AR NA SAOLTA SEO
An Manglam Dod agus Glórtha Eile
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Bhí Gabriel Rosenstock ag meabhrú ar thábhacht ghuth an duine ar mheanma an duine. Ní binn béal ina thost mar sin, an chéad rud ar maidin féin.

Íomhá
Loch na dTrí gCaol
(le John Clare ar Flickr)
Íomhá
Sigmund Freud lena mháthair Amalia 1872
(le J. Moro ar Vicipéid)
Íomhá
Carl Jung 1910
(Leabharlann na Comhdhála, SAM ar Flickr)

Ina leabhar The Healing Power of the Human Voice (2005) meabhraíonn James D’Angelo dúinn go bhfuil an nádúr daonna fite fuaite leis an dúlra agus cá hionadh mar sin éifeacht amhrán na farraige is na gaoithe orainn, cantain na n-éan agus mar sin de. Ach an bhfuil aon rud níos binne ná guth an duine?

feidhmeanna éagsúla ag an nguth, ar ndóigh, agus feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh, sa gháire agus sa ghol, cuir i gcás. An bhfuil an focal God/Gott gaolta le Guth? Freagra: Tá! Is maith liom a bheith ag éisteacht le cantaireacht agus tá a lán lán samplaí ar fáil ar an Idirlíon. Déan cuardach ar ‘Healing Mantras’, cuir i gcás, agus tiocfaidh tú ar chuid de na samplaí is deise liom féin agus iad á gcanadh ag Dúitseach, Hein Braat. Deir Braat nuair a fhuaimnítear siollaí na Sanscraite i gceart go móthaítear fuaimeanna difriúla i gcodanna éagsúla den cholainn. Sin, ar ndóigh, an bunús a bhaineann leis an gcantaireacht mar leigheas. (Féach an nasc ar dheis.)

An bhfuil éifeacht ag d’ainm ort? Nomen est omen a deireadh na Rómhánaigh: tá cinniúint san ainm. Dhein Carl Jung machnamh ar an gceist seo. D’fhéach sé ar shloinnte a chomhghleacaithe agus ar a shloinne féin. Sigmund FREUD, abair. Is é is brí leis an bhfocal Gearmáinise sin ná ‘áthas’ agus leag Freud béim ar phrionsabal an phléisiúir! Comhghleacaí eile leis ab ea Alfred ADLER, a chiallaíonn ‘fiolar’, rí na n-éan; leag Adler béim ar phrionsabal na cumhachta. Agus maidir leis féin, Carl JUNG? Ciallaíonn sé sin ‘óg’ agus bhí an-spéis ag Jung i dteoiric na hathbhreithe!

Déanfaidh an dream seo anailís ar do chéadainm duit:

Bhíodar cruinn go maith, is dóigh liom, maidir leis na tréithe a bhaineann le ‘Gabriel’. Deireadh mo mháthair liom gur thug sí Gabriel orm mar gur rugadh ar bhuille Chlog an Aingil mé. Molfaidh na Kabalarians duit ainm eile a ghlacadh chugat féin má tá d’ainm agus do shloinne do do choinneáil siar! Sea, athraigh d’ainm más gá. Ní bheadh trácht cloiste againn ar an bhfear úd Sól murach gur athraigh sé a ainm go Pól.

Deir D’Angelo thuasluaite nach cóir duit bualadh bos a dhéanamh ag deireadh ceolchoirme. An ceart ar fad aige. Cruthaíonn ceolchoirm tonnchreathanna ar leith ina bhfuil ní hamháin an ceol atá á sheinm ach smaointe is mothúcháin na gceoltoirí is an lucht féachana araon agus cad a dhéanfadh bualadh bos ach na tonnchreathanna breátha sin go léir a scaipeadh! Teoiric spéisiúil. An nglacfadh an Ceoláras Náisiúnta leis? Ciúnas is ceart a bheith tar eis ceolchoirme. Tabharfaidh an chantaireacht agus an mantra chun an chiúnais, leis, sinn.

Líonann ceol an dúlra le ciúnas sinn. Tá míle mantra ag an dúlra agus ba bhinn lenár sinsir romhainn iad:

Sgolghaire luin Doire an Chairn,
búithre an daimh ó Aill na gCaor,
ceól le gcolladh Fionn go moch,
lachain ó Loch na dTrí gCaol.

Cearca fraoich um Chruachain Chuinn,
feadghail dobhráin Druim Dhá Loch,
gotha fiulair Ghlinn na bhFuath,
longhaire cuach Chnuic na Sgoth.

Gotha gadhair Ghleanna Caoin,
is gáir fhiulair chaoich na sealg,
tairm ná tuinne ag triall go moch
isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.

An tráth do mhair Fionn ‘s an Fhiann,
do b’annsa leó sliabh ná cill;
fá binn leósan fuighle lon,
gotha ná gclog leó níor bhinn.

Ní bhíonn daoine ag crónán chomh minic is a bhíodh, an mbíonn? Is cuimhin liomsa an seandream ag crónán go deas bog dóibh féin. Ar m’fhocal! Anois, tá focal iontach ag an Duinníneach a mhíníonn nós atá ag imeacht as go tiubh, mura bhfuil sé imithe ar fad ar fad: MANGLAM DOD: ‘a morning croon while preparing breakfast’.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.