Tá lucht thionscal an tobac ag cur go láidir i gcoinne moltaí sa nGearmáin cosc a chur ar an tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, mar a mhíníonn Christoph Wendler.
An bhliain seo caite cuireadh ceist cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus bialanna na Gearmáine. Ós rud é go bhfuil a leithéid de chosc i bhfeidhm in Éirinn, san Iodáil, sa bhFrainc agus i dtíortha nach iad, cheap a lán daoine go raibh sé thar am déanamh amhlaidh sa nGearmáin. Tá lucht an tobac an-láidir mar bhrúghrúpa sa nGearmáin, áfach, agus tá siad ag troid go fíochmhar in aghaidh an choisc. Tá na hargóintí a mbaineann lucht an tobac úsáid astu cloiste agam cheana féin óir lean mé an díospóireacht faoin gcosc ar chaitheamh tobac a bhí ar siúl in Éirinn cúpla bliain ó shin. D’éirigh mé féin as na toitíní achar beag sular cuireadh Alt 47 de na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac) i bhfeidhm in Éirinn. Bhí rún agam éirí as an tseafóid leanbaí sula mbeinn tríocha bliain d’aois agus ba é sin an spreagadh deireanach a bhí uaim.
Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc. Ach níor tharla sé sin in Éirinn ná in aon tír eile ina bhfuil cosc ar chaitheamh tobac. A mhalairt scéil ar fad: fuarthas amach go raibh daoine ag caitheamh níos mó airgid, ar bhia agus ar dheoch, sna tithe tábhairne agus sna bialanna agus aer glan iontu. Go deimhin, tá a lán Gearmánach ar son an choisc.
Tá teach tábhairne Éireannach i München ina bhfuil seomra curtha ar leataobh do dhaoine nach maith leo gal tobac. Is éard a bhí le léamh ar fhógra sa teach tábhairne céanna ná "Ós rud é gur iarr cuid mhaith dár gcustaiméirí orainn é, beidh an seomra seo saor ó ghal tobac ón 20 Samhain amach".
Bíodh sin mar atá, d’éirigh le lucht an tobac an ceann is fearr a fháil ar an rialtas go dtí seo. Ní raibh sé de mhisneach ag na polaiteoirí seasamh in aghaidh an bhrúgrúpa chéanna agus dlí a chur i bhfeidhm a chosnódh iad siúd nach gcaitheann tobac ón ngal nimhneach a dhéanann an-dochar don tsláinte. Ina leaba sin, tá díospóireacht sheafóideach ar siúl faoin gcaoi arbh fhearr na daoine a chosaint ó thionchar díobhálach an tobac gan cosc iomlán a chur ar chaitheamh tobac. Dúradh go gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i mbialanna amháin agus go bhfágfaí na tithe tábhairne as an áireamh mar nach mbíonn bia ar fail iontu. Ach tá tithe tábhairne ann inar féidir pub grub agus a leithéid a cheannach. Dúradh ansin nach mbeadh sé ceadaithe tobac a chaitheamh ach ag an gcuntar. Mhol duine éigin gur chóir cosc a chur ar chaitheamh tobac i gcarranna agus páistí istigh iontu. Ag leanacht na díospóireachta dom, b’iomaí uair a cheap mé go raibh mé ag breathnú ar chlár de chuid Monty Python’s Flying Circus. Ach ní raibh. Tá ár bpolaiteoirí lándáiríre agus iad ag déanamh ceap magaidh díobh féin. Níor rith sé leo an "cleas Éireannach" a imirt ar lucht an tobac agus a rá nach bhfuil sé ceadaithe san Aontas Eorpach tobac a chaitheamh i láithreacha oibre iata. Agus, dála an scéil, níl sé ceadaithe tobac a chaitheamh taobh istigh d’fhoirgnimh de chuid an rialtais anois! Is deacair a rá an mbeidh an phribhléid chéanna ag an ngnáth-Ghearmánach lá breá éigin.
Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé a fhoghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999.