AR NA SAOLTA SEO
An bhFuilimid Ullamh leis na Maidhmeanna a Úmachan?
Tomás Ó hAodha Tomás Ó hAodha

Thiocfadh le hÉirinn a bheith ina ceannródaí cruinne i dteicneolaíocht agus i ndéantúsaíocht úrnua achar gairid blianta nó mar sin, dar le Tomás Ó hAodha. Caithfear luí isteach anois i gceart ar an taighde agus an bonneagar cuí a chruthú chuige sin lenár ndeis a thapú.

Ag féachaint ar an léarscáil d’Éirinn os mo chomhair, b’fhurasta a shamhlú gur píosa d’ealaín teibí é. San áit a mbeifí ag súil le goirme na farraige, tá an tAigéan Atlantach ina mheascán de dhathanna gan choinne - buí, oráiste, agus dearg san áireamh. Geallann na dathanna aduaine seo deireadh ár n-andúile i bhfoinsí fuinnimh allmhairithe, mar is íomhá dath bréige é seo a léiríonn cumhacht na dtonn timpeall chósta na hÉireann. Is léir ó na dathanna gléineacha gur mór an acmhainn atá i gceist, ach caithfimid modh a shaothraithe a fhoghlaim.

Tá cuid de na hacmhainní tonnfhuinnimh is fearr ar domhan ag Éirinn, agus de réir taighde atá déanta ag Fuinneamh Inbhuanaithe na hÉireann / Sustainable Energy Ireland, SEI, is féidir, go feidhmiúil, 2.4GW a ghiniúint ó na tonnta sin. Thabharfadh sé sin deis dúinn fuinneamh glas a onnmhairiú trí idirnascairí aibhléise idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, cosúil leis an gceann atá chun dul i gcrích i 2012, agus b’fhéidir ar aghaidh go dtí Mór-Roinn na hEorpa amach sa todhchaí.

Nuair a smaoinítear ar chumhacht gaoithe, ritheann íomhá shoiléir linn go léir - túr breá ard le lanna fada ag rothlú ar a bharr. Ach níl an earnáil thonnfhuinnimh socraithe ar aon teicneolaíocht amháin fós, agus ina áit tá dreamanna éagsúla ag tástáil meascán leathan de mhodhanna oibriúcháin - i ndáiríre ní lia comhlacht ná teicneolaíocht! I measc na gcomhlachtaí Éireannacha, fágaim, baineann Wavebob úsáid as bulla mór, le páirt amháin de a shnámhann ar dhromchla an uisce agus páirt eile de a luíonn síos faoin uisce. Bogann an bulla iomlán suas agus síos leis na tonnta, agus tiomáineann an dá phíosa slata loine eatarthu a ghineann an aibhléis. Ansin tá teicneolaíocht go hiomlán difriúil eile arís ag OceanEnergy, a bhaineann úsáid as na tonnta chun aer a bhrú trí thuirbín chun an leictreachas a ghiniúint.

Méar ar Eolas ag an Danmhairg Dúinn

buntáistí agus míbhuntáistí ag gach teicneolaíocht, agus ní féidir a rá fós cé leis a mbeidh an lá. Ach tuigeann na comhlachtaí go léir go bhfuil Éire anois, ó thaobh earnáil an thonnfhuinnimh de, in áit sainiúil, an áit ina raibh an Danmhairg fiche bliain ó shin. Ag an am, ní raibh fuinneamh gaoithe ach ag tús a shaol, ach ó shin i leith d’fhorbair an Danmhairg an tionscal tuirbín gaoithe is mó ar domhan. De réir John Keating, stiúrthóir tráchtála ag OceanEnergy, tá deis ag Éirinn na mílte post a chruthú san earnáil, ach ós rud é go dtiocfaidh 71% de na poist sin ón réimse déantúsaíochta, tá sé tábhachtach go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta ó thaobh cúrsaí nuálaíochta de, in áit a bheith ag brath ar an teicneolaíochta sin mar úsáideoir.

comharthaí ann go dtuigeann an rialtas an tábhacht seo chomh maith. De réir taighde atá déanta ag EirGrid, éireoidh le hÉirinn a sprioc uaillmhianach 40% den leictreachas iomlán na tíre a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020. (Caithfear a rá, áfach, go bhfuil foinsí eolacha san earnáil buartha nach mbeidh an bonneagar cuí againn in am.) Deir an rialtas go mbeidh, faoin dáta céanna, 500MW den fhuinneamh sin ag teacht ó fhoinsí farraige, tonnfhuinneamh san áireamh. Tá Aonad Forbartha Fuinnimh Aigéin (Ocean Energy Development Unit) curtha ar bun acu chun cúrsaí a chomhordadh, agus tá scéim dheontais ann do thionscadail taighde. Gheall an rialtas chomh maith go mbeidh praghas seasta sách ard (€220) ar gach meigeavatuair, chun go gcuirfí borradh faoin tionscal óg.

Breith ar an Uain ar an Urla

Cuireann Andrew Parish, príomhoifigeach feidhmiúcháin Wavebob, fáilte roimh an straitéis seo, ach cáineannmoille an chur i bhfeidhm. Luann sé go bhfuil cheana féin ceadúnais ghiniúna 1.2GW ceadaithe ag rialtas na hAlban do thionscadail fhuinneamh aigéin, agus níl Éire fós ag an bpointe sin, ná baol air. Léiríonn sampla na hAlban an comórtas géar atá ann idir na tíortha a bhfuil acmhainn luachmhar na dtonnta acu. Chomh maith leis na ceadúnais Albanacha a luadh cheana, tá suíomh tástála fuinnimh aigéin lánscála (Full-scale ocean energy test site) acu le fada, agus cé go bhfuil suíomh tástála na hÉireann á fhorbairt siar ó chósta Bhéal an Mhuirthead faoi láthair, níl ann ag an bpointe seo ach bulla monatóireachta.

duais luachmhar ann don té a d’éireodh leis fiú céatadán beag d’fhuinneamh na dtonnta a bhaint astu. Ach seo scéal beag chun cur i gcuimhne dúinn uilechumhacht na farraige, agus cé go mbainimid leas aisti, ní bheidh smacht againn uirthi go deo. In 1861 bhuail tonn teach solais ar Oileán sa Tuaidh (Eagle Island), oileán nach bhfuil suite rófhada ó shuíomh tástála fuinnimh na hÉireann. Briseadh na fuinneoga i seomra an tsolais féin in uachtar tí, agus tháinig an méid sin uisce isteach is nárbh fhéidir le foireann an tí solais an doras a oscailt ag bun an túir gan poill a tholladh ann, leis an uisce a scaoileadh amach ar dtús. Tá an teach solais ar barr aille atá 133 troigh ar airde, agus tá an túr féin 87 troigh ar airde arís. Ciallaíonn an dá rud gur theilg barr na toinne uisce 220 troigh ar airde ar a laghad. Bí ag caint ar fhuinneamh na farraige!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.