AR NA SAOLTA SEO
An ceacht atá foghlamtha ag na polaiteoirí poblachtánacha
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.

Íomhá
Tony Blair agus Bertie Ahern i mBéal Feirste, 23 Márta
Íomhá
Sir Reg Empey ón UUP

Bhí an Taoiseach Bertie Ahern agus Príomhaire na Breataine i mBéal Feirste ar an 23ú lá den mhí seo caite le dlús a chur le próiseas na polaitíochta. Caolseans. Má tá rud ar bith cinnte sa saol seo, is féidir a rá nach mbeidh gluaiseacht ar bith ann ó thuaidh roimh an chéad olltoghchán Westminster eile. Agus ní bheidh Coiste Feidhmiúcháin ag feidhmiú roimh 2006, rud a chuirfidh isteach ar straitéisí an dá rialtas, mar, ag an am sin, beidh an Tionól ar fionraí le ceithre bliana. Ní bheidh tuarastal á íoc leis na MLAs mar ní chuirfidh daoine suas le polaiteoirí a bheith á n-íoc nuair nach bhfuil siad ag obair - seachas iad a bheith ar an dól.

Iontach go leor, tá an díobháil íocaíochtaí sin ag fóirstean do chuid de na páirtithe, an DUP agus go háirithe Sinn Féin. Níor íoc Sinn Féin a gcuid ball in am ar bith. Chuir feisirí s’acu a dtuarastal isteach sa pháirtí agus tugadh liúntais mhaireachtála ar ais dóibh. Ach ó thaobh an SDLP agus an UUP, ní thig lena gcuid feisirí maireachtáil gan ioncam agus beidh orthu sin theacht ar fhoinsí eile. Ciallóidh seo go bhfágfaidh cuid acu an pholaitíocht ar fad. Is rud contúirteach an *"brain drain” *seo don pholaitíocht ar fad ó thuaidh.

Is iar-chomhairleoir de chuid an SDLP ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste é Brian Feeney. Chonaic sé an nós seo roimhe.

“Tá an mheánaicme aontachtach, thar dhream ar bith eile, freagrach as ar thit amach le 30/40 bliain anuas mar nach ndearna siad a gcion féin don pholaitíocht,” ar sé liom. “Bhí siad sásta cibé deontais a bhí ag teacht ón Eoraip agus ón Bhreatain a ghlacadh agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu.”

“Ma amharcann tú ar UUP an lae inniu, cá bhfuil an mheánaicme?” a fhiafraíonn Feeney. “Tá Reg Empey ann, ach cá bhfuil na dlíodóirí, na cuntasóirí, na fir mhóra gnó?”

Deir Feeney go bhfuil an caighdeán ionadaíochta atá ag an phobal aontachtach ag ísliú agus ag ísliú an t-am ar fad. Is cuimhin leis bheith i Halla na Cathrach an chéad uair i lár na 1980í agus bhí siopadóirí agus fir ghnó ann, ach fán am ar imigh sé, bhí siad uilig ar shiúl, beagnach.

“Reg Empey an t-aon duine proifisiúnta a bhí fágtha ar an Chomhairle ar thaobh na n-aontachtaithe,” ar sé.

Le meath na n-aontachtaithe, tá náisiúnaithe ag léimnigh chun cinn.

Tá na toghcháin Eorpacha ag teacht agus toghchán sin Westminster, ach beidh Sinn Féin gnóthach ó dheas fosta - tá toghchán ar na bacáin ansin agus tá siad ag díriú ar sheachtar nó ochtar Teachtaí Dála a bheith acu. B’fhéidir nach mbeadh siad sa rialtas ach d’fhéadfadh siad tionchar mór a bheith acu.

Ceacht tábhachtach

Tá sé 40 bliain i mbliana ó bhí racáin Shráid Duibhise ar siúl, an rud a chuir tús leis na trioblóidí, dar le go leor daoine, agus tá ceacht an-tábhachtach foghlamtha ag poblachtánaigh. Tá sé soiléir go bhfuil dúil ag náisiúnaithe an tuaiscirt sa pholaitíocht phoblachtánach, ach nach maith leo an foréigean poblachtánach.

Mar shampla, i lár na 50í sheas Sinn Féin in 12 dháilcheantar Westminster ó thuaidh, agus sheas na náisiúnaithe siar. Bhuaigh na Shinners suíocháin i lár Uladh agus i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas. Bhí duine de na buaiteoirí, Tom Mitchell, i bpríosún sa toghcheantar as iarracht a dhéanamh beairic na hÓmaí a robáil. Ceann de na conclúidí a dtáinig gluaiseacht na Poblachta air ná gur léirigh an dá bhua seo tacaíocht do “fheachtas na teorann” agus lean siad leo ag scaoileadh agus ag buamáil agus bá an phobail acu, dar leo.

I dtoghcháin 1956 ghnóthaigh siad 152,000 vóta ach in olltoghchán 1959 ní bhfuair siad ach 70,000 nó mar sin vóta.

Bhí an teachtaireacht soiléir. Is maith le náisiúnaithe an pholaitíocht phoblachtánach ach ní maith leo na gunnaí agus na buamaí.

Níor thuig gluaiseacht na poblachta sin go dtí na 1980í, nuair a tháinig McGuinness agus Adams i réim, agus aithníonn siad le hachan chéim siar ón fhoréigean a thugann siad, is amhlaidh is mó vótaí a fhaigheann siad.

Agus tá sin fíor ach go háirithe ó dheas den teorainn. Má thig le hAdams agus a chairde bogadh níos faide ar shiúl ón lámh láidir, tá vista an-phléisiúrtha rompu, ainneoin iarrachtaí Michael McDowell.

Ó thuaidh, ní bheidh dul chun cinn polaitiúil le sonrú go ceann roinnt blianta. Ní féidir a shamhlú go mbeidh an DUP agus Sinn Féin ag roinnt cumhachta taobh istigh d’achar gearr. Tá *mandate *eile de dhíth ar an DUP agus ní thiocfaidh sin roimh an chéad toghchán Tionóil eile.

Caithfidh an DUP turas fada a thaisteal. Nuair a imeoidh Paisley, b’fhéidir go mbogfadh a gceannairí siúd, ach níl a lucht leanúna ullmhaithe acu do réiteach ar bith. Tháinig siad isteach le Sinn Féin a scrios agus le fáil réidh leis an Chomhaontú. An mhí seo caite, bhuail siad le Bertie agus le Tony ag an am chéanna, rud nach ndearna siad riamh roimhe. One small step for man, one giant leap for the DUP.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.