Tá idir údaráis agus mhuintir na hAstráile araon buartha faoin ainmhí clúmhach a bhfuil cách ceanúil air, faoi stró mór. Bhreathnaigh Bearnaí Ó Doibhlin ar obair a rinne gréasán taighde le teacht ar an eolas.
Tá an cangarú ar an ainmhí Astrálach is so-aitheanta ar fud na cruinne, ach is ea an cóála an t-ainmhí is muirní abhus. Tá cuma ait ar an gcóála mar gheall ar a cheann mór, a chluasa móra gruagacha agus a shrón ollmhór, ach is léir go dtéann an chuma ghleoite seo i gcion go mór ar dhaoine. Ní hionadh go bhfuil an tsraith scéalta faoin gcóála dalba óg, Blinky Bill, leis an scríbhneoir Dorothy Wall, ar na scéalta is ansa le páistí na hAstráile ó foilsíodh í tuairim is ochtó bliain ó shin.
Thug na coilínigh Eorpacha ‘an béar dúchasach’ ar an gcóála i dtús báire, ach ní mathúin é. Is mac sparáin, nó marsúipiach é tharla go bhfuil sparán ina gcothaítear an gamhain, nó an ‘joey’, ag an gcóálaí baineann, fearacht na n-ainmhithe marsúipiacha eile.
Itheann an cóála duilliúr na gcrann eoclaipe, ach tá sé fíorbheadaí ó thaobh a aiste bhia de. Tá sa bhreis ar 700 cineál crann eoclaipe san Astráil ach ní réitíonn ach 25 acu leis an gcóála. Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil Sydney anois. Leithéidí ‘ní ólann sé’ an chiall a bhí leis na focail. Cinnte is annamh a fheictear aon chóála ag ól mar go bhfaigheann siad uisce go leor as duilliúr na n-eoclaipí.
Siocair Buairimh
Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
Tá borradh faoi mhéid na ngás ceaptha teasa san aerbhrat, mar gheall ar athrú aeráide, le sonrú le blianta anuas abhus. Tá níos mó tocsainí agus níos lú cothú i nduilliúr na n-eoclaipí mar gheall ar an athrú seo, agus bíonn ar na cóálaí bogadh níos minice ó chrann go crann le bia sa bhreis a fháil. Fad is a bhíonn an cóála ar an talamh bíonn sé i mbaol má bhíonn madraí baile nó fiáine ann, nó má bhíonn air bóthar a thrasnú. Meastar go maraítear beagnach 4,000 cóála in aghaidh na bliana ag gluaisteáin agus ag madraí. Codlaíonn an cóála suas le 20 uair in aghaidh an lae i ngabhal crainn toisc nach bhfuil an duilliúr chomh solamarach is a bhíodh tráth dá raibh.
Tá caillteanas gnáthóige ar an bhfadhb is measa atá ag an gcóála. Cónaíonn sé sna coillearnacha atá fágtha in oirthear agus i ndeisceart na tíre, na limistéir chéanna ina bhfuil forbairt uirbeach, feirmeoireacht agus foraoiseacht ag dul i dtreis ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach i 1788. Anuas air sin, tá cuid de na gnáthóga a bhíodh in ann scata cóálaí a chothú lagtha mar gheall ar an mborradh faoi mhéid na ngás ceaptha teasa os ár gcionn. Níl bia go leor iontu le líon iomlán na gcóálaí a chothú a thuilleadh agus tá cuid de na cóálaí ag fáil bháis dá bharr. Bíonn coileán, nó joey, amháin ag cóála baineann fásta gach bliain de ghnáth, ach nuair a bhíonn bia gann ní bhíonn ach ceann amháin aici gach trí nó ceithre bliana.
Meitheal Taighde
Rinne coiste de chuid Sheanad na hAstráile fiosrúchán ar stádas, ar shláinte agus ar mharthanacht an chóála anuraidh agus léiríonn an staidreamh a cuireadh faoi bhráid an choiste a dhonacht is atá cúrsaí. Is brateagraíocht í an Koala Research Network, a labhraíonn ar son corradh is 60 taighdeoir i bhforais éagsúla fud fad na tíre, agus thug an tOllamh Clive McAlpine fianaise don choiste thar ceann an Líonra. Tá líon na gcóálaí ar tír mór san Astráil tite 51 faoin gcéad le trí bliana anuas, de réir an Líonra, agus tá titim de 64 faoin gcéad le sonrú ó cuireadh tús le monatóireacht an Líonra deich mbliana ó shin. Meastar nach bhfuil ach 43,000 cóála fágtha ar tír mór anois.
Chuala an Coiste chomh maith faoin ngalar clamadóis, atá ag déanamh an-dochair don chóála. Is galar uafásach í clamadóis, atá sainiúil ar an gcóála, agus eascraíonn galair éagsúla eile aisti, eadhon daille, aimride, aicíd na scamhóg agus ionfhabhtú chonair an fhuail. Maíonn saineolaithe áirithe go mbeidh an cóála díothaithe ar an tír mór taobh istigh de thréimhse 30 bliain mura bhfaightear leigheas ar chlamadóis.
Níorbh ionadh é mar sin gur fhógair Tony Burke, an tAire Comhshaoil sa rialtas náisiúnta, le gairid go gcuirfí scataí áirithe na gcóálaí atá faoi phriacal ar liosta náisiúnta oifigiúil na n-ainmhithe faoi bhagairt. Ciallaíonn an fhógairt go mbeidh cosaint ar ghnáthóga na gcóálaí sna ceantair ina bhfuil an t-ainmhí i mbaol.
Is údar náire dúinn gur san Astráil a chuaigh níos mó ná leath na mamach ar an domhan in éag le dhá chéad bliain anuas, mar a míneodh ar an iris seo (Eagrán 98, Meitheamh 2009). Ba mhó an náire í dá ligfí don chóála, an t-ainmhí is íocónaí san Astráil, imeacht ar an gcaoi chéanna.