AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
An ghéarchéim sa Ghearmáin
Christoph Wendler Christoph Wendler Christoph Wendler

geilleagar na Gearmáine buailte go holc, ach tá drogall ar mhuintir na tíre a admháil go bhfuil ag teip ar an gcóras a raibh siad chomh bródúil sin as, mar a mhíníonn Christoph Wendler.

Íomhá
Gerhard Schröder

Cheapfá go bhfuil an Ghearmáin ar cheann de na tíortha is saibhre dá bhfuil ann agus go bhfuil muintir na tíre sona sásta. Ach le cúpla bliain anuas, tá geilleagar na Gearmáine an-lag agus gan é ag fás ach ar éigean. Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin i mbaol chomh maith. Cé go bhfuil na hábhair sin fite fuaite ina chéile is é an geilleagar is mó atá ag cur imní ar na daoine.

Ar dtús, caithfear a chur san áireamh go bhfuil muirear ar an nGearmáin nach bhfuil ar aon tír eile san Aontas Eorpach, mar gheall ar athaontú na tíre. Ó athaontaíodh an Ghearmáin i 1990, tá na billiúin euro á gcaitheamh chuile bhliain le hoirthear na tíre a atógáil. Mar sin féin, ní hé an t-athaontú údar gach oilc. Tá cúiseanna eile ann atá fréamhaithe go domhain i struchtúr agus meon na sochaí.

Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach a thagann sna sála orthu. Is maith le muintir na Gearmáine dlíthe agus rialacháin, gan dabht, agus tá níos mó na 1,000 dlí nua á síniú gach bliain. Nuair a bhí an geillgear faoi lánseol tuairim is 15 bliana ó shin, bhí sé de ghustal againn costais an mhaonlathais a íoc. Ach a mhalairt de scéal atá ann anois agus an geillgear in ísle brí. Ní hamháin go bhfuil ar an gcáiníocóir íoc as feidhmiú na ndlíthe, tá sé á phlúchadh ag na dlíthe céanna.

Mar shampla, rialaíodh sa chúirt ar na mallaibh go dteastaíonn ceadúnas theach cearrbhachais uait, má tá caife idirlín agat. Cén fáth? Toisc gur féidir le do chustaiméirí cluichí a imirt ar an idirlíon. Ar ndóigh, beidh tú ag fanacht go deo leis an gceadúnas agus ní bheidh sé saor in aisce ach an oiread. Chomh maith leis sin, ní féidir a bheith cinnte nach n-athróidh siad na rialacha an bhliain dár gcionn sa chaoi is go mbeidh do chaife idirlín mídhleathach arís ar chúis amháin nó ar chúis eile. Go dearfa, tá an oiread sin rialacha ann - cuid mhaith acu míréasúnta agus dodhéanta cloí leo -go mbíonn mearbhall ar na státseirbhísigh féin i gcónaí.

Sa chomhthéacs seo, ní miste a lua cén chaoi a gcaitear leis na comhlachtaí beaga is leathmhóra a chuireann níos mó ná 75 faoin gcéad de na postanna ar fáil sa Ghearmáin. Ó thaobh pá is tuarastail de, caitear sa tslí chéanna leo is a chaitear leis na comhlachtaí ollmhóra a bhfuil na billiúin euro acu. Ach ó thaobh na cánach de, ní hamhlaidh atá sé nó tá na comhlachtaí ollmhóra mar Siemens agus BMW saor ó cháin. Is ar éigean a fhéadann na comhlachtaí beaga agus leathmhóra an muirear sin a sheasamh. Imíonn na céadta acu as gnó gach bliain agus cailltear na mílte post.

Ní nach ionadh go bhfuil easpa infheistíochta ann. Ní nach ionadh go bhfuil ísliú suntasach tagtha ar ioncam an stáit. Ansin, tosaíonn an ciorcal lochtach: ó tá “sparán an stáit” folamh, caithfear níos mó cánacha a ghearradh. Dá bharr sin, níl mórán airgid fágtha ag na saoránaigh agus níl siad in ann an oiread earraí a cheannach agus is gá chun na tionscail agus an tráchtáil a choinneáil ag fás.

Leithscéalta agus síorchaint

Cén chaoi ar phléigh Rialtas na Gearmáine leis an ngéarchéim? Le fírinne, ní dhearna rialtas Gerhard Schröder faic mar gheall uirthi ar feadh ceithre bliana. Go deimhin, mhol Schröder “polasaí na láimhe ciúine”, sin le rá tugadh neamhaird ar an ngéarchéim agus dúradh go raibh gach rud i gceart. Ansin, nuair a thosaigh na saineolaithe ag gearán, is ar an 11 Meán Fomhair 2001 agus ar an geilleagar domhanda a cuireadh an milleán.

Níor thug an Rialtas faoi deara go raibh an-imní ar an bpobal maidir le cúrsaí eacnamaíochta ach go dtí cúpla mí roimh an olltoghchán sa bhliain 2002. Ag an am sin, bhí ag éirí go maith le hEdmund Stoiber, céile comhraic toghchánaíochta de chuid an Aontais Shóisialaigh Chríostaí. Ansin, d’éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht!

Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú. Úsáidtear focail sheafóideacha mar Ich *AG (Mé Féin, Teoranta), *Small Business Act *nó *Copy and Paste. Pé cad is brí leis na focail sin, ní dócha go gcuirfidh siad an Ghearmáin ar an mbealach ceart mar níltear sásta tabhairt faoi na fadhbanna móra. Níl na brúghrúpaí, idir cheardchumainn agus chorparáidí, toilteanach teacht gan pribhléidí. Agus an meall is mó ar deireadh: tá drogall ar na Gearmánaigh a admháil gur chlis ar an gcóras a rabhadar chomh bródúil sin as.

Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: “Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.”

Go díreach!

Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.