CÚINNE NA nEALAÍON
An ceangal lag idir Éire agus an Bhriotáin
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Rith sé le Colm Ó Snodaigh le déanaí go bhfuil ceangal an-lag idir Éire agus an Bhriotáin ach tá iarracht á déanamh aigesean faoi láthair feabhas a chur ar chúrsaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Alan Stivell

ag cuardach ceoil. Ag éisteacht. Ag fiach. Ag canadh. Ag seinnt. Ag cleachtadh. Ag fiosrú.

Sa charr ag taisteal siar go Chorca Dhuibhne. Timbaland ar siúl agam sa seinnteoir dlúthdhioscaí. An chéad phíosa ceoil ar an albam Shock Value. Samplaí sciobtha aige ó amhrán clúiteach Nina Simone, “Sinnerman”. An-rithim go deo. An-drumadóireacht. Amhrán an-chliste. Tosaím ag canadh amhráin de chuid Rónáin ar a bhfuil muid ag obair faoi láthair. Táimid i bponc beag leis. Táimid á sheinnt ag ceolchoirmeacha ach níl croílár nó atmaisféar an cheoil sroichte againn go fóill, ná baol air. An í rithim seo Timbaland an freagra? Rithim éasca. Rithim damhsa. Rithim diabhlaíochta.


Dom Duff, seanchara ón mBriotáin – bhí sé in Éirinn sular imíos siar go Ciarraí. Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen. Bhí an-oíche agam leo in O’Donoghue’s ar Shráid Bhagóid, i measc aon mheisceoir déag – iad uilig ag amhránaíocht go tréan agus ag éirí níos préachánaí de réir an amhráin agus an phionta. Ní fheadar ar shamhlaigh Dolly Parton riamh go mbeadh a hamhrán “Jolene” mar amhrán aitheantais ag dream mar seo?

Tar éis na hoíche dheineas mo mhachnamh ar an lagcheangal atá ann idir Éire agus ár gcomharsa Cheilteach, an Bhriotáin. An iris Carn (más ann di go fóill), féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, an Fhéile Pan-Cheilteach, bád farantóireachta idir Corcaigh agus Roscoff, eitilt Ryanair idir Port Láirge agus Lorient – níl mórán eile ann, nó sin a bhraitheas ar chuma ar bith.

Tá an-mheas agam ar an gceol agus an damhsa Fest-Noz ach is beag cur amach atá ag muintir na hÉireann orthu sin. Cé mhéad duine, mar shampla, a chonaic sráid lán le daoine, ag breith ar lúidíní a chéile, ag damhsa mar nathair neimhe ollmhór ó bhun go barr na sráide? Nó cé mhéad dínn a bhfuil cur amach aige ar an mbanna Ar Re Youank nó Gwerz nó an t-amhránaí Yann Fanch Kemener?


In Adam’s sa Daingean. Cois fuinneoige ag léamh nuachtáin. Latté leathólta. Fón póca ag buzzáil – teachtaireacht ag teacht tríd chugam. Ceol ar an gcóras fuaime. Sleamhnaíonn m’aigne ón bhfón. Cad é an ceol sin? Dearmadaim na mná is a bpáistí ag cabaireacht in aice liom. An rithim an-chliste. An-drumadóireacht. An-atmaisféar taobh thiar de. Faraor níl tuairim agam cad é. Déanaim beagán de a thaifeadadh ar mo ghuthán ach is ar éigean gur féidir é a chloisteáil nuair a éistim leis níos déanaí. Sleamhnaíonn m’aird chuig an mbean in aice liom ag gearán faoina ceann a bheith ag éirí liath le strus an tsaoil!

An latté ídithe. Tá sé in am bualadh siar go tigh Mharcuis i mBaile Góilín. Níl puinn den gceol fágtha liom.


Agus an Bhriotáin i mo cheann, rugas albam deireanach Alan Stivell liom don turas siar go Corca Duibhne. Explore is ainm dó. Tá sé agam le dhá bhliain anuas ach tá an cóta plaisteach fós air. Níor shroich sé an seinnteoir, áfach, gur thosaíos ar mo thuras ar ais go Baile Átha Cliath!

Anne as Caen a thug a cheol dom ar dtús. Bhíos fiche a haon ag an am – ag obair i dtigh tábhairne don samhradh. Thiteas i ngrá léi. Thug sí caiséid de cheol Alan Stivell dom – b’in uile! Ach a leithéid de cheol! Live Á DublinÁ l’Olympia – a bhanna ar mire le fuinneamh agus sruth gleoite cruthaitheach ag snámh trí gach píosa ceoil.

Chailleas mo dhúil ina cheol roinnt blianta ó shin. Chonaic mé é ag seinnt ag an bhféile Idir-Cheilteach agus bhraitheas go raibh an ceol an-lag. Agus ceithre shamhradh ó shin roinneamar stáitse leis in Ortegueira i dtuaisceart na Spáinne agus bhí an chuma air go raibh sé an-deighilte amach óna bhanna. É sna scamaill agus ag seinnt leis na siógaí.

Agus mar sin ní rabhas ag tnúth an oiread sin leis an dlúthdhiosca seo. Cóiriú an-nua ar an gceol. Leictreonach. Spéisiúil. Agus tar éis dom éisteacht leis d’fhilleas arís agus arís eile chuig an dara rian, “La bas la bas”. Good God, tá an t-amhrán go hálainn. Simplí ach casta. Níos déanaí sa Chlub chuireas ceist ar Dom an raibh puinn maitheasa leis na liricí. Tá!

An mhaidin dár gcionn scríobhas ríomhphost chuig Stivell. Bhíos ag lorg aistriúcháin ar na liricí uaidh. Bhí smaoineamh agam: an t-amhrán a aistriú go Gaeilge. B’fhéidir gur seo nasc beag idir an dá thír ag teacht anois. Tháinig freagra ar ais chugam in imeacht lae – é ag rá go raibh sé chun aistriúchán a sheoladh chugam go luath i Sacs-Bhéarla!


Mé sa charr ar shráideanna fliucha dheisceart na cathrach – rithim agus drumadóireacht amhrán Timbaland agus an ceol in Adam’s dearmadta go hiomlán agam. Mé dírithe ar fhonn agus ar fhocail amhrán Stivell. Ait mar a thagann ceol chugainn!

www.alan-stivell.com

www.domduff.free.fr

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.