Thug Cóilín Ó Floinn cuairt ar scoil Ghaeilge i Nua-Eabhrac an mhí seo caite agus chuaigh díograis na bhfoghlaimeoirí i bhfeidhm go mór air.
Nuair a smaoinítear ar na teangacha atá á labhairt ar shráideacha Nua-Eabhrac, smaoinítear ar go leor teangacha éagsúla, ach is annamh a luafaí an Ghaeilge. Ach, dálta cuid mhaith rudaí, ní mar a shíltear a bítear. Tá an Ghaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá le trí chéad bliain, nó níos faide, mar tá muintir na hÉireann sa tír an fhad sin. Thig linn a bheith cinnte gur thug cuid de na hÉireannaigh a n-aghaidh ar Mheiriceá ar bheagán Béarla i rith na mblianta sin. Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
Cé nach raibh an Ghaeilge riamh chomh láidir leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa tír, bhíodh méid áirithe daoine dúthrachtacha ann i gcónaí a bhíodh dílis di. Tá cuntais agus scéalta le fáil a chruthaíonn go raibh an Ghaeilge á labhairt ag muintir na hÉireann i Meiriceá thar na cúpla céad bliain seo a chuaigh thart, agus tá an scéal amhlaidh sa lá inniu. Luadh teanga na hÉireann i lámhscríbhinní daoine tábhachtacha i Meiriceá, scríobhadh colúin Ghaeilge i bpáipéir nuachta in áiteacha áithrid, agus cuireadh ranganna ar fáil, fiú, sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim. Tá na nithe seo ag tarlú go fóill i Meiriceá, agus tá Nua-Eabhrac ar cheann de na háiteacha is mó a bhfuil a leithéid ag gabháil ar aghaidh ann.
Bhí muintir Nua-Eabhrac riamh gníomhach ó thaobh chultúr na hÉireann de. Bhíodh céilithe, damhsaí, ceolchoirmeacha agus léachtaí á reáchtáil sa chathair ag na hÉireannaigh agus a mbunadh anuas fríd na blianta, agus bhíodh áit lárnach i dtólamh ag an Ghaeilge ag na hócáidí seo. Tá imeachtaí mar seo á n-eagrú go fóill sa lá atá inniu ann. Lena chois sin, tá an Ghaeilge á teagasc sna hollscoltacha, chomh maith le [scoltacha príobháideacha], i Nua-Eabhrac, do dhaoine d’achan aoisghrúpa. Tá clár raidió Gaeilge ag muintir na cathrach agus is dócha nach mbeidh sé i bhfad eile go dtí go mbeidh clár teilifíse acu fosta.
Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín
Ar cheann de na scoltacha a bhfuil an Ghaeilge á teagasc inti, tá Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín. Tháinig Gearóid Tóibín go dtí na Stáit Aontaithe as Luimneach sna daichidí agus é ina fhear óg, agus chuaigh sé i mbun theagasc na Gaeilge in Nua-Eabhrac go luath sna seachtóidí. I 1986, bhog sé a chuid ranganna go dtí halla uimhir a dó an Ancient Order of Hibernians (AOH) i mBabylon (nó Baibealóin, mar a thugann Gaeilgeoirí an cheantair ar an áit), Inis Fada, Nua-Eabhrac, agus lean sé leis ag múineadh na Gaeilge ansin go dtí lá a bháis sa bhliain 1988.
I ndiaidh bhás Ghearóid, bunaíodh Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i gcuimhne ar an fhear agus ar a shaothar, agus lean a chairde agus daltaí s’aige ar aghaidh lena obair mhaith. Na laethanta seo, bíonn ceithre rang Gaeilge ar siúl gach téarma agus tuairim is 60-70 mac léinn ag freastal orthu (bhí suas le 110 mac léinn ar na rollaí am amháin), agus tá tuairim is 600-700 i ndiaidh freastal ar an scoil thar na blianta ó bunaíodh í. Tá mic léinn as Meiriceá, Éirinn agus áiteacha eile ag freastal ar na ranganna, ach is daoine áitiúla a mbunús.
Bíonn thart fá ochtar nó deichniúr múinteoirí ag teagasc na ranganna seo, a théann ón bhunrang suas go dtí an ardcheardlann, agus dúradh liom gurb é ceann de na fadhbanna is mó atá acu ná go leor múinteoirí a fháil le freastal ar an éileamh atá ann. Cé nach bhfuil baint dhíreach ag an scoil leis an AOH, bheireann an eagraíocht sin cead don scoil áiseanna an fhoirgnimh a úsáid dá gcuid ranganna agus imeachtaí. Caithfidh go bhfuil seo ina chuidiú mór, nuair a smaoiníonn tú go bhfuil na ranganna á dtabhairt gan táille.
Le cois na ranganna, tá muintir na scoile seo i mbun tionscadail a dtugann siad “Gaeltacht Shamhalta Thóibín” air. Is é an rud atá i gceist leis seo ná grúpa cainteoirí Gaeilge a bhíonn i dteagmháil le chéile achan lá fríd an idirlíon agus, de réir cosúlachta, tá rachairt mhór air.
Is iad príomhaidhmeanna na scoile ná “An Ghaeilge a mhúineadh agus feidhm fhairsing a bhaint aisti mar theanga bheo”. Sna ranganna, baineann na múinteoirí úsáid as ceol, filíocht, prós agus gnáthchaint na ndaoine le saibhreas na teanga a chur ar fáil do na mic léinn. Thug mé féin cuairt ar an scoil le gairid agus chuir sé iontas orm an méid suime a bhí ag na scoláirí agus ag na múinteoirí sa teanga, agus an mhéin mhaith a bhí acu di. Tá achan duine acu ansin ar chúis amháin: leis an Ghaeilge a fhoghlaim, a chur chun cinn, agus suim inti a spreagadh i ndaoine eile.
Ar leanúint an mhí seo chugainn.
As Nua-Eabhrac ó dhúchas é Cóilín Ó Floinn ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois. Tá sé ag foghlaim na Gaeilge ó bhí 1999 ann.
](..\2004-02\an_ghaeilge.asp)