Bhí deis ag Amanda Reid labhairt le duine de mhná óga na tíre le linn a cuid taistil sa tSiria. Seo mar a tharla.
Naisc:
Bhí an oíche dorcha. Is ar éigean má bhí solas le feiceáil ar an tsráid. Leacracha an chosáin briste, garbh. Mise agus mo chara ag cuardach bialann cháiliúil taobh le habhainn an Orontes. Bhí muid ar strae: crainnte ag clúdach radharc na habhann orainn; an ghaoth ins an duilliúr ag coinneáil fuaim agus boladh an uisce uainn. Chuir muid cluais orainn féin. Níor chuala muid an gleo agus gíoscán na nouria – na rotha móra adhmaid atá in úsáid leis na céadta bliain le huisce a iompar chuig na garrantai… Bhí muid i bponc, agus thuig muid go raibh sé in am filleadh go dtí ceantar na soilse agus na tráchta.
Agus muid ag siúl amach ag ithe san oiche, thug mé faoi deara gur Rúisis a bhí na fir a labhairt linn. Níor thaitnigh sé sin liom. Bhí taithí sa tír ar chailíní ón Rúis a bheith ag cuidiú le costas a gcuid taistil trí sheirbhis a chur ar fáil d’fhir na háite sna hóstáin. Bhi cuid mhaith de na fógraí ar na siopaí agus na hóstáin scríofa i Rúisis dá bharr sin. Ní le feabhas a chur ar mo chuid Rúisise a bhí mé sa tSiria. Mar sin féin, ba bheag an sásamh suí san óstán. San áit sin, bhí doras chuile fhear ar oscailt, iad ag coinneáil súile ar thrácht an staighre, iad a cheapadh nach mbeadh orthu ach bualadh ar mo dhoras go scaoilfainn isteach iad le haghaidh oíche ‘ghrá’.
Inár mBéal gan Smid
Ar an údar céanna, ní raibh fonn orainn treoir a iarraidh ar an gcorrfhear a shiúil tharainn sa dorchadas. Ní raibh muid ag iarradh go bhfeicfí nach raibh tuairim dá laghad againn cén áit a raibh muid. Oíche bhreá luath gan dinnéar, sin é a bheadh ann arís! Sheas muid i leataobh le scata ban a ligean tharainn. Bhí said gléasta faoi bhrait dhubha, agus is ar éigean a chonaic muid iad go dtí go raibh siad taobh linn. Ní raibh le feiceáil ina measc ach cáilín amháin, cóta fada liath uirthi, agus na léinte bána ar an mbeirt lads óga a bhí ag siúl mar ‘gharda’ ar na mná. Lean muid orainn cúpla coiscéim eile, agus lagar ag sníomh orainn le hocras agus le heaspa compóird.
Ní raibh ach deich slat siúlta againn nuair a bhris an cóta liath amach ón scata ban. D’fhógair sí orainn i mBéarla. Chas muid ina treo. Bhí sí thart ar sé bliana déag, í caol tanaí, gan feoil. Ba léir go raibh sí ar bís chun labhairt linn, ach bhí náire uirthi. D’fhan sí leathmheandar agus le cuimhneamh ar a cuid Béarla agus í idir dhá chomhairle. Bhí scairf bhán timpeall ar a cuid gruaige agus a muineál, mar a bheadh ar bhean rialta, agus bhreathnaigh sí amach orainn le díograis. Bhailigh a muintir ar fad tímpeall orainn: Are you lost? May we help? ar sise.
Ní raibh na focla ach ráite aici nuair a bhailigh na mná eile timpeall orainn iad i gcomórtas lena chéile ag iarraidh ar an gcailín ceist eile a chur orainn. Bhí siad mar a bheadh ealta druideanna timpeall orainn. Chiúinigh an cailín ar deireadh, agus d’aistrigh sí na ceisteanna ceann ar ceann. Ní raibh aon ghá le haistriúchan, mar thuig muid na ceisteanna a bheadh á gcur. D’inis muid dóibh cén áit a raibh ár gcuid fear chéile, cé mhéad gasúr a bhí againn, agus cén chaoí ar tharla go raibh muid ag taisteal agus gan fear ar bith in éineacht linn. Bhreathnaigh siad orainn mar a bhreathnófá ar ainmhithe sa sú. Choinnigh siad orthu leis na ceisteanna. Bhí mé lag leis an ocras. Ar deireadh, d’inis siad dúinn an treo a bhí uainn. Ghabh muid buíochas leo agus chas muid le himeacht. Bhí faitíos orainn go mbeadh an bhialann dúnta.
Cuidiú
Chuala muid glaoch eile. Bhí an cailín agus a cuid deirfiúracha ag deifriú inár dtreo. Bhí cead faighte acu teacht in éineacht linn chun an bealach a thaispeáint dúinn. Thug an tsiúlóid deis dúinn ceisteanna a chur faoi shaol cailín óg sa tSiria. Ní minic a bhíonn deis labhairt le bean, agus sin í an chéad uair a labhair mé le bean chomh hóg léi seo. Rug sí greim láimhe orm go sceitimíneach agus d’fháisc lena a brollach í go láidir. Fiche trí bliana d’aois a bhí sí! Bhí iontas orm nach raibh sí pósta. Bhí sí ar an gcoláiste. Bhí fonn taistil uirthi. Ach ní raibh baol ar bith go dtarlódh sin.
- Perhaps, when my brothers are older or I am married, a dúirt sí, I’ll be able to see London. It’s my dream.
Go tobann, tharraing sí anáil:
- I have no present to give you!
- But why should you give us a present?
Dúirt sí dhá fhocal leis na deirfiúracha agus thosnaigh siad uilig ag ransadh a gcuid pócaí. Tharraing sí amach peann plastic pinc agus buí, tissue glan fillte air agus boladh bláthanna.
- Please, a deir sí, It’s all I have!
Lean muid orainn i ngreim láimhe ar a chéile ar nós gasúir scoile. D’inis sí dom go raibh an-spéis aici i gcúrsaí spóirt. Bhí iontas orm. Cén deis a bhí aici anseo?
- In the courtyard of the college. It is hidden by walls. My favourite sport is running.
Bhí pictiúir i mo cheann de na cailíní ag rith thart sa gclós i ngúnaí fada, ar nós cipe cimí.
- Is it true that women in the west can run openly on the streets?
- If they want to!
Las a dá shúil.
- Would you run with me here, on this street? ar sí.
Agus rith muid an caoga méadar deiridh go dtí an bhialann. Bhí sí ag gáire le hiontas agus le háthas, mo láimh i ngreim aici, a cuid sciortaí fada i bhfostú ina dá cois, agus i mo dhá chois féin chomh maith.
Bhí an chéad bhlas faighte aici de ‘shaoirse’ an Iarthair.
Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.