THALL IS ABHUS
An Hammam i nDamaisc
Amanda Reid Amanda Reid

Le linn a seal san Oirthear, thug Amanda Reid cuairt ar an hammam, an teach folctha i gcathair Damaisc. Beo ar éigeann a tháinig sí as.

Íomhá
Seanchathair na Damaisce
(le Sufun Love ar Picasaweb)
Íomhá
Hammam galánta in Istanbul
(le Gryffindor ar Vicipéid)
Íomhá
Dealbh Saladin i nDamaisc
(le Godfried Warreyn ar Vicipéid)
Íomhá
Pól ar an mbóthar go Damaisc, Michelangelo
(Bob Swain ar Picasaweb)

An hammam, an teach folctha: is ann a théann na daoine sna tíortha Arabacha le héalú ó shaol cúng an tí. Is áit é le scith a ligean agus leis na scéalta is úire a chloisteáil. Rinne mé féin mo bhealach go dtí an hammam i nDamaisc i dteas an tráthnóna. Bíonn am faoi leith ann i gcomhair na mban. Bhí sé deacair an doras a aimsiú. Lonnaithe idir dhá shiopa a bhí sé, an staighre íseal, agus é clúdaithe ó shúile na sráide le cuirtín. Má bhí fógra ann mar leide faoin áit a bhí istigh, níor aithin mise é i measc na gcomharthaí éagsúla i dteanga na hArabaise. Taobh thiar den chuirtín, d’oscail doras ar chéimeanna síos díreach ón tsráid a fhad le seomra íseal, leathan. Bhí péint ghorm ar na ballaí, rud a chur leis an dorchadas nádúrtha. Bhí bínsí adhmaid greamaithe sna ballaí le suí orthu mar a dhéanfá sa gclúid. Ar an taobh eile den seomra, bhí bean ina suí ag cuntar adhmaid. Bheannaigh sí dom: “Salaam aleichum.” “Wa-aleichum a-salaam” a deirim féin. Sheas mé ag fanacht le treoir.

Tugadh seilf dom le mo chuid málaí agus bróg a leagan isteach ann, agus chomharthaigh sí dom lena lámh an bealach isteach chuig an hammam féin. Tuilleadh céimeanna ansin. Bhí mé go domhan faoin tsráid faoin am seo. Shiúil mé síos dorchla caol ag cuardach an tseomra. Bhí stuanna ag oscailt ar sheomraí beaga ag gach uile ghabhlóg den dorchla, mar a bheadh coirceog na mbeach. D’ardaigh an teas agus mé ag déanamh ar chroílár an hammam. D’fhág mé mo léine agus mo threabhsar crochta ar thairne meirgeach taobh amuigh den chéad doras, isteach liom ansin agus gan snáth orm ach an fobhríste.

Croílár na Coirceoige

Ní raibh mé an-chinnte faoi nós imeachta na háite. Bhí puthanna gaile ag doirteadh isteach sa seomra ó sheomra mór an hammam. Bhreathnaigh mé isteach. Bhí solas bog sa seomra ag taitneamh anuas ó sclátaí gloine daite a bhí greamaithe in áirse mhór na síleála os mo chionn. Bhí airde mhaith sa seomra, ach bhí sé chomh daingean sa talamh go mba léir gur bhain sé leis an gcianstair sular fhás an chathair féin os a cionn. Bhí uaisleacht sa seomra nach raibh le feiceáil sa seomra feithimh thuas ag an doras. Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.

Tríd an ngail, chonaic mé nach raibh mórán ban sa seomra romham. Bhí iontas orm bean aosta a fheiceáil ina measc, í ina suí ina craiceann ar mharmar an urláir, na cosa spréite amach roimpí. Ní raibh ribe gruaige uirthi seachas ar a ceann. Breathnaigh sí orm agus an ghail ag bailiú ar a cuid spéaclóirí móra troma. Bhí a chuid súile méadaithe go mór ag an gloine thiubh. Bhí taibhsí ag bogadh tríd an ngail ar chúl an tseomra. Bhí cailíní ins na déaga ansin agus iad clúdaithe go bonn na gcos le gúnaí bána. B’fhéidir gur chlúdaigh na gúnaí éadroma a gcuid náire, ach leis an taise níor cheil siad morán rud ar bith eile.

Sheas bean bheag os mo chomhair agus í ag fógairt orm in ard a gutha. Bhí sí féin gléasta ina cuid fo-éadaí, bhí a cuid gruaige fliuch agus í tarraingthe siar go sraoilleach. Lean sí uirthí ag spalpadh cainte liom, í ag bualadh an aeir lena dá láimh agus í ag dul i mbun sáraíochta liom. Bhí mé gan tuiscint agus ní fhéadfainn cuidiú léi. Nuair a thaispeáin sí an t-urlár dom go húdarásach, thuig mé gurbh ise an suathaire – an masseuse - agus go raibh sé de dhualgas orm luí síos de réir mar a bhí sí féin a mholadh.

An Sciúradh

Luigh mé siar faoi mar a d’iarr sí orm. Chonaic mé smaoisréama greamaithe den bhalla amach uaim. Bhog mé níos gaire do lár an tseomra le fanacht amach ó bhun an bhalla sin. Bhí an áit seo níos ísle, agus an fuílleach uisce chomh maith le dríodar na ndaoine ag éalú leis amach as an seomra. Thug mé suntas do phlástar a bhí ar snámh go mall i dtreo na claise. Dhún mé na súile agus luigh mé ar mo bholg ar an marmar fuar.

Dar fia! Bhuail an bheainín beag mé le miotóg gharbh. Bhí sé seo sleamhain le galúnach agus thug sí faoi chuimilt mhaith a thabhairt dom leis an seanchraiceann triomaithe a bhaint díom. Sciúradh an tseanphota! D’oscail mé mo shúile agus chonaic mé dríodar mo chuid craicinn ag bailiu ar an miotóg. Lean sí uirthí go dtí nach raibh tuilleadh le haimsiú, agus thosaigh sí ansin ag sá a cuid méara i mo bhlaosc, ag ní agus ag tarraingt mo chuid gruaige go dtí go raibh mo chloigeann ag scairteadh. Na matáin agus an cholainn ar fad ansin, í á dtarraingt agus á lúbadh go dtí gur shíl mé go gcaithfí mé a iompar amach as an áit. Smaoinigh mé ar mo bheartas árachais; an raibh gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?!

I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh sí dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic. Ní raibh mé in ann. Bhí mé chomh lagaithe. Ghlac sé tamall orm éirí agus chuidigh an t-uisce glé le mo chuid craiceann feannta a fhuarú. Luigh mé siar leis an lagar a ligean tharam.

Bhí an tseanbhean romham sa seomra feitheamh nuair a chuaigh mé amach ar ball, le mo chuid balcaisí a bhailiú agus eile. Ar feadh nóiméad amháin, níor aithin mé í. Bhí sí réitithe don tsráid, a colainn nocht clúdaithe anois ó bhun go barr in éadach liath fillte. Ní raibh le feiceáil ach a héadan. Níor aithnigh mé ach na spéacláirí troma a bhí á gcaitheamh aici, agus na súile móra ag stánadh orm tríd an gloine thiubh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.