TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
An Cheathrú Rua
Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Rónán Mac Con Iomaire ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Is baile tábhachtach é an Cheathrú Rua, ó thaobh na Gaeltachta de, agus is níos tábhachtaí a bheidh sé amach anseo, is cosúil.

daonra de 3,365 ann agus níl aon bhaile Gaeltachta in Éirinn chomh mór leis. De réir fhigiúirí an daonáirimh, níl aon bhaile ina bhfuil an Ghaeilge chomh láidir ach oiread.

Agus de réir phleananna Údarás na Gaeltachta, is níos mó agus is níos láidre, ó thaobh na Gaeilge de, a éireoidh an baile. Tá an Cheathrú Rua roghnaithe ag an Údáras mar mórbhaile, nó lárionad, do Ghaeltacht Chonamara, agus tá áiseanna dhá bhforbairt ann dá réir.

Tá sé beartaithe ionad a thógáil ar an mbaile ina mbeidh áiseanna spóirt, amharclann agus linn snámha, agus arú anuraidh osclaíodh leabharlann agus oifigí de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe i gcomhar leis an Údarás.

pleananna forbartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an mbaile freisin. Mar a tharlaíonn sé, tá áis fhíorthábhachtach acu ar an gCeathrú Rua cheana féin, is é sin Áras Mháirtín Uí Chadhain. Chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil do scoláirí ollscoile agus do chuairteoirí chuig an mbaile, cuirtear ranganna oíche ar ábhair éagsúla ar fáil freisin.

Ach tá talamh agus foirgnimh ceannaithe ag an ollscoil i lár na Ceathrún Rua, agus creidtear go bhfuil sé i gceist mionchampas Gaeltachta a thógáil ann.

Forbairt é seo a chuirfeas slacht ar an gCeathrú Rua, ó tharla nach baile é atá leagtha amach ar bhonn struchtúrtha, righin. Is baile é a d’fhás go horgánach, é scaipthe amach thar bhóithre beaga cúnga, iad ar fad beagnach ag teacht chun críche ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh.

Tá an Cheathrú Rua suite ar leithinis, 26 míle siar ó chathair na Gaillimhe, sáite idir Cuan an Fhir Mhóir ar an taobh thiar agus Cuan Chasla ar an taobh thoir. Creidtear gur tháinig ainm an bhaile ón dath “rua” a bhíonn ar raithneach agus ar fhásra eile an cheantair sa bhfómhar.

Tá an talamh sa gceantar lom. Ní mórán saothair atá ar fheirmeoireacht ann seachas eibhear agus portach. Tá níos mó tairbhe le baint as an bhfarraige, idir chaitheamh aimsire (curachaí agus húicéirí na Gaillimhe) agus fhostaíocht (feirmeoireacht bradán, gliomadóireacht agus srl).

Níl aon tuairisc chruinn ar cén uair gur chuir daoine fúthu ar an gCeathrú Rua den chéad uair ariamh. Deirtear, cé nach bhfuil aon chinnteacht seandálaíochta ann, go bhfuil crannóg ar oileán ar Loch an Mhuilinn, an loch is mó in aice leis an mbaile.

Is é Teampall Inis Mhic Adháimh, nó Teampall Mhic Dara, an struchtúr is sine, go cinnte, ar an mbaile. Déantar tagairt dó i leabhar Roderic O’Flatherty, *West or H-Iar Connaught *(1684). Deirtear gurb é Naomh Smochán, as Árainn, a thóg an teampall thar oíche.

In 1880, tharla an eachtra ba shuntasaí i stair na Ceathrún Rua nuair a cuireadh tús ann le Cogadh na Talún. In eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua, bhailigh breis agus 400 duine le chéile, iad ag cur i gcoinne orduithe díshealbhaithe a d’eisigh an Tiarna Talún Kirwan. Tharla troid idir an slua agus an trí scór póilín a bhí ar dualgas. De réir tuairiscí, maraíodh bean amháin san eachtra, agus foilsíodh alt ar an scliúchas sa New York Times.

Ach tá an t-am sin caite. Tá ceisteanna eile ag an gCeathrú Rua le díriú orthu agus is dócha gurb í cheist is mó a tharraing aird ar an mbaile le tamall ná ceist na tithíochta agus stádas na Gaeilge i gcúrsaí pleanála.

Bheartaigh Comhairle Contae na Gaillimhe scéim tithíochta poiblí, ina mbeadh 18 teach, a thógáil ar an gCeathrú Rua sa bhliain 2000. Chuir áitreabhaigh áitiúla ina choinne seo ar an mbonn go gcuirfeadh a leithéid d’fhorbairt as do dhinimic teanga an bhaile. Ní raibh aon chinnteacht ann, a dúradh, gur Gaeilgeoirí a bheadh ina gcónaí sna tithe seo agus, dá réir, go raibh éiginnteacht faoi thodhchaí na Ceathrún Rua mar bhaile láidir Gaeltachta.

