THALL IS ABHUS
An Cogadh Mór, 1914-18
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Chaith PJ Mac Gabhann seal ag siúl ar chosáin na staire ar an chósta siar ó thuaidh as Páras. Is fearrde a thuiscint ar leagan na Fraince den Chéad Chogadh Domhanda an tsiúlóid sin.

Íomhá
John Redmond ag earcú Éireannach don Chéad Chogadh Domhanda
Íomhá
Tom Kettle, file a thit sa Chogadh Mhór
Íomhá
An tIonad Cuimhneacháin ag Douaumont
Íomhá
Hotel Des Invalides

Chaith me an tseachtain deiridh de mhí Dheireadh Fómhair i mbaile cois farraige thart ar dhá uair an chloig tiomána ar an taobh thiar thuaidh de Pháras. Le Touquet an t-ainm atá ar an áit, Le Touquet-Paris Plage mar a bhí scríofa ar fhógra mór ar imeall an bhaile ag fáiltiú roimh chuairteoirí.

Chuirfeadh an ceangal seo idir Le Touquet agus Páras i gcuimhne do dhuine an ceangal atá idir Luimneach agus Cill Chaoi ar chósta iarthair an Chláir an ceangal idir Trá agus Baile an Bhuinneánaigh b’fhéidir, an sórt áite a dtéann daoine ar sos gearr. Seans go bhfuil ciall ag burgairí agus ceannaithe an bhaile an ceangal seo a chruthú mar go dtugann cachet éigin don áit.

scéal é, tháinig ar bhaile beag iascaighÉtaples-sur-mertrí ceithre chiliméadar taobh amuigh de Le Touquet maidin amháin a raibh amuigh ag rothaíocht. Is anseo, chuig campa míleata de chuid arm na Breataine Móire a tháinig go leor de natommies’ tar éis dóibh an turas farraige a dhéanamh thar an Muir nIocht isteach go Boulogne. Bhíodh suas le 80,000 saighdiúir ar coinmheadh sa champa ag an aon am amháin i rith an Chogaidh Mhóirsaighdiúirí nua ag dul sna línte tosaigh, saighdiúiri ar sos, saighdiúirí gortaithe in iliomad ospidéal míleata an bhaile.

Uaigheanna go híor na spéire

Níl aon chuid den champa míleata ina sheasamh anois ach reilig mhíleata ann ina bhfuil os cionn 11,000 saighdiúir agus lucht ospidéil as tíortha éagsúla an Chomhlathais curtha ann. os cionn 600 saighdiúir Gearmánach curtha ann chomh maith.

In agallamh a thug Max Gallo, staraí agus ball den Académie française, ar an stáisiún raidió RTL le déanaí, rinne tagairt do shuirbhé a léiríonn nach eol do 50% de phobal na Fraince cad chuige go ndéantar an 11 Samhain, an Journée de mémoire, a chomóradh san Fhrainc. deacair an easpa eolais seo a shamhlú, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur maraíodh 1.6 milliún saighdiúir as an ocht milliún fear a bhí faoi arm ag an Fhrainc le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus gur gortaíodh níos na ceithre mhilliún acu. Ina theannta sin, maraíodh níos 300,000 duine de ghnáthmhuintir na tíre i rith an chogaidh. Go deimhin, is beag baile sráidbhaile ar fud fad na Fraince nach bhfuilMonument aux morts’ ann, ag déanamh cuimhne arnos fils, morts pour la Patrie’. Agus is saoire poiblí é.

Comóradh

Ach cén sórt comóradh a theastaíonn? Níos luaithe i mbliana, fuair an saighdiúir Francach deiridh a throid sa Chéad Chogadh Domhanda, Lazare Ponticelli, bás in aois 110 bliain agus chaill an Fhrainc an ceangal díreach deireanach a bhí aici leis an gCogadh Mór. Ag searmanas cuimhneacháin i Douaumont, gar do Verdun, áit a bhfuair os cionn trí chéad míle duine ón thaobh, is é sin, an Fhrainc agus an Ghearmáin, bás in 1916, dúirt Nicolas Sarkozy: ‘Anois go bhfuil deireadh tagtha leis an bhfuath, anois nach bhfuil fonn díoltais ann a thuilleadh, an uair tagtha chun ómós a thabhairt do gach aon duine a fuair bás sa chogadh seois cuma . Is i gcarráiste traenach taobh amuigh de Compiègne, atá 100 ciliméadar siar ó thuaidh de Pháras, a síníodh an sos cogaidh agus géilleadh na Gearmáine a chuir deireadh leis an gCogadh Mór i na Samhna 1918. In 1921, cuireadh an carráiste ar taispeáint san Hôtel des Invalides i bPáras. Tháinig na sluaite le breathnú air, is cosúil, agus mórtas orthu toisc gur tháinig an Fhrainc slán as an gcogadh agus go raibh an chúige francach, Alsace agus Lorraine, a bhí faoi smacht na Gearmáine idir 1870 agus 1918 ar ais i seilbh na Fraince arís.

Macallaí na staire

Is é seo an carráiste traenach céanna inar síníodh géilleadh na Fraince i Meithimh 1940, ar éileamh Hitler chun, dar leis, an náire a cuireadh ar an nGearmáin 22 bliain roimhe a ghlanadh. Tógadh an carráiste go Beirlin ansin agus cuireadh ar taispeáint é mar thrófaí cogaidh. I laethanta deiridh an Dara Cogadh Domhanda agus cathair Bheirlin faoi léigear, tuigtear gur dódh an carráiste traenach ar ordú Hitler. Níor theastaigh uaidh go n-úsáidfí an carráiste céanna chun náire a chur ar an nGearmáin arís. macasamhail den charáiste traenach sin ar taispeáint anois sa Clairière de l’Armistice taobh amuigh de Compiègne. Ach ni trófaí cogaidh é níos . Tagann daoine ann, mar a thagann siad chuig cuid mhór de na láithreacha cuimhneacháin seo, agus tuiscint acu gurb í an tsíocháin an t-aon chuimhniúchán fiúntach ar íobairt na ndaoine ar fad a maraíodh.

Is féidir éisteacht leis an agallamh iomlán a thug Max Gallo do RTL ar http://www.rtl.fr/fiche/2320019/rtl-celebre-le-90eme-anniversaire-de-l-armistice-de-1918-avec-max-gallo.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.