TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Muireann Ní Mhóráin Muireann Ní Mhóráin Muireann Ní Mhóráin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Muireann Ní Mhóráin, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
  1. Cathain a bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus cé a bhunaigh í?

Bunaíodh an COGG in 2002 mar thoradh ar Alt 31 den Acht Oideachais (1998). Cuireadh Alt 31 san Acht de bharr feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gealscoileanna agus Eagras na Scoileanna Gaeltachta ar bun ag éileamh aitheantais etc d’earnáil na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta.

  1. Cén ról atá agat féin sa Chomhairle agus cén fhad atá tú sa phost?

Chuaigh mé i mbun dualgais mar Phríomhfheidhmeannach i mí Dheireadh Fómhair 2002. Tá mé freagrach as gach gné d’obair na Comhairle faoi stiúir Chathaoirleach na Comhairle, Breandán Mac Cormaic.

  1. Cén fáth ar bunaíodh an eagraíocht an chéad lá riamh?

Bunaíodh í de bharr riachtanais earnálacha na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta, maidir le téacsleabhair, seirbhísí taca, oiliúint múinteoirí, etc

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an COGG anois?

Duine amháin eile, Aisling Nic Craith, atá ina Feidhmeannach Riaracháin. Tá súil againn duine amháin, ar a laghad, d’iarfhostaithe ITÉ [Institiúid Teangeolaíochta Éireann] a bheith ag obair anseo go luath.

  1. Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá?

réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an COGG? An leor iad?

Déanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maoiniú na COGG a chur ar fáil. Beidh deontas iomlán de €425,000 againn in 2005. Ní leor a bhfuil againn agus tá scéala faighte againn go bhfuil ciste de €300,000 do théacsleabhair a gealladh dúinn á ghearradh siar go €100,000.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

D’fhorbair an COGG plean straitéise do 2003/4 agus baineadh amach formhór na spriocanna a leagadh síos ann.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an COGG?

Laigí: Easpa foirne agus acmhainní.

Láidreacht: Comhoibriú ar bun le heagrais eile atá ag plé le hearnáil na Gaelscolaíochta/Gaeltachta.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an COGG faoi cheann cúig bliana.

Taighde cuimsitheach a bheith déanta ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le héifeachtacht an chórais a mheas. Soláthar iomlán téacsleabhar agus áiseanna teagaisc a bheith ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre. Córas oiliúna a aithníonn riachtanais na hearnála a bheith ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Mar thoradh ar an Acht Teanga agus ar an aitheantas a thugtar anois don chomhionannas, tá súil agam go n-aithneoidh agus go n-éileoidh daoine a gcearta saol agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil gan dua, gan mhoilleadóireacht, gan mhasla agus ar chaighdeán chomh hard le nó níos airde ná an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla.

Tá níos mó eolais le fáil faoin gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag: www.cogg.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.