THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
An gás ina chnámh spairne sa Bholaiv
Pádraig Mac an Bhaird Pádraig Mac an Bhaird

Nuair a thug Pádraig Mac an Bhaird aghaidh ar an Bholaiv an fómhar seo caite is beag a shíl sé go mbeadh coimhlint fhuilteach sa tír le linn dó a bheith ansin.

Íomhá
Íomhá
Gonzalo Sánchez de Losada, iar-Uachtarán na tíre
Íomhá
An tUachtarán nua, Carlos Mesa

Má osclaíonn tú leabhar taistil ar bith, chífidh tú go dtarraingeofar pictiúr meallach duit den Bholaiv mar cheann scríbe. Agus ar ndóigh tá sé tuillte go maith aici; is parthas do thurasóirí í ar go leor bealaí agus tá neart ag muintir na tíre le bheith ag maíomh as.

Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach “Salvador Dali” agus iliomad *lagunas ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.

Ní hamháin sin ach tá saibhreas cultúrtha ar dóigh ann. Tá a lán iarsmaí seandálaíochta ann ó ré na gcultúr Tiwanaku agus Inca. Thig leat tionchar na Spáinneach a fheiceáil sna heaglaisí, sna mainistreacha, agus i bhfoirgnimh eile, go háirithe sa phríomhchathair, Sucre. Ag amharc ar na tithe lena gcuid *patios *agus *terrazas *shílfeá gur in Andalucia na Spáinne atá tú. Agus sin gan trácht ar an mheascán de ghrúpaí eitneacha. Deirtear go bhfuil níos mó ná 30 grúpa san iarthar amháin, idir threibheanna de dhúchasaigh, Ghiúdaigh, Sheapánaigh, Rúisigh, agus dhaoine a shíolraigh ó na sclábhaithe Afracacha; gach dream acu lena gcuid nósanna agus cultúr féin.

Níl an Bholaiv costasach ach oiread. A mhalairt ar fad! Bia, lóistín agus tacsaithe, tá siad uilig breá saor. Tá muintir na tíre deas séimh cuirtéiseach agus ní minic a bhíonn deacrachtaí ag an turasóir le gadaithe nó a leithéid. Mar gheall ar na cúinsí seo uilig, shíl mé go raibh an rogha cheart déanta agam le mo laetha saoire a chaitheamh. An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ar mo bhealach go La Paz ag tús mhí Mheán Fómhair ná an *sorocche *- tinneas a thig ar dhaoine toisc a airde is atá an chathair os cionn na mara agus an easpa ocsaigine atá san aer dá bharr. Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d’athraigh an staid pholaitiúil agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b’fhéidir.

Thosaigh roinnt dúchasach ag blocáil na mbóithre thart ar La Paz i réigiún an Altiplano, le tacaíocht ó cheann de na páirtithe polaitíochta. A gcnámh spairne? Gás. Foinse mhór gháis a dtángthas uirthi in áit darb ainm Tarija i ndeisceart na tíre. Ábhar conspóideach a bhí ann ón tús i measc an phobail. An smaoineamh a bhí ag an rialtas ná an gás a dhíol le Meicsiceo nó leis na Stáit Aontaithe. Bhí ciall éigin ag baint leis seo. Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann. Deirtear go maireann thart ar 60% den daonra i mbochtanas. Dá ndíolfaidís an gás chrúthódh sé fostaíocht agus bhéarfadh sé airgead isteach sa tír. Ach bhí fadhb mhór leis an chinneadh seo.

Leis an ghás a dhíol bheadh orthu é chur i bpíopaí chun an chósta sa tSile nó i bPeiriú, rud nár thaitin leis an daonra ar chor ar bith de thairbhe cúinsí stairiúla. Chuaigh an Bholaiv chun cogaidh leis an tSile ag deireadh na naoú haoise déag agus chaill siad píosa mór cósta agus bealach chun na farraige, rud a bhfuil siad ag íoc as ó shin. Tá an chailliúint seo mar ghoin i meon na mBolavach go dtí an lá atá inniu ann agus tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile. Dá bhrí sin, níor thaitin an smaoineamh leo ar chor ar bith agus thosaigh grúpa dúchasach ag agóid, ag éileamh agus ag brú ar an rialtas gan an gás a dhíol ach é a thionsclú i dtreo is go mbainfeadh muintir na tíre féin leas as.

