AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An gcuimhneofar ar 2007 mar bhliain an choinscríofa?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá fonn ar an Uachtarán Bush níos mó saighdiúirí a chur chun na hIaráice, ach cén áit a bhfaighidh sé iad, a fhiafraíonn Brian Ó Broin, gan dul i dtuilleamaí an choinscríofa.

Íomhá
Saighdiúirí Meiriceánacha san Iaráic
Íomhá
Iar-Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe, Donald Rumsfeld
Íomhá
An tUachtarán George Bush: cinnte deacra le déanamh aige

Tharla mé dubh dóite de cheartú aistí cúpla lá ó shin agus chuaigh mé isteach i diner béal dorais leis an leabharlann le cupán caife a bheith agam. Tháinig an nuacht teilifíse ar siúl ag a cúig, agus mar is iondúil, ba iad maruithe san Iaráic príomhscéal an lae. Bhí seanfhear ina shuí ag an gcuntar ag breathnú air. Chaith sé a lámha san aer.

“It’s too late now,” arsa sé. “There’s gonna have to be a draft.”

Bhreathnaigh an bheirt eile a bhí ag an gcuntar air, ach níor bhréagnaigh éinne é, rud a chuir iontas orm.

“Might happen,” a dúirt duine acu.

Ar ndóigh, ba sheanóirí an triúr acu, agus is dócha gur chuimhin leo féin an coinscríobh, nár cuireadh deireadh leis i Meiriceá go dtí 1973. Ach chuir sé iontas orm fós féin go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois i Meiriceá.

Dearcadh sách fuar a bheadh ag ógánaigh in aois an choinscríofa i leith a leithéid, déarfainn, dá dtarlódh sé. Labhraíos le hiníon léinn le déanaí a thug le fios os comhair ranga go raibh sí céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, fiú iadsan nach mbeadh cúiseanna curtha ina leith.

D’fhiafraigh mé di an raibh sí ar son an chogaidh san Iaráic fosta. I nDomhnach, a dúirt sí, bhí. Cad chuige, mar sin, arsa mise, nach raibh sí amuigh ag troid leis na saighdiúirí i Mosul? Agus cad a cheapfadh sí dá mba ise íospartach an chéasta?

Freagra ní bhfuair mé. Ba léir go mb’ábhar machnaimh di an cheist, ámh.

Sin ceann de na fadhbanna is mó leis an gcogadh mar atá. Níl an tsamhlaíocht ag an ngnáthdhuine le breathnú go fuarchúiseach ar cheist a bhfuil a réiteach leathbhealach timpeall an domhain (má tá a réiteach ann in aon chor). Agus, leis an tír ar mhuin na muice go geilleagrach, níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill íobairt ar bith a dhéanamh ar son an chogaidh. Go deimhin, i ndiaidh na n-ionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, ba é teachtaireacht an uachtaráin go mba cheart don phobal dul amach ag siopadóireacht. Agus go dtí go n-aithníonn Meiriceánaigh nach leor siopadóireacht, agus go mbeidh orthusan fulaingt ar mhaithe leis an tír, leanfaidh siad orthu ar bhóthar na cogaíochta leis an mbrionglóid go bhfuil bua i ndán dóibh san Iaráic.

Buillí éagsúla

Is cosúil gur tháinig deireadh le cuid den fhantasaíocht sin le déanaí, áfach. Mar shraith tréanbhuillí, chaill na Poblachtánaigh (an páirtí is mó a bhí i bhfabhar an chogaidh) Teach na nIonadaithe agus an Seanad araon sa toghchán meántéarma, d’éirigh Donald Rumsfeld as a phost mar Rúnaí Cosanta (ar iarratas ón uachtarán), agus foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice.

An ceacht a d’fhoghlaim Rumsfeld, ach é pas beag déanach anois dó, ná nárbh fhéidir cogadh a fhearadh go saor, mar a bhí ar intinn aige, is cosúil. Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. Faraor, ní raibh sé ag súil le cogadh cathartha, gan go leor trúpaí aige chun smacht a choinneáil ar an tír.

Anois, agus é cinnte ina chogadh cathartha san Iaráic, is léir nach bhfuil go leor trúpaí Meiriceánacha ar fáil ann agus saighdiúirí ag teastáil go géar san Afganastáin ag an am céanna, agus go bhfuil géarghá le fórsaí cúltaca a choinneáil in áiteanna eile ar eagla go dtitfeadh cogadh amach i dtír eile a bhfuil suim ag Meiriceá inti, mar an Phalaistín nó Cúba.

