AR NA SAOLTA SEO
An cath caillte ag Trimble
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen go bhfuil an cath caillte ina pháirtí féin, an UUP, ag David Trimble agus gur beag muinín atá ag Rialtas na hÉireann nó ag Rialtas na Breataine as a thuilleadh.

Íomhá
Ceannaire an UUP, David Trimble

“Is leor é le tú a thiontú i do bhiogóid sheicteach a bheith ag éisteacht leis an drong sin,” arsa cara de mo chuid. Ag caint ar phearsanra tábhachtach an UUP a bhí sé, i ndiaidh a gcruinnithe an mhí seo caite inar ghearr siad pionós an bháis ar Chomhaontú Aoine an Chéasta mura ndéanfadh an IRA mar ba mhian le hArd-Chomhairle na nAontachtach. Ós rud é gur duine é mo chara atá go mór in éadan Shinn Féin, bhain a ráiteas stad asam.

Léiríonn a dhearcadh nach iad na *Shinners *amháin atá feargach le David Trimble as an dóigh a láimhsigh sé an próiseas go dtí seo. Anois, tá sé ag iarraidh an ruda nach féidir a thabhairt dó, agus fios aige nach féidir é a thabhairt dó, is é sin, scor iomlán an IRA. Ach deir sé mura bhfaigheann sé é, go dtarraingeoidh sé a chuid airí amach as an Fheidhmenannas ó thuaidh. Deir sé fosta gur le leas an chomhaontaithe atá sé á dhéanamh seo. Loighciúil?

B’fhusa Trimble a thuigbheáil da mbeadh sé cothrom ina bharúlacha. Tá an easpa cothroime le mothú ach go háirithe ina sheasamh ar an fhoréigean dílseach.

feachtas seicteach ag dul ar aghaidh in éadán Chaitlicigh an tuaiscirt le dhá bhliain anuas. Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *ba bheaichte a rá, b’fhéidir, lá i ndiaidh lae.

Mharaigh an UDA daoine mar gur mheas siad gur Chaitlicigh iad. Tá siad páirteach sna círéibeacha seicteacha in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste, ach ní fheiceann Trimble gné ar bith polaitiúil anseo.

“Níl diminsean polaitiúil le foréigean na ndílseoirí,” ar sé an mhí seo caite. “Is ionann foréigean dílseoirí cuid mhór agus caimiléireacht, agus daoine ag iarraidh talamh a chosaint ar mhaithe le coireacht s’acu féin. Caithfidh na péas déileáil leis sin. Ceithre bliana ó shin, dúirt mé go raibh todhchaí mafia á tógáil anseo,” a dúirt sé, agus araile.

Is cinnte go bhfuil dlúthbhaint ag dílseoirí le cúrsaí drugaí le fada an lá. Faoi láthair, tá coimhlint fhuilteach inmheánach ar siúl idir cuid acu. Tógadh ceannaire sinsearach de chuid an UDA lá Chomhdháil na nAontachtach nuair a fuarthas gunna i gcarr a raibh sé ann. Maraíodh Stephen Warnock, ball den LVF agus cara mór le Johnny Adair, in ionsaí de chuid ghunnadóirí an UDA, atá i gcoinne Adair. Scaoileadh duine eile san aghaidh agus tá tuilledh dúnmharithe le theacht, dar leis na fórsaí slándála.

Cúis imní

Ach, is é an foréigean polaitiúil dírithe ar ghríosadh an IRA ar ais chun troda le Comhaontú Bhéal Feirste a scrios atá ag cur imní ar náisiúnaithe. Ní ghlacann Trimble agus an UUP gur ann dá leithéid, ach cad é mar a thig leis an IRA, a tchí é féin mar chosantóir na gCaitliceach, scor nuair atá ionsaithe á ndéanamh ar Chaitlicigh ar bhonn laethúil?

Ba chirte go mbeadh Trimble ag tabhairt aghaidhe ar lucht caite na mbuamaí píopa - chan in áit, ach oiread éagóracha, fíora nó cumtha, an IRA.

Agus sin ráite, buille mór in éadan fheisire Bhanna Uachtaraí a bhí sa chruinniú deireanach. Is léir go bhfuil an cath bainte ag lucht No.

Is féidir a rá gur choinnigh David Trimble a phost i ndiaidh dó féin agus don pháirtí “aontú” ar pholasaithe na n-easaontóirí. Ach má shíleann siad go bhfuil foirmle draíochta acu, ní fada go bhfaighidh siad bolgam réalachais.

Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an “New UUP”, atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair. Tá an bharúil ag scaipeadh fríd Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine féin nach fiú Trimble a shábháil. Ní raibh sé ábalta barúlacha a mhúnlú i dtreo a pholasaithe féin agus chaill sé an cath ina pháirtí féin.

Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.

Tá an UUP ag iarraidh earcaíocht 50/50 don PSNI a stopadh. Tarraingeoidh siad amach as an Bhord Póilíneachta má ghlactar le héilimh Shinn Fein maidir le Patten. B’fhéidir go mbeidh Sinn Féin ag dul isteach nuair a bheas na haontachtaithe ag teacht amach!

Beidh Sinn Féin ag rá nach bhfuil aontachtaithe sásta cothrom na Féinne a thabhairt do náisiúnaithe. Méadóidh a vóta dá réir. (Cá bhfuil Mark Durkan ar an aimsir seo, dala an scéil?)

Beidh an DUP ina seinntoir orgáin, taobh le moncaí an UUP. Méadóidh vóta s’acu. Tchí Dia an UUP mar nár ghlac siad leis an áiméar stairiúil na buanna a thug Comhaontú Aoine an Chéasta dóibh a dhíol lena muintir féin.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.