AR NA SAOLTA SEO
An dílárnú i bhfad rótheoranta
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim gur maith an rud é an dílárnú atá beartaithe ag an rialtas ach measann sé nach bhfuiltear ag dul ina bhun i gceart.

Íomhá
An tAire Airgeadais Charlie McCreevy: d'fhógair sé an plean dílárnaithe an mhí seo caite

Is é an fhadhb is mó leis an bplean mór dílárnaithe a d’fhógair Charlie McCreevy sa gcáinaisnéis ná nach bhfuil sé sách uaillmhianach. In áit léim mhór amháin a thógáil a chuirfeadh crut nua radacach ar an státseirbhís, tá an baol ann go gcruthóidh sé státseirbhís atá scoilte ina dhá leath - leath Bhaile Átha Cliath agus leath na tuaithe. I bhfocail shimplí, thit an Rialtas idir dhá stól nuair a chinn sé ar ocht roinn rialtais agus Oifig na nOibreacha Poiblí a bhogadh amach as an bpríomhchathair agus seacht gcinn - Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais san áireamh - a fhágáil inti.

Níl cúis ar bith ann nach mbogfadh an Rialtas an dá roinn sin, agus Tithe an Oireachtais, go hÁth Luain, nó in aice le hUisneach, “imleacán” na tíre, de réir an tseanchais. Dá mbeadh croílár an Rialtais i gcroílár na tíre bheadh sé i bhfad níos éasca ag an bpobal i gcoitinne taisteal chuig an lárionad cumhachta nuair ba ghá chun achainí a dhéanamh nó eolas áirithe a lorg.

Nuair a fógraíodh an plean i dtús na míosa seo caite bhí neart olagóin le cloisteáil, más *sotto voce *féin é, ó na státseirbhísigh, agus cé thógfadh orthu é? An chuimhne is mó atá agam ó dhánta na hArdteistiméireachta ná an dán iomráiteach úd, “Stoite” le Máirtín Ó Direáin. Agus mé i mo dhéagóir cantalach ag freastal ar scoil mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath 4, chuaigh cumha an fhile ón iarthar “ar imirce” sa bpríomhchathair i bhfeidhm go mór orm:

Thóg an fear seo teach Is an fear úd Claí nó fál A mhair ina dhiaidh Is a choinnigh a chuimhne buan.

Sinne a gclann, Is clann a gclainne, Dúinn is éigean Cónaí a dhéanamh In árais ó dhaoine A leagfadh cíos Ar an mbraon anuas.

Beidh cuimhne orainn go fóill: Beidh carnán trodán Faoi ualach deannaigh Inár ndiaidh in Oifig Stáit.

Ní mé an mbeidh na línte sin ina gcabhair ag na státseirbhísigh bhochta i bhForas na Gaeilge atá le díbirt ó Chearnóg Mhuirfean go Gaoth Dobhair. Nó do na hoifigigh i mBord Iascaigh Mhara atá le n-athrú ó Dhún Laoghaire go dtí an calafort mór iascaireachta sin, Cloch na Coillte. Nó do na feidhmeannaigh a bheas ag plé le cúrsaí na mara i gContae an Chabháin, ceann den dornán contaetha nach bhfuil aon chósta leo. B’fhéidir go mbeidh fonn ar Fhoras na Gaeilge, amach anseo, saothar a choimisiúnú chun beart McCreevy a chur i gcuimhne do na glúnta atá le teacht. A leithéid seo:

Sinne a gclann, Is clann a gclainne, Dúinn is éigean Cónaí a dhéanamh I bhfad ó bhaile I lár an bhogaigh Ag Aerfort Chnoc Mhuire.

Beidh cuimhne orainn go fóill Ar ár mbéarlagar briste Is gan teacht ar na dioscaí Ar bhóithre Mhaigh Eo.

Ró-éasca atá sé na poill i bplean McCreevy a aimsiú, agus is orthu sin a bhí cuid mhaith den tráchtaireacht dírithe go dtí seo. Is cinnte nach bhfuil aon dealramh le fógra trí bliana a thabhairt do na mílte duine atá lonnaithe lena gclann is lena gcúram sa ngealchathair. Agus, faoi mar a deir an Ciarraíoch sa seanchas ar lorgaítear treoir uaidh agus é ina sheasamh ar thaobh an bhóthair, “Dá mbeinnse ag gabháil ansin ní thosnóinn san áit seo”.

An deacracht is mó atá agamsa leis an bplean, áfach, ná go bhfuil an baol ann go bhfágfar *élite *i mBaile Átha Cliath, go mór mór sa dá roinn rialtais is cumhachtaí, an fhad is atá cúraimí tánaisteacha á ndéanamh thíos fán tír. Ná bac leis an gcaint faoi theileachomhdhálacha físe le cabhair nascanna leathanbhanda - má fhágtar seacht gcinn de ranna rialtais i mBaile Átha Cliath is ansin a bheas an fhíorchumhacht agus is ansin a bheas cuid mhaith de na daoine is cumhachtaí ag iarraidh a bheith.

Tá an plean rótheoranta agus róchúramach le go n-éireoidh leis. Fág as an áireamh an chaoi ar roghnaíodh na bailte, an easpa leanúnachais idir codanna den státseirbhís, agus an cáineadh eile atá déanta. Má tá an Rialtas i ndáiríre faoin dílárnú, ba cheart dóibh an Rialtas a bhogadh amach as Baile Átha Cliath, roinn nó dhó a fhágáil ann agus roinnt gníomhaireachtaí stáit. Ach fógra deich mbliana a thabhairt, agus coimisiún a chur ar bun chun an beart a phleanáil go ciallmhar - agus chun an pholaitíocht a bhaint amach as an rud. D’fhéadfaí athrú as cuimse a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna móra struchtúrtha atá ag tachtadh na príomhchathrach agus ag bánú na tuaithe.

Níl a leithéid de phlean gan fasach. Bhog Rialtas na Gearmáine ó Bhonn go Beirlín i ndiaidh athaontú na tíre sin. Bunaíodh príomhchathair riaracháin nua sa mBrasaíl chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro. Dá ndéanfaí a leithéid in Éirinn, is é an dúshlán is mó a bheadh ann ná na botúin a rinneadh i mBaile Átha Cliath a sheachaint sa bpríomhchathair nua.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.