CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An foinsiú allamuigh ina bhagairt ag Éirinn
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
In lárionaid ghlaonna a bhíonn go leor de na poist "ríomhaireachta"
Íomhá

Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Motorola go raibh seans ann go mbrisfidís 350 oibrí as a bpoist i gCorcaigh. Ní hamháin nach raibh daoine ag súil go mbeadh Motorola ag teitheadh ó Éirinn, ach ní gnáthphoist déantúsaíochta a bhí i gceist sa chás seo ach innealtóirí a bhfuil scileanna den chéad scoth acu.

Mar a dúirt aoi ar “7 Lá” (clár Pháidí Uí Lionáird ar TG4) go luath tar éis don scéal nuachta seo briseadh, ní “Fruit of the Loom eile” a bhí i gceist anseo. Ní poist i dtionscal traidisiúnta na dteicstílí iad seo, ach poist sa gheilleagar eolasbhunaithe (nó “knowledge economy”).

fadhbanna ollmhóra ag Motorola toisc – i measc rudaí eile – go bhfuil siad ag cailliúint an chogaidh gnó idir iad féin agus Nokia. Tá siad ag gearradh siar ar 3,500 post timpeall an domhain chun iarracht a dhéanamh a scairshealbhóirí a choinneáil sásta.

Fhad is a bhí muintir Chorcaí ag teacht chucu féin ó nuacht Motorola, baineadh geit as muintir Luimnigh nuair a d’fhógair Thomson Scientific go raibh siad chun roinnt dá gcuid oibriúchán a aistriú go dtí an Ind.

Bogearraí a dhearann an comhlacht seo agus arís is poist oilte atá i gceist. D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.

Cé go raibh na drochscéalta seo mar cheannteidil sna meáin chumarsáide, bhí scéal gaolmhar as an ngnách eile sna meáin le déanaí freisin. Dar le suirbhé nua ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), tá thart ar 14,000 post ar fáil faoi láthair san earnáil ríomhaireachta sa tír seo. Tá an figiúir sin bunaithe ar fhógraí do na saghsanna seo post atá ar an idirlíon faoi láthair. Dar leis an Ollamh Michael Ryan in OCBÁC, léiríonn na torthaí seo na deiseanna ar fad atá ar fáil d’iarchéimithe ríomhaireachta faoi láthair. Deir seo nach mbeidh go leor Éireannach oilte ar fáil chun na folúntais ar fad a líonadh agus go dtiocfadh daoine ón iasacht anseo chun iad a líonadh. Cén fáth, mar sin, a bhfuil comhlachtaí ag scaoileadh daoine chun bealaigh?

Caithfidh mé a admháil go raibh amhras orm faoi thorthaí an tsuirbhé seo – níor chreid mé go raibh an méid sin post tarraingteach ar fáil i réimse na ríomhaireachta. Chun mo chuid fiosrachta féin a shásamh, chuaigh mé ag brabhsáil ar an idirlíon ag féachaint cén saghas post a bhí i gceist.

Ní raibh mórán iontais orm nuair a rinne mé anailís thapa ar mo shuirbhé neamhfhoirmeálta agus neamheolaíoch féin – cé go raibh roinnt post ag leibhéal ard ar fáil, bhí a lán post ar fáil ag leibhéal sóisearach i réimse na cabhrach teicniúla, agus araile. Ní poist tharraingteacha iad sin toisc gurb ionann an saghas sin oibre go minic agus obair i lárionad glaonna. Ní hamháin sin, ach níor bhain cuid mhaith de na poist a bhí sna rannóga “ríomhaireachta” go díreach le ríomhaireacht in aon chor – poist airgeadais agus riaracháin a bhí iontu.

Tá nasc láidir idir na scéalta seo agus cúrsaí geilleagair na tíre. An rud ba shuimiúla, is dócha, faoi na scéalta seo ná go raibh siad sna ceannlínte thart ar an am go raibh daltaí Ardteiste na tíre ag líonadh isteach a bhfoirm CAO chun cúrsa ollscoile a roghnú. Ní fheadar ar athraigh daoine a n-aigne tar éis dóibh féachaint ar an nuacht? Agus cén todhchaí a bheidh rompu nuair a fhágfaidh siad an ollscoil lena gcáilíochtaí ríomhaireachta?

Iomaíocht

Is léir go bhfuil tíortha san Áis in ann gnó a mhealladh agus is léir freisin gur gá dúinn oibriú go dian chun dul in iomaíocht leo mar thír. Tá an téama tábhachtach agus suimiúil seo faoi chaibidil ag Thomas L. Friedman ina leabhar breá, The World is Flat. Mar a mhíníonn sé ar a shuíomh gréasáin féin (www.thomaslfriedman.com/worldisflat.htm), agus i bhfíseán de chaint a thug sé ag MIT atá curtha ar fáil ar an idirlíon (http://mitworld.mit.edu/video/266/), tá an t-idirlíon tar éis an domhan a athrú.

Is frása é sin a chloistear go minic ach tá ciall agus loighic leis na hargóintí atá ag Friedman a mhíníonn go díreach conas atá an saol gnó idirnáisiúnta tar éis athrú. Tá foinsiú allamuigh éasca i go leor réimsí anois toisc gur féidir eolas digiteach a scaipeadh go saor timpeall an domhain. Agus tá lucht oibre oilte agus díograiseach ar fáil san Ind agus tíortha eile san Áis ar chostas cuid mhaith níos lú ná mar atá anseo in Éirinn.

De réir cosúlachta, déanfar roinnt den obair a bhí lonnaithe ag Motorola i gCorcaigh san Áis anois, ach ag labhairt dó ar nuacht RTÉ, shéan an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Mícheál Martin, go raibh laghdú tagtha ar acmhainn iomaíochta na hÉireann. Ach dúirt sé go mbeadh orainn a bheith ar an airdeall mar thír chun a chinntiú go mbeimis in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo. Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.

Is cinnte go bhfuil gach duine ar aon intinn go bhfuil orainn poist a chaomhnú agus a chruthú – ach caithfimid a bheith macánta faoi na saghsanna post atá i gceist. Tá freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú. Tá claochlú tagtha ar an domhan geilleagrach le blianta beaga anuas agus caithfimid é sin a aithint agus dul i dtaithí air chun gur féidir leis an geilleagar – agus na hoibrithe atá lárnach ann – dul chun cinn a dhéanamh.

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie) agus foilsíonn sé an blag sciencecommunication.blogspot.com.

Tá bogearraí foilsithe aige i bpáirt le Kevin Scannell agus tá GaelSpell, mar aon leis an ngramadóir nua Gaeilge, Ceart, ar fáil anois ón suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.