AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Eotanáis Thoilteanach - Cinneadh Misniúil de Dhíth
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin, ina alt deiridh ar Beo.ie, ceist chonspóideach atá ag cruthú deacrachta san Astráil chomh maith le háiteanna eile ar domhan.

Íomhá
Luí suaimhneach na gréine
Íomhá
Felix Adler, céad chuiditheoir an fhéinbháis
(le Leabharlann na Comhdhála, SAM, ar Vicipéid)
Íomhá
Beidh lá ag an uaigh orainn ar aon nós

Níl sé amuigh ar pholaiteoirí na hAstráile gur dream iad a bhíonn ar thús cadhnaíochta i dtaca le beartas sóisialta. Baineann siad feidhm as slite éagsúla le dearcadh an phobail a mheas sula gceapann siad aon dúnghaois a bhaineann le ceist shóisialach chonspóideach. Mar a dúirt Jim Hacker, sa tsraith theilifíseYes Prime Minister’, faoi mhuintir a thíre, “I am their leader; I must follow them!

Aisteach le rá, cé go léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na hAstráile i bhfabhar eotanáis thoilteanach a dhéanamh dleathach, níl rún ag ár bpolaiteoirí dul i ngleic leis an gceist achrannach seo. Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre i gcoinne eotanáis thoilteanach, ach tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo ar chúrsaí polaitíochta abhus. Mar a bheifeá ag súil leis, tá na heaglaisí Críostaí go hiomlán in éadan eotanáise mar go measann siad go dtiocfadh sí salach arnaofacht an tsaoil’. Níl an misneach ag lucht na polaitíochta colg a chur ar an mbrúghrúpa cumhachtach seo. Anuas air sin, tá lia-chleachtóirí na hAstráile an-amhrasach faoin ról a bheadh acu dá gceadófaí eotanáis thoilteanach.

Bíodh is go bhfuil leisce ar pholaiteoirí na hAstráile dul i ngleic le ceist na heotanáise, cuireadh an bille, Medical Services (Dying With Dignity), síos ar chlár an tSeanaid sa pharlaimint náisiúnta ar na mallaibh. Mhol an Seanadóir Richard Di Natale an bille agus is ball den Pháirtí Glas é an seanadóir, páirtí atá chun tosaigh i dtaca le beartas sóisialta le blianta fada anuas. Thabharfadh an bille cead do lia-chleachtóirí leigheas a ordú agus/nó é a thabhairt d’othar ar leaba a bháis a chuideodh leis lámh a chur ina bhás féin, taobh istigh de bhearta cosanta dhochta.

Max Bromson, nach Maireann

Tá deis ag eagrais agus daoine aonair aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra. Déanfar leasú ar fhoclaíocht an bhille ag deireadh na tréimhse comhairliúcháin seo sula gcuirfear faoi bhráid an tSeanaid é.

Agus an bille thuas idir chamáin sa Seanad, tarraingíodh aird an phobail ar cheist an fhéinbháis toilteanaigh arís nuair a chuir seanfhear as an Astráil Theas, Max Bromson, lámh ina bhás féin. Ba bhall de Pháirtí na hEotanáise Toilteanaí é Bromson, a sheas mar iarrthóir ar son an pháirtí san olltoghchán anuraidh. D’fhógair sé go raibh ailse dholeigheasta air dhá bhliain ó shin agus go gcuirfeadh sé deireadh lena shaol nuair a mheas sé nach raibh aon mhaitheas ina cháilíocht beatha mar gheall ar an ngalar. Rinne sé amhlaidh ar 27 Iúil agus bhí a bheirt chlainne, a dheirfiúr agus a dheartháir ina chuideachta nuair a ghlac sé an deoch shuain mharfach, Nembutal.

Is féidir go gcuirfear an dlí ar an gceathrar, agus ar an dochtúir a thug comhairle do Bromson, de bharr gur coir é cuidiú le duine é féin a ídiú. Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair. Rogha an dá dhíoga leoga.

Is cuimhin liom sa tsraith theilifíse thuasluaite gur bhain comhairleoir Hacker, an Ridire Humphrey Appleby, feidhm as na focail, “cinneadh misniúille cur síos ar ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh. Nílim muiníneach go bhfuil an mianach ceart i bpolaiteoirí na hAstráile le cinneadh misniúil a dhéanamh i dtaca le ceist eitice chasta na heotanáise toilteanaí, mar a bhí ina gcomhghleacaithe san Ísiltír, san Eilvéis agus sa Bheilg.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.