Chun donais

Chuaigh an scéal chun donais ag deireadh na míosa. Ar an 19 Meán Fómhair, a fhad is a bhí mise ag baint sult as an salar de Uyuni *agus na lagunas *máguaird, shocraigh an rialtas teacht i gcabhair ar ghrúpa turasóirí agus dúchasach a bhí faoi léigear i bpobal darb ainm Sorata. Ar an bhealach ar ais go La Paz tháinig siad faoi ionsaí ar an bhóthar ó ghrúpa agóideoirí a chaith clocha ar na feithiclí agus iad ag iarraidh cosc a chur orthu leanúint ar aghaidh leis an aistear. Thosaigh na póilíní agus na saighdiúirí a bhí in éineacht leis na turasóirí ag scaoileadh leis na hagóideoirí agus mharaigh siad seisear, páiste ocht mbliana d’aois ina measc nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl.

Tá an choimhlint i ndiaidh éirí níos measa ó shin i leith. Mhéadaigh líon na n-agóideoirí de réir a chéile agus iad ó ghrúpaí sóisialta éagsúla: búistéirí, mianadóirí, mic léinn, pinsinéirí fiú, iad uilig aontaithe i gcoinne dhíol an gháis agus a ngearán féin acu leis an rialtas ina theannta sin. Shocraigh siad dul ar stailc agus amach leo ar na sráideanna i La Paz agus El Alto, cathair eile in aice láimhe. Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d’ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid. Taobh istigh de choicís, ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus mise ar ais slán sábháilte sa Spáinn, chuaigh an scéal ó smacht ar fad. (Bhí an t-ádh dearg liom éalú ón tír; cuireadh stop le heitiltí isteach agus amach ó La Paz go gairid i ndiaidh dom fágáil!)

D’fhéach na saighdiúirí leis na hagóideoirí a chur faoi chois le gás agus scaoil siad leo. D’éirigh an pobal níos radacaí nuair a chonaic siad mar a caitheadh leo go foréigneach, leathnaigh an stailc go cathracha eile sa tír agus d’éiligh siad go n-éireodh el Goni as. Ba é seo an toradh a bhí ar an ghéarchéim sa deireadh - tar éis dó tacaíocht an leasuachtaráin agus ceann de na trí pháirtí sa [chomhrialtas] a chailliúint, agus tar éis do 70 duine bás a fháil agus 500 a bheith gortaithe.

Cad é ba chúis leis an ghéarchéim pholaitiúil seo? Is cinnte go raibh ceist an gháis ar cheann de na rudaí a chuir tús leis an choimhlint ach is dóigh liom go bhfuil an scéal níos casta ná sin. Ní mór cúrsaí geilleagair na tíre agus polasaithe an rialtais a chur san áireamh chomh maith. Tá an tír iontach saibhir ó thaobh mianraí agus acmhainní nádúrtha de ach is beag iarracht atá déanta ag na rialtais dhifriúla plean tionsclaíochta a chur le chéile chun leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní seo agus an geilleagar agus saol na ndaoine a fheabhsú.

Ní hamháin sin, ach le linn na nóchaidí dhíol na rialtais cuid mhór comhlachtaí stáit. Mar thoradh ar na polasaithe seo d’éirigh an bhearna idir na daoine bochta agus na daoine saibhre níos mó agus an bhearna idir an pobal agus an rialtas leis. Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin. Ag smaoineamh siar ar an easpa cumarsáide a bhí ann idir an rialtas agus an pobal faoi cheist an gháis - bhí mise ann ar feadh míosa agus is beag a chualathas ón rialtas faoin cheist go dtí go raibh mé ar tí imeacht, agus b’in tar éis do dhaoine bás a fháil - agus ar an dóigh a chaith an tArm, a bhí freagrach don rialtas i ndeireadh na dála, leis na hagóideoirí nach raibh mar airm acu ach clocha, thiocfaí a rá nach raibh dul amú orthu ar fad.

Níl dabht ar bith ach go mbeidh dúshláin mhóra ann don rialtas sa todhchaí. Tá ceist an gháis fós le réiteach agus is gá muinín an phobail sna polaiteoirí a chothú arís. Tá céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige. Agus ná déanaimis dearmad go bhfuil íomhá na tíre mar cheann scríbe turasóireachta le feabhsú aige fosta. Gach rath agus beannacht air - tá bealach fada roimhe!

Is as Contae Mhuineacháin ó dhúchas é Pádraig Mac an Bhaird. I ndiaidh do céim BA agus máistreacht a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath roinnt blianta ó shin, thug sé aghaidh ar an Spáinn. Tá sé ag cur faoi i Maidrid faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.