CÚINNE NA nEALAÍON
An ealaín mar theiripe
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh sna Stáit Aontaithe faoiseamh a fháil ón ealaín tar éis uafáis an 11 Meán Fómhair.

Íomhá
Grianghraf d'fhir dóiteáin as an taispeántas neamhfhoirmeálta "Here is New York"
Íomhá
"Tribute in Light" ar siúl i Nua-Eabhrac, 11 Márta 2001
Íomhá
An t-ailtire Maya Lin: ag cur comhairle ar fáil

Deirtear go minic gurb é ceann de na dóigheanna is fearr le faoiseamh a fháil nuair a bhíonn cailliúint agus fulaingt mhór i gceist ná rud éigin nua agus iontach a chruthú mar chuimhneachán ar an rud a cailleadh. Tá sé tugtha faoi deara le fada go gcuidíonn sé seo leis na híospartaigh agus lena ngaolta a gcailliúint a chaoineadh agus tacaíocht a fháil óna chéile.

Ó tharla uafáis an 11 Méan Fómhair, tá na mílte Meiriceánach ag iarraidh dul i ngleic leis an tromluí a bhí fágtha ar shráideanna Nua-Eabhrac i ndiaidh na heachtra millteanaí sin.

Tá go leor a chreideann gur féidir leis an ealaín a bheith mar theiripe le cuidiú le daoine déileáil leis a rud a tharla dóibh agus tá na céadta sampla den saorghlanadh seo le feiceáil sna Stáit Aontaithe.

Thosaigh an dearthóir Kim Davis as North Carolina ag dul trína bailiuchán grianghrafanna de bhun spéire Nua-Eabhrac i ndiaidh 9/11, ag cuartú pictiúr de na túir. Dúirt sí go raibh uirthi cruthú di féin go raibh na túir ann ar an chéad dul síos, nach brionglóid a bhí ann.

In ainneoin an deonacháin fola a rinne sí agus an t-airgead a bhronn sí, mhothaigh sí gur chóir di níos mó a dhéanamh. Thosaigh sí ag obair ar an smaoineamh collage nó cuspa trí thoiseach a dhéanamh, bunaithe ar phictiúir de na túir. Tá pictiúir bailithe aici ó ghaolta, ó chairde agus fiú ó strainséirí a léigh faoina tionscadal, agus tá sí dochásach go n-éireoidh léi a bheith mar chuid den tionscadal cuimhneacháin atá tosaithe i Nua-Eabhrac.

Taispeántas neamhfhoirmeálta

Spreag grianghraf amháin den Ionad Trádála Domhanda, a bhí greamaithe suas ar fhuinneog siopa bhig i Prince Street, Manhattan, taispeántas neamhfhoirmeálta de phictiúir a tógadh ar an 9/11 agus sa tréimhse ina dhiaidh.

Taispeánann na pictiúir, a thóg grianghrafadóirí proifisiúnta agus amaitéaracha, ina measc fir dhóiteáin, páistí agus póilíní, an léirscrios a bhí le feiceáil thart ar na sráideanna, chomh maith le daoine a tháinig slán ó na túir. Tá an taispeántas mar chineál leabhair gearrthóg poiblí a insíonn, ina bhealach féin, scéal 9/11.

Mhínigh Michael Shulan, duine dóibh siúd a chuir tus leis an taispeántas, go raibh na pictiúir mar chuimhneachán a tharla ar an toirt.

“Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall,” a dúirt sé, “ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála. Tá sé tagtha go dtí an pointe go bhfuil na pictiúir atá crochta sa siopa mar ábhar tacaíochta don chomharsanacht agus don phobal i gcoitinne.”

Is é “Here is New York” an teideal atá ar an taispeántas agus níl ainm ná frámaí ar na pictiúir. Tagann daoine isteach agus bíonn deis acu a machnamh a dhéanamh ar gach rud a tharla, agus a bheith brónach.

Deir Shulan go dtagann daoine suas chuige i ndiaidh dóibh na pictiúir a fheiceáil chun le rá leis, “Amharc, sin mise sa phictiúr sin. Tháinig mé amach slán.”

Tá priontaí de na pictiúir ar díol ar $25 an ceann agus téann an t-airgead sin chuig páistí atá i gcruachás i ndiaidh 9/11. Tá leabhar foilsithe agus tá leaganacha eile den taispeántas le feiceáil timpeall Mheiriceá, le cois cathracha eile sa domhan.

Bíomaí

“Ar an 11 Márta, leathbhliain i ndiaidh na n-ionsaithe ar na túir, caitheadh dhá bhíoma mhóra solais suas i spéir na hoíche i suíomh cóngarach don áit ar sheas na túir. Cuireadh an “Tribute in Light” ar siúl in onóir na ndaoine a chaill a mbeatha ar an lá millteantach sin, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad mhuintir Nua-Eabhrac agus an rún dionbháilte atá acu an chathair a atógáil.

Tá na bíomaí ar nós anam daoine atá ar shlí na fírinne ach, lena chois sin, seasann siad mar chomharthaí dochais, beatha, solais agus athnuachana,” a mhínigh Gustravo Bonevardi, duine den fhoireann a dhear an taispeántas.

Is dócha go mbeidh deacrachtaí móra ag údaráis Nua-Eabhrac cinneadh a dhéanamh faoin iarratas is fearr ó na mílte atá faighte acu le smaointe faoin leacht cuimhneacháin is oiriúnaí do na mairbh.

Tá an t-ailtire cáiliúil Maya Lin ag cuidiú leo sa phróiseas deacair seo. Ba í Lin an t-ailtire a dhear an leacht cuimhneacháin do shaighdiúirí Vítneam atá le feiceáil i Washington DC. Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.

Beidh Maya Lin ag úsáid a taithí leathain chun comhairle a chur orthu siúd a bheas ag plé leis an tionscadal dúshlánach seo.

Ag labhairt di le déanaí, bhí teachtaireacht shimplí ag Lin: go raibh sé tábhachtach go seasfadh an leacht do gach duine a maraíodh san uafás.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.