CÚINNE NA nEALAÍON
An ghaoth aneas
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Míníonn Colm Ó Snodaigh an chaoi ar chabhraigh an ceol leis an brón a bhraith sé nuair a fuair cara leis bás le déanaí a chur in iúl.

An ghaoth [aneas] Bíonn sí deas ’S cuireann sí [rath] Ar [shíolta] .

An ghaoth [aduaidh] Bíonn sí fuar Is cuireann sí fuacht Ar dhaoine.

An ghaoth [aniar] Bíonn sí [fial] Is cuireann sí Iasc i [líonta].

An ghaoth [anoir] Bíonn sí tirim Is cuireann sí [Brat] ar [chaora].

Tháinig Pádraig suas an trí chéim déag go ciúin. Isteach leis tríd an gcistin chuig an seomra ina raibh an pianó suite. Seanphianó caite dubh, réasúnta i dtiúin - é suite go compordach sa chúinne idir an fhuinneog, a d’fhéach amach ar an ngairdín cúil, agus na seilfeanna a bhí lán le bíoblaí glasa, crua-chlúdacha béaloidis an Irish Texts Society.

Shuigh sé síos ag an bpianó, mar ba ghnách leis a dhéanamh go rialta, agus thosaigh a sheinnt, go ciúin cúramach, An Ghaoth Aneas. Gach nóta glan agus cinnte. Gach mothúchán á rá go soiléir tríd an gceol – a mhéaracha ag luascadh go leochaileach ó nóta go nóta gan stró.

Bhí mo dheartháir Rossa trí bliana d’aois ag an am. Bhí sé suite go sona sásta faoin mbord ag spraoi lena bhréagán, ach tar éis nóta nó dhó de sheinnt Phádraig stop sé den spraoi agus thosaigh ag gol. Bhí mo Mhamaí sa chistin agus nuair a chuala sí an caoineadh tháinig sí isteach chuige.

“Cad tá cearr, a pheata?” ar sí agus í á bhreith isteach ina baclainn.

“Tá Pádraig brónach,” arsa Rossa.

Nílim cinnte cén fáth go raibh Pádraig brónach an lá úd. Ach tá a fhios agam gur tháinig sé abhaile oíche amháin timpeall an ama seo agus iomarca dí ólta aige agus gur bhris sé gach fhuinneog ina sheomra. Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd. Deoir do gach scealpóg gloine. Gach seans go raibh an díomá a bhraith sé, toisc gur thréig an bhean é, fós ina chroí agus nótaí ceansa an cheoil á seinnt aige.

Ba é An Ghaoth Aneas ceann des na chéad phíosaí ceoil a d’fhoghlaimíos ar scoil. Drochfheadóg stáin, agus gob dearg air, i measc tríocha feadóg eile, ag screadaíl go tréan. An chéad nóta, C, in iomaíocht leis an C géar, a sheinneadh leath den rang trí bhotún. Is dócha freisin go raibh sé ar cheann des na chéad phíosaí a chóirigh an chéad ghrúpa ceoil ina raibh mé, do réamhbhabhtaí Slógadh – píosa simplí ach álainn ceoil a bhí éasca go leor a sheinnt gan ach na bunscileanna seinnte foghlamtha againn. Bhí an píosa céanna de ghlanmheabhair agam, ní hamháin toisc gur minic a sheinneadh Pádraig é ach freisin toisc gur seinneadh an leagan álainn ar Ó Riada sa Gaiety sa tigh go mion minic.

I dteach trí stór cois fharraige, trí mhíle ó dheas ó lár na cathrach, a d’fhásas aníos. Teach álainn trína chéile. Seisear buachaillí fiáine a raibh fuinneamh acu. Thíos staighre ag bun an tí a bhí Seomra Phádraig. Ba chara le mo thuistí é a thóg seomra ar cíos. Ritheadh muid thar a sheomra gach maidin agus bhuaileadh cúpla dorn ar a dhoras. “Dúisigh, a Phádraig. Dúisigh. Tá sé in am dul ar scoil.” Ba mhúinteoir é agus go hiondúil bhíodh sé ní ba dheireanaí na muidne.

Bhí ceol go smior ann. Ceol clasaiceach – Mozart, Bach, ba chuma ach é a bheith oilte. *Jazz *– stopadh sé comhrá le héisteacht le giota ar an raidió. Sean-nós. Rac – ba é a chóip de “Let it Be” an chéad teagmháil a bhí agam leis na Beatles – fuaim dhraíochtúil a chuir gliondar orm. Fiú bhí téipthaifeadán aige agus dhein sé mé a thaifeadadh ag canadh nuair a bhíos sé bliana. Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó – stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.

Bhí sé an-mhórtasach asainne i Kíla, as ár gcumadóireacht agus as ár seinnt, agus is minic a chuireadh muid suíochán ar leataobh dó i gceann de bhoscaí an Olympia. Níor shroich sé gig na Nollag seo imithe tharainn i Sráid Vicar, áfach, óir theip ar a shláinte cúpla lá roimhe sin agus shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta.

Gaoth fhuar anoir a bhí ann lá na sochraide. Lá binbeach i reilig Mt Jerome i ndeisceart na cathrach, in aice na canála. Shiúlamar go mall ón séipéal chuig an reilig agus ansin an cúpla céad slat chuig an uaigh. Thosaigh an sagart ar a chuid.

Ach tar éis dó stopadh, d’fhanamar uilig timpeall ar an uaigh – míshásta leis an gcaint róghonta a thug sé, míshocair mar nár tugadh bealach dúinn ár mbrón a rá nó a thaispeáint, míshocair nár dúradh níos mó faoin duine álainn seo. An duine álainn seo a gheal croíthe lena shúile spleodracha. An duine álainn seo leis an gcuimhne ríghrinn. Fear féasógach, fear maith, fear stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach. Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca. Cara clainne.

Tháinig mo mháthair anall chugam.

“Can rud éigin, in ainm Chroim,” ar sí. “Tá ceol éigin ag teastáil.”

Chuir mé mo mhála síos ar an gcré thais in aice liom agus thóg amach m’fheadóg stáin Francach. Thosaigh mé a sheinnt go mall, ag déanamh iarrachta gach mothúchán a rá tríd an gceol. An Ghaoth Aneas. Líon mo shúile le deora – an tráth seo bhí mise brónach.

Is as Baile Átha Cliath é Colm Ó Snodaigh. Is ceoltóir proifisiúnta é leis an ngrúpa Kíla agus is gearrscéalaí é chomh maith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.