Níl na heagraíochtaí Gaeilge ag déanamh go leor leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc na n-inimirceach.
“Meas ar a chéile, meas orainn féin”. Sin an píosa is faide Gaeilge atá le feiceáil ar bhileog eolais an Chláir Náisiúnta Feasachta Frith-Chiníochais. Níl focal Gaeilge ar bith ar a suíomh gréasáin www.knowracism.ie seachas “A Chara” ag tús theachtaireacht an Chathaoirlaigh. San am a chuaigh thart is minic a bhain daoine nach raibh aon fhíorspéis acu sa teanga mí-úsáid as an gcúpla focal mar mhaisiú náisiúnach. Anois táthar á n-úsáid mar mhaisiú ar “Ilchultúrachas”, mar aon leis an suaitheantas atá deartha ag John Rocha. Is éard atá san “Ilchultúrachas” agus sa “Fhrithchiníochas” seo ná ráitis faisin ag daoine áille Bhaile Átha Cliath 4. Ach léiríonn an cúpla-focalachas i leith na Gaeilge cé chomh héadomhain is atá na faisin seo.
Ach b’fhéidir gurb é an chuid is measa den scéal seo ná gurb é Joe McDonagh cathaoirleach an Chláir Náisiúnta Frith-Chiníochais. Tá aithne níos fearr ag léitheoirí Beo! air mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Is léiriú é seo ar an easpa ceannaireachta atá á tabhairt ag na heagraíochtaí Gaeilge ar cheist an ilchultúrachais (nach ionann é agus “faisean an Ilchultúrachais").
Tá an comhthéacs ina bhfuil ceist na Gaeilge suite ag athrú ó bhonn de bharr theacht na n-inimirceach ó thíortha agus ó chultúir eile. Mothaíonn an chuid is mó de mhuintir na hÉireann go bhfuil baint éigin acu leis an nGaeilge toisc go raibh Gaeilge ag a dtuismitheoirí nó ag seantuismitheoirí nó ag a sinsear i bhfad siar. Is ar an mbonn sin a dhíolann na heagraíochtaí Gaeilge an teanga leo: “An Ghaeilge - is leatsa í”, “It’s part of what we are”, agus mar sin de.
An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo?
Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach. Caithfidh sé seo tosú ag leibhéal na nGaelscoileanna. Tá sé riachtanach go mbeadh céatadán chomh hard páistí de shliocht Afracach, Rómánach, etc. sna Gaelscoileanna is atá i scoileanna Béarla na tíre. Caithfear feachtas a chur sa tsiúl chun inimircaigh a chur ar an eolas faoi na Gaelscoileanna, agus a chur in iúl dóibh go gcuirfear fáilte roimh a bpáistí iontu. An té a labhraíonn le hinimircaigh ó oirthear na hEorpa tabharfaidh sé/sí faoi deara go bhfuil dearcadh báúil agus tuisceanach acu i leith cheist na teanga sa tír seo de bharr a dtaithí ar impiriúlachas cultúrtha na Rúise. Tá taithí den chinéal céanna ag go leor de mhuintir na dtíortha Afracacha, áit a a bhfuil go leor cultúr agus teangacha faoi bhrú.
Rud eile a bhaineann le go leor de na hinimircigh seo ná go dteastaíonn uathu a n-áit sa tír seo a dhaingniú. Bealach iontach chun é sin a dhéanamh is ea a bheith ábalta a rá go bhfuil Gaeilge ag a bpáistí, rud nach bhfuil ag go leor de na hÉireannaigh bhreátha a bhíonn naimhdeach leo. Agus níl aon amhras ach go gcuirfeadh lucht na Gaeilge fáilte mhór roimh aon Afracach nó Rómánach a léireodh bá leis an teanga nó a d’fhoghlaimeodh í. Is minic a deir eachtrannaigh a labhraíonn an Ghaeilge go nglacann Gaeilgeoirí le duine ar bith a labhraíonn Gaeilge, cuma cad as dóibh, agus gur le Béarlóirí amháin a bhíonn deacracht acu. Smaoinaigh ar an gcúnamh a thabharfadh sé sin do dhaoine atá ag iarraidh préamhacha a chur síos inár sochaí. Smaoinaigh ar an saibhriú a dhéanfadh sé ar shaol na Gaeilge. Smaoinaigh ar an ábhar bolscaireachta frithchiníoch a chuirfeadh sé ar fáil.
Cé acu is éifeachtaí chun an t-ilchultúrachas agus an frithchiníochas a chur chun cinn - an cur chuige seo nó ráiteas faisin de chuid John Rocha?