Is cúis frustrachais é do pholachtánaigh sna Sé Chontae, a deir Robert McMillen, go bhfuil na haontachtaithe sásta labhairt le paramílitigh dhílseacha ach nach bhfuil siad sásta cainteanna a bheith acu le Sinn Féin.
Agus séasúr úr cainteanna ag teacht, tá poblachtánaigh dóchasach go bhfuil turas rompu go fóill.
Mothaíonn siad frustrachas fán dóigh a gcailleann rialtas na Breataine suim sna Sé Chontae am ar bith a mbíonn tréimhse mheasartha síochána ann. Tá siad míshásta go fóill fán dóigh a ngéilleann siad i gcónaí do mhianta na n-aontachtach má bhíonn rogha acu, cleachtadh atá seanbhunaithe.
Chonacthas sin an mhí seo caite, nuair a ligeadh do lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach siúl fríd Ard Eoin i mBéal Feirste.
Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
Deir an PSNI nach paráid a bhí ann na céadta Oráisteach a bheith ag siúl ar an bhóthar, ainneoin gur bhuail siad leis an bhuíon píosa suas an bóthar. Cad é is fiú Coimisiún Paráidí más féidir neamhaird a thabhairt ar a gcinneadh, atá náisiúnaithe ag fiafraí.
Is armlón imeachtaí Ard Eoin do na daoine sin nach bhfuil ag iarraidh go n-imeodh an tIRA. B’fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an “streachailt armtha” ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
Ach measann náisiúnaithe go bhfuil siad ar an talamh ard morálta, agus go bhfuil meanma s’acu an-ard dá réir. Is íorónta leo an gearán atá le cluinstin ó aontachtaithe gur pobal den dara grád iadsan agus go bhfuil achan rud á thabhairt do náisiúnaithe.
Polaitíocht seachas foréigean
Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
Mar shampla, creideann poblachtánach amháin ar labhair mé leis go mbeadh dul chun cinn mór déanta, ach go bé David Trimble.
“I ndiaidh bhuamáil na hÓmaí [1998] agus marú na ndeartháireacha Quinn, bhí an pobal ar fad aontaithe, déistin orthu mar gheall ar thorthaí an fhoréigin,” ar sé. “Dá gcuirfeadh David Trimble na hinstitiúidí ar bun - bhí sé tofa mar Chéad Aire agus Seamus Mallon mar leas-Chéad Aire - creidim go dtiocfadh deireadh leis an IRA.”
Dá mba rud é gur tharla sin, ní fios cad é an dul chun cinn a bheadh déanta fán am seo, ach ní sin an rud a tharla, áfach. Ba é an chéad rud a d’éiligh Trimble ná díchoimisiúnú an IRA.
Is féidir cás láidir a dhéanamh nach dtiocfadh le Trimble sin a dhéanamh ar eagla go mbeadh poblachtánaigh ag iarraidh dallamullóg a chur air, ach creideann go leor go gcuireann sé le dearcadh s’acu nach mian le haontachtaithe cothrom na Féinne a thabhairt do náisiúnaithe.
Sin an chiall a bhí taobh thiar de ráiteas Trimble nuair a dúirt sé “those people aren’t house-trained”, measann siad.
Sin ráiteas ó cheannaire an UUP a bhfuil baill dá pháirtí páirteach san Fhóram Paráidí agus sa Choimisiún Dílseach i gcuideachta pharamílitigh an UDA/UFF agus an UVF!
Tá triúr maraithe ag an UVF le seacht mí anuas, ach ní chuireann sé baill an DUP nó an UUP ó chodladh na hoíche suí lena n-ionadaithe ar fhóram paráidí ach, ag an am chéanna, diúltaíonn siad glan déileáil le Sinn Féin - mar nár imigh an tIRA, tá a fhios agat.
Seicteachas amach is amach, dar le poblachtánaigh.
Ach caithfidh tú achan turas a thoiseacht ón áit ina bhfuil tú. D’éirigh leis an DUP an lámh in uachtar a fháil ar an UUP agus is iad atá ag labhairt anois thar ceann an phobail aontachtaí. Níl poblachtánaigh róbhuartha.
“Tá sé furasta ceannasaíocht a fháil ar an phobal aontachtach fríd an eagla, agus teacht i dtír ar an eagla sin atá ar dhaoine,” arsa poblachtánach amháin liom. “Ach tá difear idir sin agus socruithe cruthaitheacha a aimsiú le fadhbanna a réiteach. Cad é mar atá Paisley ag dul a fhuascailt na fadhbanna atá os ár gcomhair? Tá sé féin agus a pháirtí san abar as siocair na ráitisí atá déanta acu, mar ní ghéillfidh poblachtánaigh go humhal dá n-éilimh,” ar sé.
Deir an DUP go mbeadh siad sásta le tréimhse fhada de riail dhíreach ó Westminster ach bhainfeadh poblachtánaigh úsáid as comhthéacs na rialach dírí le brú a chur ar rialtas na Breataine maidir le ceisteanna ceart daonna, dímhíleatú, agus a leithéidí sin.
“Caithfidh na *Brits *géilleadh ar na pointí sin,” ar sé.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*