San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Marion Gunn, An Chomhdháil Cheilteach
- Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost?
Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta. Ghlacas le leathphost faoin teideal sin mar chúnamh do bhanlaoch na Comhdhála Ceiltí san am, mar atá, Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, nach maireann.
- Cathain a bunaíodh an CC agus cé a bhunaigh é?
I 1902 a bunaíodh an CC agus bhain sí leis an athbheochan a bhí ar siúl ag an am. I 1904, is dóigh liom, bhí conspóid ann faoi ar cheart an Corn a aithint mar thír Cheilteach – ní raibh ach cúig thír aitheanta ag an am sin. Ach buíochas mór le Dia glacadh leis an gCornais mar theanga. Cé gur pobal an-bheag pobal na Cornaise bíonn siad i gcónaí an-dílis don gComhdháil. Cé nach bhfuil ach beagán airgid acu caitheann siad gach pingin dá bhfuil acu, ní ar chóisirí ach ar na rudaí a theastaíonn: leabhair agus ábhar teagaisc agus bunrudaí mar sin.
Bhí beirt Uachtarán de chuid na hÉireann ina mbaill thábhachtacha den CC: Dúghlas de hÍde, a toghadh ina Uachtarán ar an gComhdháil i 1929 agus a bhí mar Uachtarán ar an tír idir 1938 agus 1945; agus Cearbhall Ó Dálaigh, a bhí gníomhach i gcraobh na hÉireann sna daichidí agus a bhí ina Uachtarán ar an tír idir 1974-1976.
- Cén fáth ar bunaíodh an CC?
Bunaíodh í chun teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun cinn, chun eolas a scaipeadh ina dtaobh, agus chun deis a thabhairt do mhuintir na dtíortha sin taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. Tagann craobhacha náisiúnta na CC le chéile mar chomhdháil idirnáisiúnta uair sa bhliain chun na spriocanna sin a chur i gcrích.
Rud nach raibh súil leis san am, d’fheidhmigh an CC i rith an dara Cogadh Domhanda mar bhealach éalaithe do Bhriotánaigh i mbaol, agus leanadh dá nglacadh isteach ina dhiaidh sin.
- Cé mhéad duine atá bainteach leis an eagraíocht anois?
Athraíonn an bhallraíocht ó bhliain go chéile, ó thír go chéile. Cé nach bhfuil ach thart faoi leathchéad ball, nó níos lú, cláraithe in Éirinn, bhí thart faoi chéad duine i láthair ag ár n-oíche siamsaíochta (le téama Albanach) roinnt seachtainí ó shin (féach www.egt.ie/celtcong).
- Cén obair a dhéanann an CC ó bhliain go bliain?
I dteannta imeachtaí áitiúla, is iondúil go dtógann sé dhá bhliain ar chraobh náisiúnta ullmhú don chomhdháil idirnáisiúnta, a théann ar camchuaird ó thír go chéile (ag filleadh ar an dtír chéanna gach séú bliain). In Albain a bheidh Comhdháil Idirnáisiúnta na CC i mbliana agus sa Bhriotáin a bheidh sí in 2006. Bhí sí in Éirinn go deireanach dhá bhliain ó shin agus beidh sí ar siúl sa tír seo arís sa bhliain 2009.
Bíonn lón earraigh againn agus cóisir Nollag, agus reáchtálaimid imeachtaí i gcónaí a bhaineann leis an gcomhdháil idirnáisiúnta atá le teacht. I mbliana, mar sin, bhí téama Albanach againn agus an bhliain seo chugainn beidh téama Briotánach againn - abair, seisiún ceoil, amhránaíochta agus filíochta, agus eolas (bíonn léacht bheag againn i gcónaí). Mar shampla, mar ullmhúchán don bhliain seo chugainn, bhronn EGTeo, mo chuideachta féin, slam leabhar ar choiste reatha na hÉireann agus beidh na leabhair sin á n-úsáid ag ár gcoisteoirí agus iad i gcomhluadar na mBriotánach in Albain. Beidh ullmhúchán éigin déanta don bhliain seo chugainn, mar sin.
- Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?
Íocann na baill táille ballraíochta, a méadaíodh le déanaí ó €5 go €10. Gheibhimid deontas beag ó Fhoras na Gaeilge ó am go chéile chomh maith. Ní leor na foinsí sin.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Tá. Leanúnachas, leanúnachas, leanúnachas.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an CC?
Easpa airgid. Easpa óige. Is féidir déanamh gan airgead (thug mo chuideachta féin - EGTeo - deontas le hábhar thart faoi €500 do Chraobh na hÉireann i mbliana), ach ní féidir déanamh gan daoine óga. Is seandaoine formhór na mball cláraithe agus sin rud a chuireann imní orm. Na baill atá ar an gcoiste anois, tá siad scothaosta – theastódh fuil úr.
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an CC faoi cheann cúig bliana.
50% dár mbaill in Éirinn bheith faoi aois 50 bliain d’aois. Foilseacháin bheith curtha amach againn (stair na heagraíochta, srl.). Na sé theanga ghaolmhara bheith ar a dtoil ag ár mbaill.
- Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?
Ceann de na físeanna a bhí agam féin i 1990 ná go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil de chórais oibriúcháin agus de bhogearraí éagsúla agus tá seo tar éis tarlú. Cruthaíodh leagan Gaeilge de chóras oibriúcháin Apple roinnt mhaith blianta ó shin, ach tá nuashonrú reatha de dhíth air, mar mhaithe le leanúnachas. Is é an dea-scéala, go bhfuil brabhsálaí Firefox ar fáil as Gaeilge le roinnt míonna anuas, agus gur sheol an tAire Éamon Ó Cuív dhá phacáiste fhíorthábhachtacha cúpla lá ó shin, mar atá, Windows as Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois, agus Microsoft Office a bheidh ar fáil in am don scoilbhlian úr. Údar mór misnigh dom go bhfuil an fhorbairt chéanna ar siúl i gcuid de na tíortha eile a bhfuil ballraíocht óg fhuinniúil sa CC acu.
Tá níos mó eolais le fáil faoi gComhdháil Cheilteach ag: www.evertype.com/celtcong/cc-home-en.html