Chuaigh an cás chomh fada leis an Ardchúirt anuraidh agus cuireadh stop leis an bhforbairt. Is gá anois go gcuirfí ráiteas tionchair teanga ar fáil má táthar chun teach a thógáil i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tá an dara ceist atá ag cur as do mhuintir an bhaile níos bunúsaí fós. Tá clamhsán dhá dhéanamh le fada faoi sholáthar uisce na Ceathrún Rua. Tagann an t-uisce as Loch an Mhuilinn, an loch is mó sa cheantar, agus loch a bhfuil píopaí séarachais tógtha lena thaobh. Tá cuma dhonn, shalach ar an uisce agus molann dochtúirí an cheantair gan é a ól. Tá soláthar nua uisce geallta, ach, agus ciorruithe rialtais in áit, níl aon dóchas go mbeidh sé ar fáil go gairid.

Fostaíocht

Tháinig feabhas ar chúrsaí fostaíochta ar an gCeathrú Rua sna seachtóidí, nuair a thóg Údarás na Gaeltachta eastát tionsclaíochta ar an mbaile. Tá meath tagtha ar an líon fostaíochta atá dhá chur ar fáil ar an eastát, áfach, agus bhí leithéidí Insilco Technologies ag scaoileadh le daoine anuraidh.

I 1996, osclaíodh oifigí an nuachtáin *Foinse *ar an mbaile. Chomh maith leis an stádas a thugann sé don Cheathrú Rua oifigí nuachtáin náisiúnta a bheith suite ann, cuireann sé fostaíocht mhaith ar fáil, mar a chuireann an comhlacht aistriúcháin Europus, atá lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna. Cuireann siopaí, tithe tábhairne, ionad sláinte, áras na seandaoine agus na scoileanna fostaíocht ar fáil freisin.

Tá fostaíocht mhaith dhá sholáthar ar an gCeathrú Rua ag tionscal na Gaeilge. Chomh maith le hÁras Mháirtín Uí Chadhain, bíonn dhá choláiste samhraidh ag feidhmiú ar an mbaile chun freastal a dhéanamh ar dhéagóirí na tíre. Meallann Coláiste Cholumba agus Coláiste Chiaráin breis agus 1,600 scoláire chuig an gCeathrú Rua thar trí mhí an tsamhraidh, agus deirtear gur fiú breis agus €3,000,000 na coláistí don bhaile.

Meallann na huiscí glana agus an chaoi a bhfuil trá bheag fholamh ag bun mórán chuile bhóithrín ar an mbaile, go leor turasóirí a chuireann le geilleagar an bhaile freisin. Tugtar suntas ar leith do Thrá an Dóilín, trá nach de bhunús gainimh é, ach de bhunús coiréil. Bíonn ceol agus scléip sna tithe tábhairne agus, le dhá óstán agus rogha mhaith tithe lóistín, níl aon easpa leapacha ar an mbaile.

Ó thaobh spóirt de, tá foireann láidir peile tagtha chun cinn ag an gCeathrú Rua ó thús na nóchaidí. Bhain an fhoireann sinsear Craobh an Chontae amach i 1996 agus Craobh Chomórtas Peile na Gaeltachta i 1997. Bhí beirt ón bparóiste, Seán Ó Domhnaill agus Seán Óg de Paor, ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1998 agus bhuaigh an dá Sheán Craobh Peile Éireann arís in 2000.

Ach an oiread le go leor d’iarthar chontae na Gaillimhe, níl aon stair iománaíochta ná club iománaíochta ar an gCeathrú Rua. Tá foireann sacair, Mac Dara, a bunaíodh i 1981, ainmnithe i ndiaidh phátrún an bhaile. Aisteach go leor, imríonn an fhoireann pheile agus an fhoireann sacair ar an bpáirc chéanna, Páirc an Cháthanaigh, atá faoi úinéireacht an phobail. Go deimhin, reáchtáileadh babhta de Chorn Sacair UEFA ar Pháirc an Cháthanaigh i 1986, nuair a bhí FC Groningen na hÍsiltíre in iomaíocht le Galway United. Imríodh an cluiche ann mar nár chomhlíon Páirc Terryland, páirc Galway United, cuid coinníollacha UEFA. Buaileadh na Gaillimhigh 3-1 ar an lá.

Ní ar bhféar amháin a bhíonn muintir na Ceathrún Rua i mbun iomaíochta. Bíonn dhá fhéile mara (curachaí agus báid seoil) ar an mbaile, Féile an Dóilín agus Féile Chaladh Thaidhg, a reáchtáiltear ag tús mhí Mheán Fomhar.

Maidir le cúrsaí cultúir, bhí an t-ealaíontóir Charles Lamb ina chónaí ar an gCeathrú Rua ó na tríochaidí go dtí gur cailleadh é i 1964. Is mac leis an t-aisteoir clúiteach Peadar Lamb.

Sa lá atá inniu ann is é Pádraig Reaney an t-ealaíontóir is cáiliúla ón mbaile, agus tá a shaothar le feiceáil i mbailiúcháin phríobháideacha ar fud an domhain. Chomh maith leis sin, tá sraith dealbh de chuid Edward Delaney le feiceáil ar an gCaorán Mór.

Ó thaobh na hamhránaíochta de, is dócha gurb ar Thomás Mac Eoin is mó atá aithne taobh amuigh den bhaile. Bhuaigh Mac Eoin comórtas sean-nóis an Oireachtais, Corn Uí Riada, i 1967, ach is fearr aithne atá air óna chuid oibre leis an ngrúpa The Waterboys ar a n-albam *Fisherman’s Blues *a eisíodh i 1988.

Is iriseoir le Nuacht TG4 é Rónán Mac Con Iomaire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.