TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
An Gúm
Seosamh Ó Murchú Seosamh Ó Murchú

Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Ó Murchú, An Gúm (atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath).

Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Eagarthóir Sinsearach an teideal oifigiúil atá ar mo phost. I 1998 a ceapadh mé sa chúram. Déanaim obair an Ghúim a phleanáil agus a leagan amach i gcomhar leis an bhfoireann agus bím freagrach as an gclár oibre a chur i gcrích agus as bainistíocht ghinearálta na háite.

  1. Cathain a bunaíodh an Gúm agus cé a bhunaigh é?

I 1926 a bunaíodh an Gúm. An tAire rialtais, Earnán de Blaghd agus an tOllamh Seoirse Mac Niocail an bheirt ba mhó go raibh baint acu lena bhunú. Ach cinneadh rialtais a bhí ann ar deireadh agus is mar chuid inmheánach den Roinn Oideachais a d’fheidhmigh an Gúm suas go dtí mí na Nollag 1999 nuair a aistríodh isteach i bhForas na Gaeilge é.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh an Gúm ar dtús chun ábhar léitheoireachta a chur ar fáil i nGaeilge don phobal, idir óg is aosta, agus chun acmhainní oideachais agus téarmaíochta a fhoilsiú i nGaeilge freisin. Leagadh an-bhéim sna blianta tosaigh ar mhórshaothair litríochta a aistriú ó theangacha eile. Cuireadh raidhse leabhar Gaeilge i gcló sna tríochaidí arbh aistriúcháin iad ar leabhair mhóra an Bhéarla, na Fraincise, na Gearmáinise agus mar sin. Bhí an-éileamh ag an bpobal orthu. De réir a chéile ansin nuair a tháinig na foilsitheoirí neamhspleácha ar an saol, laghdaíodh ar líon na n-aistriúchán liteartha agus díríodh níos mó ar ábhar scoile a fhoilsiú. D’fhoilsíodh an Gúm mórchuid bileog cheoil chomh maith suas go dtí tríocha bliain ó shin nó mar sin.

  1. Cén obair a dhéanann an Gúm anois?

Téacsleabhair bhunscoile agus iar-bhunscoile, leabhair do dhaoine óga, leabhair eolais agus foclóirí ginearálta agus téarmaíochta a fhoilsiú, sin iad na príomhréimsí oibre a mbíonn an Gúm ag plé leo anois.

  1. Cén buiséad bliantúil a chuirtear ar fáil don Ghúm? An leor é?

Thart ar £1m a bhíonn ar fáil mar bhuiséad oibre in aghaidh na bliana. Tiocfaidh méadú air sin de réir a chéile táthar ag súil. Is leor go fóill ag cur san áireamh na ganntanas foirne atá san áit. Ach ní leor é le riachtanais uile na scoileanna lán-Ghaeilge a shásamh maidir le téacsleabhair ná áiseanna de.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag an Ghúm?

Cuireann an Gúm leabhair ar ardchaighdeán ar fáil. Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanaimid agus tá gá i gcónaí le breis acmhainní a sholáthar d’fhonn freastal cuimsitheach a dhéanamh ar riachtanais na scoileanna agus lucht foghlama agus léite na Gaeilge i gcoitinne.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

An teacht isteach a fhaightear ó dhíol na leabhar, téann sin ar ais go dtí Foras na Gaeilge.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá os cionn 2,000 leabhar agus os cionn 300 píosa ceoil foilsithe ag an nGúm ó chuaigh sé i mbun oibre. Is mór an méid é sin. An Gúm a d’fhoilsigh foclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill agus is faoina stiúir a chuirfear an foclóir nua Béarla-Gaeilge i gcló. Ní beag an méid sin maidir le spriocanna a bhaint amach.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Ganntanas foirne an laige is mó a bhaineann leis an áit faoi láthair. Níor fostaíodh aon duine ar an bhfoireann eagarthóireachta ó 1986 agus tá deichniúr imithe ó shin gan duine ar bith tagtha ina n-áit.

Gairmiúlacht agus díograis na foirne atá ann an bua is mó a bhaineann leis an áit. Chomh maith leis sin an saineolas agus corpas mór oibre atá curtha i gcrích ó bunaíodh an áit, is cuid d’oidhreacht bheo an náisiúin iad sin.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an Ghúm faoi cheann cúig bliana.

Na socruithe a bheith déanta le gur féidir freastal i gceart ar mhargadh na scolaíochta lán-Ghaeilge maidir le háiseanna oideachais de. An fhoireann a bheith méadaithe le gur féidir an obair uile atá le déanamh a chur i gcrích. Gréasán ceart eolais agus poiblíochta a bheith bunaithe le go mbeadh teacht éasca ag gach duine ar a bhfuil ar fáil.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go bhfaigheadh lucht a labhartha a gceart ón stát; go dtarraingeodh lucht a labhartha le chéile; go gcaomhnófaí a cuid fuinnimh; nach ndéanfaí síorchomparáid idir í agus an Béarla; go mairfeadh sí beo sna ceantair Ghaeltachta; go scríobhfaí í le spleodar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.