Ní raibh imeacht Rumsfeld fógartha ach cúpla lá nuair a tháinig tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice amach, ag tús mhí na Nollag. Moladh sa tuarascáil, a scríobh coiste comhdhála ón dá pháirtí, go dtosódh na Stáit Aontaithe ag labhairt leis an tSiria agus leis an Iaráin, agus é mar aidhm ag na Stáit Aontaithe a dtrúpaí a tharraingt siar ar bhonn síochánta.

Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh. Cúlú? Cainteanna le naimhde? Cé gur dhúirt an tUachtarán Bush ar dtús go nglacfadh sé le moltaí an choiste, is cosúil go bhfuil sé ag déanamh athmhachnaimh i láthair na huaire. Fiú agus a leathbhádóir Tony Blair ag rá go hoscailte gur mhaith leis cainteanna a thosú leis na tíortha sin, is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh. Is cosúil go bhfuil a fhios go maith aige go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, go háirithe agus an Iaráin ainmnithe aige san “axis of evil”.

Cinntí deacra

Iadsan nach bhfuil i mbun fantaisíochta i Meiriceá, tuigeann siad go bhfuil cinntí deacra le déanamh go luath. Ba é Grúpa Staidéir na hIaráice a chuir na smaointe seo chun tosaigh den chéad uair sa rialtas nuair a d’fhoilsigh siad a dtuarascáil. Damnú is ea an tuarascáil seo ar pholasaithe rialtas Mheiriceá i leith na hIaráice go dtí seo. Thugadar le fios, mar shampla, nach raibh fórsaí míleata Mheiriceá ag tuairisciú, ná ag comhaireamh, leath na n-ionsaithe orthu sa tír. Agus mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir.

dhá rogha ag an uachtarán Bush, mar sin, agus gan é anois ach seachtain nó mar sin ón lá a marófar an 3,000ú saighdiúir Meiriceánach san Iaráic. Is féidir leis comhairle Ghrúpa Staidéir na hIaráice a leanacht agus cúlú de réir a chéile go leithscéalach, nó fanacht san Iaráic i bhfiontar an chogaidh. Géarfhiontraíocht atá sa dá rogha, ámh. Má fhanann Meiriceá san Iaráic gan buanú na síochána, is ag cruthú naimhde a bheas siad, agus ag gníomhú mar liathróid dornála do na naimhde céanna. Má chúlaíonn siad, tá an seans ann go gcuirfear an lasóg sa bharrach sa Meánoirthear uilig, go mbeidh Siaigh i gcoinne Sunnaíoch, Arabaigh i gcoinne Iosraelach, agus gach aon duine i gcoinne Mheiriceá. Mar a deir lucht straitéise áirithe, “má fhágann muid an Iaráic, beidh muid ar ais, agus cúrsaí dhá uair níos measa dúinn.”

Is cosúil, ámh, go bhfuil an t-uachtarán ag dul sa chéad treo, in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir. Dúirt sé in óráid cúpla lá roimh an Nollaig go raibh bua i ndán don tír san Iaráic, agus é den tuairim freisin nach raibh an t-arm mór go leor mar a bhí sé.

Chuaigh seo sa muileann ar go leor daoine. Bhí an ceart ag an uachtarán nach raibh an t-arm mór go leor chun déileáil leis na fadhbanna atá roimh an tír, ach cá bhfaigheadh sé trúpaí breise? Le fada anois tá rátaí liostála sách íseal, agus bheidís níos ísle arís murach gur ísligh an t-arm na caighdeáin iontrála d’earcaigh. Má tá trúpaí breise ón uachtarán, is deacair a shamhlú cé mar a gheobhaidh sé iad gan coinscríobh.

Agus sin mar atá cúrsaí míleata do Mheiriceá ag tús 2007: tá pingin le caitheamh in airde ag an tír, agus cibé taobh a thiocfaidh aníos ar thitim na pingine, is mór an baol nach ar leas na tíre a bheas sé. Más ea, agus na ginearáil féin ag rá anois go hoscailte go bhfuil an t-arm "beagnach briste" agus go bhfuil géarghá le hathstruchtúrú, cá bhfios nach gcuimhneoidh Meiriceánaigh ar 2007 mar “bhliain an choinscríofa”.Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.