mhodh maireachtála traidisiúnta na Batwa, áfach. Sa ré réamhchoilíneach tháinig pobail socraithe i gceannas ar an Réigiún Mór-Lochanna. Ós rud é go raibh talamh ag teastáil ó na pobail nua seo ar son na talmhaíochta is na tréadaíochta, cúngaíodh ar na Batwa is glacadh seilbh ar na tailte foraoise ina raibh siad ag maireachtáil.Agus a n-áiteanna dúchais á leagadh ar lár, ba dheacair dóibh an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail mar fhiagaithe-cnuasaitheoirí agus thosaigh roinnt Batwa ag iompú ar mhodhanna maireachtála eile. Chuaigh a bhformhór sa Bhurúin agus i Ruanda leis an bpotaireacht. Is mór a dteist, leis, as a gcumas siamsa is damhsa. Chomh maith leis sin chuathas leis an ngaibhneacht, an tsaoirseacht adhmaid is obair stáin. Samhlaítear iad go mór leis an déircínteacht sa lá inniu.

Na Sluaite Isteach ag Mhuintir Batwa

Ba ghearr gur líonmhaire i bhfad na pobail socraithe nua ná na Batwa agus ba ag bun na sochaí nua a bhí áit na Batwa. Creideadh gur daoine míshibhialta iad a itheann bia samhnasach is nach bhfuil éirimluachanna morálta acu. Ó shin i leith, tá a stádas íseal, laghad a lín agus scaipeadh a gcomhphobal ag cur go mór lena laige pholaitiúil agus leis na deacrachtaí atá acu a gcearta a éileamh.

Ar ndóigh, níl gach foraois sa Réigiún Mór-Lochanna ar lár. I bPDC go háirithe ní chomh géar ceánna a chuathas i mbun leagan na foraoise. Ach fiú in áiteanna ina bhfuil an fhoraois fós faoi bhláth, tá na Batwa á scaradh amach ón saol is dual dóibh. Tá foraoiseacha i Ruanda, Uganda agus PDC ceaptha ag na húdaráis mar pháirceanna náisiúnta agus mar thaobh tíre caomhantais le dhá scór bliain anuas, rud a fhágann go bhfuil na Batwa díbrithe as na foraoiseacha sin.Cé go bhfuil Batwa áirithe á bhfostú mar lorgairí sna páirceanna seo, tá an t-eolas a bhí acu ar shaol na foraoise á chailleadh de dheasca na díbeartha. Dhéantaí seilg ar ainmhithe agus bhaintí feidhm as luibheanna mar leigheas san fhoraois. Tá an luibheolas sin ag tanú leis. Dar leis na Batwa gurb iad scileanna seo na bhfiagaithe-cnuasaitheoirí a bhfíorghairm. Ach in ainm an chaomhantais, ní ligtear dóibh an ghairm sin a chleachtadh. Scoitear iad as na háiteanna a bhfuil taithí acu orthu is naisc spioradálta acu leo agus cuirtear iallach orthu dul isteach i sochaithe coimhthíocha.

Mar bharr ar an tubaiste, ní chuirtear cóir ar na daoine easáitithe seo, ná geall leis, sna sochaithe ar deoranta leo iad. Is amhlaidh gurb é íde na muc is na madraí a thugtar dóibh i sochaithe na bpobal socraithe. Déantar leatrom orthu i ngach áit. Ní íosfaidh a gcomharsana ina gcuibhreann, ní ghlacfar leo mar chéile pósta. Leithscartar comhphobail Batwa ó ghrúpaí eile agus is ag maireachtáil ar an imeall atáid i ngach áit.

Sciúirse na gCoimhlintí

Anuas ar an díshealbhú atá á dhéanamh ar na Batwa le fada, ar ndóigh, fulaingíonn siad chomh maith de dheasca na gcoimhlintí atá is a bhí mar sciúirse ar thíortha Réigiún na Mór-Lochanna. Le linn an eirligh a rinneadh i Ruanda i 1994, cur i gcás, maraíodh tuairim is trian de dhaonra Batwa na tíre sin.

Ach tá léaró dóchais le feiceáil. Tá páirt á glacadh ag na Batwa, ó na 1990idí i leith, i ngluaiseacht idirnáisiúnta chearta na bpobal dúchasach. Ciallaíonn sé seo go bhfuiltear ag cur leis an tuiscint atá ag an domhan ar fhadhbanna na bpobal dúchais. Tá de thoradh air seo, mar shampla, go bhféachann eagraíochtaí caomhantais, deontóirí agus comhlachais fhorbartha idirnáisiúnta chuige nach gcuireann a ngníomhaíochtaí isteach ar phobail dúchais.

Leagann na Batwa béim air gur pobal coilínithe iad fós in ainneoin imeacht na nEorpach sna 60aidí. Chun próiseas an díchoilínithe a thabhairt chun críche, beidh gá le níos mó ná dea-mhéin eagraíochtaí idirnáisiúnta. Beidh ar rialtais na hAfraice Láir a bpolasaithe a athrú is beidh ar phobail na háite a ndearcadh a athrú. Ní inniu ná amárach a tharlóidh na hathruithe sin, ar ndóigh, rud a fhágann go mbeidh gá leis na gníomhaithe Batwa go ceann tamaill mhaith eile fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.