CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
An Bunreacht Bacach
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Chuir John-Paul Mc Carthy leabhar a scríobh John Paul Stevens faoi Bhunreacht na Stát Aontaithe i gcomórtas le dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh in Éirinn ag leathbhric an údair faoin mBunreacht abhus.

Íomhá
John Paul Stevens ina shuí breithimh
(Steve Petteway a tharraing do Chúirt Uachtarach SAM, ar Vicipéid)
Íomhá
Leabhar John Paul Stevens
(Little, Brown & Company)
Íomhá
Robert H. Jackson
(ag Leabharlann Comhdhála SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Cúirt Uachtarach Stáit Aontaithe Mheiriceá
(le 350z33 ar Vicipéid)
Íomhá
Bunreacht na Stát Aontaithe

Is annamh an rud é leabhar cosúil le leabhar tábhachtach John Paul Stevens a léamh. Iarbhreitheamh sinsearach de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe é údar Six Amendments: How and Why We Should Change the Constitution (Little, Brown and Company, 2014) agus is breitheamh é a ceapadh i 1975 nuair a mhol at tUachtarán Gerald Ford é.

Cé gur fear lách séimh é Stevens a labhraíonn go poiblí is go ciúin béasach, ní hintleacht chiúin atá aige ach a mhalairt. Tar éis níos mó ná triocha bliain a chaitheamh ag mion-iniúchadh Bhunreacht na Stát Aontaithe, is maith is eol dó laigeachtaí, tubaistí agus deacrachtaí na cáipéise céanna.

Teastaíonn uaidh sa leabhar seo fuascailt fadhbanna bunreachtúla éagsúla a leigheas. Agus é ag iomrascáil le pionós an bháis i Meiriceá, admhaíonn sé go ndearna sé botún tubaisteach i rith an chéid téarma a chaith sé ar an gCúirt Uachtarach i 1976 nuair a thug sé cead dosna caoga stát an éiric sin a ghearradh ar dhúnmharfóirí speisialta dá mba rud é gur chuir na stáit rialacha speisialta i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint. D’éirigh leis na stáit na rialacha sin a mhaolú tar éis 1976, agus más ea, méadaíodh líon na ndaoine a cuireadh chun báis, rud a ghoill go mór ar Stevens. I 2008, scríobh sé go poiblí mar gheall ar an mbotún a rinne sé agus mhínigh sé:

The enactment by most state legislatures of statutes authorising sentences of life imprisonment without the possibility of parole has eliminated one justification for the death penalty [slandáil an phobail] and so reduced the significance of another [eagla a chur ar dhúmharfóirí sa todhchaí] that it barely passes the rational basis test.

Ag Maíomh as Bunreacht

Ní maith le breithimh a gcuid botúin a scagadh go poiblí - an ndearna aon bhreitheamh Éireannach é seo le déanaí? - agus sin ceann des na buanna is tábhachtaí i leabhar Stevens. Déanann formhór na mbreitheamh Éireannach ár mbunreacht a adhradh nuair a labhraíonn siad go poiblí. B’é Brian Walsh againne a mhaígh i 1987:

nowhere in the world is the right to personal liberty more fully protected than under the Irish Constitution’,

áiteamh a thug meas madra do chearta daoine homaighnéasacha, mná a bhí ag iompar clainne de dheascaibh ionsaí gnéis, nó d’íocóirí cánacha nár thug cead don Stát a gcuid airgid a thabhairt do fhorais chreideasa. Cloistear port maíteach Walsh i scríbhneoireacht breithimh níos óige, Gerard Hogan san Ard-Chúirt, fear a rinne gearán le déanaí mar gheall ar líon na ndaoine sa phoblacht nár thaispeán meas a dhóthain do Bhunreacht na hÉireann. Chuir sé i gcoinne na

all-too-typically Irish’ characteristics of negativity, a lack of self-belief and civic pride in our own institutions and achievements.

Ní foláir nó go dtugann leabhar Stevens misneach do shaoránaigh na poblachta nach féidir éachtaí speisialta Bhunreacht na hÉireann a aithint, ach go háirithe tar éis an íde fhuarchúiseach a tugadh do Marie Fleming an bhliain seo a d’imigh tharainn. Agus smaointí Stevens i leith chóras toghchánaíochta Mheiriceá agus fadhb phráinneach na ngunnaí sa Tarna Leasú á dhíleá, ritheann sé lena léitheoirí nár chóir do bhreithimh chumhachtacha iarracht a dhéanamh an daonra a chur fé gheasa meas a thaispeáint do cháipéisí seanda bacacha. Is sláintiúla ar fad traidisiún éirimiúil ‘diúltach’ Stevens ná cur chuige Walsh agus Hogan a bhí, agus atá fós, bunaithe ar thírghrá agus ar mhothúchán a dhearbhaíonn gur córas dleathach speisialta é an córas Éireannach.

Is féidir taibhsí éagsúla a bhrath i leabhar Stevens. Ar an gcéad dul síos, léiríonn na sé cheartúchán a mhol sé do Bhunreacht na Stát Aontaithe sotalacht agus muinín William Lloyd Garrison, an t-abhcóide iontach a chur i gcoinne na sclábhaíochta sna 1850idí, agus a ndéarfadh le gach éinne a mhol bunreacht Washington, Adams agus Jefferson ná raibh ann ach ‘a Covenant with Death, an Agreement with Hell.

Fág Faoi na Glúnta Aníos

Tar éis do Stevens na botúin go léir a rinne na Founding Fathers a bhreacadh, is féidir íomhá corraitheach Robert H. Jackson a fheiceáil arís. B’é Jackson an breitheamh a thug rabhadh dá chomhghleacaithe gan an iomad béime a chur ar fhoinsí stairiúla agus brí na bhforálacha éagsúla á lorg ag glúin eile. Scríobh seisean gurbh ionann na foinsí stairiúil sin agus:

almost as enigmatic as the dreams Joseph was called upon to interpret for Pharaoh.

Muna mbíonn na Meiriceánaigh in ann smaointí Madison i leith an t-idirlíon a thuiscint nó smaointí Abraham Lincoln i leith ‘affirmative action’ sna hollscoileanna, is amhlaidh an scéal linne ó thaobh chuspóirí de Valera, an Ardeaspaig Mc Quaide, John Hearne nó Maurice Moynihan de, ailtirí an bhunreachta againne. Ach ní hionann John Paul Stevens le Gerard Hogan. Ceapann Hogan gur léir agus gur luachmhar cuspóirí na ndaoine seo ós na tríochaidí. Scríobh sé i gcás amháin i 2010:

The theory of popular sovereignty for which Griffith argued and Pearse fought and Collins died and de Valera spoke and Hearne drafted and Henchy wrote and Walsh decided has become our own constitutional cornerstone.

Déarfadh breitheamh cosúil le Stevens nách féidir linne argóint Uí Ghríofa, cath an Phiarsaigh, ná aithisc de Valera a thuiscint i ndáiríre ós rud é nach féidir le glúin amháin glúin eile a chur fé gheasa. Sin príomhéacht Stevens sa leabhar bríomhar seo.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.